Tá trácht ag Ciara Nic Gabhann ar ealaíontóir a chaith a óige i gcampa sclábhaíochta agus a gabhadh arís dhá mhí ó shin mar gur fear gan feancadh é, Ai Weiwei. Sheas sé an fód.
Tá dhá mhí imithe ó gabhadh an t-ealaíontóir easaontach Síneach Ai Weiwei agus é ar tí eitleán a fháil ó Beijing go Hong Kong. D’eisigh údaráis na Síne ráiteas le rá go raibh sé faoi scrúdú acu mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, ina measc calaois chánach. Tá a mhuintir is a chairde den tuairim, áfach, gur tógadh é mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí polaitiúla agus sóisialta.
D’éirigh lena bhean chéile, an t-ealaíontóir, Lu Qing, dul i dteagmháil leis i ndiaidh dó a bheith sé seachtaine bailithe as amharc na ndaoine. Dheimhnigh sí go raibh sé ina shláinte, in ainneoin na ráflaí uafásacha a bhí ag dul timpeall go ndearnadh céasadh intinne agus coirp air, ach dhearbhaigh sí go raibh sé faoi bhrú intinne.
Tá agóidí déanta ar a shon ag rialtas na Gearmáine chomh maith le rialtais Shasana agus Mheiriceá. Tá ealaíontóirí agus dánlanna ar fud an domhain ag múscailt feachtais le haird a tharraing ar a scéal agus i measc na suíomhanna éagsúla idirlín atá ag tacú leis, déanann an láithreán atá cruthaithe ag a chairde, freeaiweiwei.org., tagairt d’achan rud a bhaineann lena scéal sna meáin cumarsáide.
Ina ainneoin seo ar fad, níl nuacht ar bith ann faoi agus tá sé go fóill faoi bhagairt agus gan aon chosaint ina aghaidh. D’imigh dlíodóir Ai Weiwei as amharc ar feadh cúig lá i ndiaidh dó a bheith gafa agus faoi láthair níl dlíodóir ar bith eile aige le huiríoll a dhéanamh ar a shon.
Aos Ealaíne gan Náire
Chaith Ai Weiwei a óige i gcampa sclábhaíochta, nuair a cuireadh a athair, an file Síneach Ai Qing ansin le linn Réabhlóid an Chultúir i 1958. D’fhill an teaghlach go Beijing arís i 1975 agus is dócha go ndeachaigh an tréimhse seo go mór i bhfeidhm air, mar gur bheartaigh sé seasamh a ghlacadh ar son na saoirse.
‘Is cuma cad a tharlaíonn,’ a scríobh sé ina bhlag, ‘ní thig le rud ar bith stad a chur le roth na staire, a éilíonn saoirse agus daonlathas’.
Chaith Ai Weiwei a chuid fichidí i mbun ealaín avant garde i Nua-Eabhrac agus nuair a d’fhill sé ar ais ar an tSín, mar gheall ar a athair a bheith tinn, thosaigh sé ag baint clú amach dó féin mar ealaíontóir turgnamhach agus mar dhearthóir ailtireachta. Bhí lámh aige i ndearadh Staid Náisiúnta Beijing do na Cluichí Oilimpeacha i 2008 – tionscadal a thuill go leor aitheantas conspóideach dó, nuair a d’ionsaigh sé ealaíontoirí a bhí ag tacú leis na Cluichí ag rá go raibh siad mímhorálta, gan náire.
Dúirt an péintéir Beilgeach, Luc Tuymans, gur thug sé comhairle d’Ai Weiwei roimhe seo a chloigeann a choinneáil síos nó an tSín a fhágáil, ach shocraigh sé gan ceachtar acu sin a dhéanamh. “Cad a thig leo a dhéanamh dom? Tada.” a scríobh sé ina bhlag i 2009, “B’fhéidir go dtiocfadh leo mé a tharraingt as amharc agus duine fuadaithe a dhéanamh díom, ach níl an chruthaíocht nó an tsamhlaíocht sin acu.”
Is duine é Ai Weiwei a úsáideann a stádas mar ealaíóntóir, dearthóir ailtireachta, agus tráchtaire sóisialta chun aird a tharraing ar an easpa daonlathais atá ina thír dhúchais féin agus le brú a chur ar an deachtóireacht Shíneach a bheith níos fulangaí.
Ina chur i láthair ‘Ag cuimhneamh’ (2009), a rinne sé do Haus der Kunst i Munich, chroch sé 9,000 mála scoile ar bhalla leis an abairt ‘Mhair sí go sona ar feadh seacht mbliana ar an domhan seo’. Dúirt sé gur tháinig an smaoineamh chuige an píosa seo a chruthú i ndiaidh an crith talún a tharla i Sichuan i 2008 agus chonaic sé scoil a bhí i ndiaidh titim isteach uirthi féin. Ní raibh fágtha ach málaí agus ábhair scoile na ndaltaí mar fhianaise go raibh siad riamh ansin …an fhirinne curtha i bhfolach leis an bholscaireacht a rinne an stát faoi.
Tharraing sé grianghraf de féin i 1995 ag ligint do shíothal ársa ó ré Ríshliocht Han titim óna lámha, agus briseadh ina smidiríní ar an urlár. Ceistíonn sé an neamhaird a dhéantar ina thír féin, ní hamháin ar chúrsaí stairúla, ach ar bheatha daoine chomh maith.
Deir an saineolaí dlí Sineach, Jerome A. Cohen ó Ollscoil Nua-Eabhrac go bhfuil géibheann Ai Weiwei mídhleathach fiú de réir dhlí na Síne féin, agus más féidir duine chomh cáiliúil leisean a ghabháil agus a chur faoi ghlas, cén chosaint atá ag an ghnáthshaoránach Síneach?
Is díol suntais é gur osclaíodh an iarsmalann is mó ar an domhan i gCearnóg Tiananmen díreach sular gabhadh Ai Weiwei. Ba thionscadal comhoibríoch idir an tSín agus an Ghearmáin é agus, íorónta go leor, is é Ré na hEagnaíochta an t-ainm atá ar an chéad taispeántas a chosain €10 milliún le láithriú.
Tá eagla ar mhuintir Beijing freastal ar an iarsmalann, áfach, agus is beag freastal atá déanta ar na salons agus ar na cainteanna a bhaineann leis an taispeántas, de réir na dtuairiscí. I ndiaidh ghabháil Ai Weiwei, d’éiligh rialtais go leor, an Ghearmáin ina measc, go ndruidfí an taispeántas ach thit na héilimh seo ar chluasa bodhara sa tSín.
Is docha nár bhog an taispeántas seo, Ré na hEagnaíochta, croí údaráis na Síne go fóill, ar údar nach dtuigeann siad féin, b’fhéidir.