Chonaic Ciara Nic Gabhann droichead coisithe á oscailt le gairid mar a bhfuil an saothar ealaíne ollmhór, an Móinéar Balbh, anois, i nDoire Cholm Cille.
Bhí an dá thaobh den Fheabhal, an abhainn fhairsing álainn, a shníonn a bealach go réidh trí chroílár chathair Dhoire, dubh le daoine idir Chéad-Airí Tionóil, an Taoiseach, duaiseoir Nobel, maithe móra Choimisiún na hEorpa agus slua ollmhór de mhuintir ghealgháireach na cathrach, iad uilig i láthair ag oscailt oifigiúil an droichid coisithe nua, a bhfuil an t-ainm Droichead na Síochana tugtha ag an phobal air.
Ba é Coimisineir na hEorpa, An tUasal Johannes Hahn a d’oscail an droichead suaithinseach seo agus dúirt sé go raibh sé mar sprioc ag an Aontas Eorpach tacú le muinitir Thuaisceart Éireann ina n-iarrachtaí chun maireachtáil le chéile ar bhonn síochánta. “Silim go gcuideoidh an droichead seo go mór le muintir Dhoire / Londonderry an sprioc seo a bhaint amach” a dúirt sé, ag rá fosta go raibh sé ag dúil go spreagfadh sé níos mó imeascadh trasphobail sa chathair agus go dtacódh sé leis an bhorradh chun athmhúintearais i measc phobal na cathrach, agus go mbeadh sé sin ina eiseamláir shuntasach do phobal an Tuaiscirt i gcoitinne.
I measc na n-imeachtaí a bhí mar chuid de dheasghnáth na hoscailte, bhí claisceadal de 600 gasúr ó scoileanna éagsúla fud fad na cathrach, a tháinig le chéile ar an droichead ón dá bhruach le tús a chur leis. Chomh maith leis sin, bhí dreamanna ag seinm ceoil de gach cineál ar fud lár na cathrach, taispeántas tinte ealaíne agus an seoladh oifigiúil den phíosa ealaíne poiblí is mó ar oileán na hÉireann - An Móinéar Balbh.
Ní Saill gan Fiacha É
Thosaigh an tionscadal físiúil seo ocht mí dhéag ó shin, agus ba cheann de na tionscadail is suaithinsí é, a fuair tacaíocht faoi Chiste Forbartha Réigiúnach na hEorpa de Chlár na Síochána III 2007-2013. Tógadh é ar chostas £14.6 milliún agus tá sé 312m. ar a fhad - chomh fada le dhá pháirc peile go leith i gceann a chéile. Baineadh feidhm as 1,000 tonna cruaiche sa tógáil – an méid céanna a rachadh isteach i 143 bus dhá stór.
Rinne an comhlacht ailtireachta Wilson Eyre an dearadh agus tá an cruth cosúil le S mór déanta as cruach, a chasann ó thaobh amháin go dtí an taobh eile agus a sheasann do dhá lámh ag síneadh amach i gcaradas trasna na habhainn.
Duirt Iar-Cheannaire an SDLP agus an duaiseoir Nobel, John Hume, gur rud iontach atá ann droichead a bheith ag an chathair do choisithe amháin agus nárbh iontach an radharc na mílte a fheiceáil amuigh ar an dá thaobh le fáilte a chur roimh an togra.
Bhí an Taoiseach Enda Kenny, an Chéad Aire Peter Robinson, an Leas-Chéad Aire Martin Mc Guinness chomh maith le Aire Forbartha Sóisíalta an Tuaiscirt, Nelson McCausland agus Méara na Cathrach, Maurice Devenney ar na chéad daoine a shiúil anonn an droichead. Dúirt an Taoiseach Kenny gur lá mórtais a bhí ann don chathair gan amhras agus ghuigh sé go bhfeicfí é mar thuar ar an athrú mór chun feabhais a bhí ag tarlú cheana féin sa chathair ársa seo.
An tSeanbheairic
Freastlóidh an droichead ar lucht rothair chomh maith le coisithe agus síneann sé ó Chearnog an Guildhall ar an bhruach thiar, áit a gcónaíonn formhór Chaitlicigh na cathrach go dtí Beairic Ebrington, seanbheairic de chuid Arm na Breataine atá i seilbh an phobail anois, ar an bhruach thoir, áit a bhfuil an chuid is mó den phobal Protastúnach ina gcónaí. Go tobann anois, is cuid de lár na cathrach an bheairic seo.
Beidh le feiceáil cé bheidh sásta an droichead a úsáid sa deireadh thiar thall, nuair a chuirtear san áireamh go gcaitheann formhór an dá traidisiúin saol measartha scartha óna chéile ó thaobh sráideanna, scoileanna, imeachtaí spóirt agus eaglaisí de. Nil seicteachas ina fhadhb ollmhór i nDoire ach, mar sin féin, tá sé mar aidhm go gcuideoidh an droichead seo leis an chaidreamh i measc na 110,000 saoránach sa chathair a láidriú.
Cuireadh fáilte chroíúil don chuid is mó roimh an togra ach ag an am chéanna bhí roinnt a mhothaigh go raibh sé róchostasach agus go bhféadfaí an t-airgead a chaitheamh ar bhealaí níos tairbhí. Daoine eile den tuairim nach bhfuil ann ach ‘nuaigín’ a gcaillfidh daoine spéis ann de réir a chéile agus nach mbeadh daoine in innimh sean-nósanna a bhriseadh agus dul trasna go dtí an taobh eile den abhainn agus isteach i gceantar ‘coimthíoch’.
Ach cheana féin, tá pleananna móra á mbeartú don tseanbheairic le hiarsmalann mhara, ionaid taispeántais, dánlann agus le mórionad siamsaíochta. Is ann, cuirim i gcás, a bheidh go leor de na himeachtaí do Chathair an Chultúir in 2013. Cá bhfios nach bhfeicfidh muid Oireachtas na Gaeilge ar ais i nDoire go fóill agus roinnt dá chuid imeachtaí á reáchtáil i seanbheairic de chuid Arm na Breataine? Is ait an buachaill an saol.