Bhí Eilís Ní Dhúill i láthair nuair a seoladh an leagan Gaeilge den scannán The Pipe ag Club Scannáin Sailearna ag tús na míosa.
Stiúrthóir: Risteard Ó Domhnaill
Léiritheoir: Rachel Lysaght
Eagarthóirí: Nigel O’Regan agus Stephen O’Connell
Cliar: Pat (The Chief) O’Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir
Fad: 60 nóiméad
Mar iareagarthóir físe, deirimse leat nach in éad le Nigel O Regan a bhí mé nuair a chuala mé an líon uaireanta an chloig de bhuntéip a leagadh os a chomhair; 400 céad! Tá ardmheas tuillte aige as an tsúil ghéar agus as an máistreacht theicniúil atá léirithe aige sa scannán An Píopa. Tá moladh ag dul dó freisin as an gcrógacht a thaispeáin sé agus é ag cur ina luí ar an stiúrthóir agus ar an bhfear ceamara Risteard Ó Domhnaill, gur fearr dó féin a bheith ina thost! Dar ndóigh, tá moladh ag dul don stiúrthóir a ghlac leis an gcomhairle chéanna agus a thuig an luach a bhí aimsithe aige, ní hamháin san eagarthóir seo agus ach sna carachtair áitiúla, Pat (The Chief) O Donnell agus Willie Corduff.
Cé go mbaineann an scannán seo le pobal beag tuaithe ar imeall an Atlantaigh ar chósta iarthar na hÉireann, is scéal domhanda é an caidreamh atá ag pobail bheaga le tionscal an ola. Is tráthúil é mar scéal freisin a bhuíochas do thubaiste thragóideach eile a tharla níos lú ná bliain ó shin. Phléasc rige ola de chuid BP i Murascaill Mheicsiceo ar an 20 Aibreán 2010 agus maraíodh 11 fear ann. Le cois tubaiste an anbhás a fuair na créatúir sin, tuairiscítear gur sceith idir 50,000 agus 60,000 bairille d’amhola amach san fharraige in aghaidh an lae ar feadh trí mhí ina dhiaidh sin. Áirítear an eachtra seo ar cheann de na timpistí timpeallachta is measa riamh agus de réir saineolaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tá impleachtaí fadtéarmacha ann don timpeallacht agus do phobail chósta áit ar bith a dtarlaíonn doirteadh ola san fharraige. Dar ndóigh, ní scéal é seo a bhaineann le muintir Mhurascaill Mheicsiceo nó le tionscal an ola amháin. Ar fud an domhain tá pobail ag brath ar na hacmhainní aiceanta atá mórthimpeall orthu le slí bheatha a bhaint amach. I bpobal Ros Dumhach, tháinig Ó Domhnaill ar phobail atá beo ar an talmhaíocht agus ar an bhfarraige.
Croílár an Scannáin
Is taifead luachmhar é an scannán seo ar shaol sóisialta mhuintir na háite i gceantar Gaeltachta in Iarthuaisceart Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann ag tús na mílaoise seo. Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún. Fuarthas cead ón Stát an píopa a leagan mar chuid den phríomháidiú leanúnach atá á dhéanamh acu ar acmhainní aiceanta na tíre. Bheifeá ag súil go ndéanfadh an Rialtas ionadaíocht mhaith ar son an phobail, go ndéanfaidís an conradh is fearr maidir le hacmhainní na tíre agus nach dtiocfaidís ar aon réiteach a mbainfeadh, nó go bhféadfadh baol sláinte a bheith ag baint leis. Is scéal eile, áfach, a insítear sa scannán seo.
Is iad Pat ‘The Chief’ O Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir, an ‘tallann’ sa scannán. Dá gceapfaí Liam Neeson, Brendan Gleeson nó Pierce Brosnan féin mar phríomhaisteoirí, ní bheadh an scéal chomh cumhachtach ná chomh inchreidte is atá. Tugtar spléachadh dúinn ar an bhfrustrachas, ar an easaontas, ar an bhfearg agus ar an drochtheanga a thagann chun cinn nuair a sheasann an chosmhuintir an fód i gcoinne chórais an stáit agus ollchomhlachtaí idirnáisiúnta. Is é an léargas pearsanta ionraic a thugann Corduff agus O Donnell ar an gcaoi a ndeachaigh imeachtaí le deich bliana anuas i bhfeidhm orthu go pearsanta, ar a dteaghlaigh agus ar an bpobal trí chéile, a mheallann na sluaite isteach ó cheann ceann na tíre arís agus arís eile agus a ghnóthaíonn gradam i ndiaidh gradaim don scannán.
An Muintearas
Taispeánadh an scannán seo go poiblí den chéad uair mí Iúil 2010 ag Film Fleadh na Gaillimhe. Tar éis dó duais an scannán faisnéise is fearr ag an bhféile a bhuachan thaistil sé go Toronto Ceanada, áit ar ghlacadh leis go fáiltiúil.
Trí am a chaitheamh ina measc agus an bóthar a shiúl leo ar feadh trí bliana, déanann Ó Domhnaill muintearas leis na fir seo. Éiríonn leis blaiseadh dá saol pearsanta teaghlaigh agus dá gcaidreamh leis an bpobal áitiúil a cheapadh ar fhís, iad sásta labhairt amach go neamheaglach gan náire ar an mbriseadh croí agus ar an íobairt phearsanta atá fulaingthe acu. Bhainfeadh an tagairt a dhéanann Corduff don chithréim dhomhain ghoineach atá fágtha, dar leis, ag na himeachtaí seo ar phobal beag tuaithe, deor as cloich, lorg a mhairfidh, dar le Corduff, ar feadh na nglún agus a chuirfidh comharsana agus clanna in adharca a chéile go ceann i bhfad.
Thar rud ar bith eile éiríonn leis an scannán seo an teacht aniar agus an greann atá sa bheirt charachtar seo, Pat O Donnell agus Willie Corduff, a léiriú. Roghnaíodh iad, is cinnte, mar gur beirt iad a mhúsclódh comhbhá an lucht féachana. Is beirt iad a bhfuil a macasamhail ar fáil i ngach paróiste tuaithe sa tír. Ní gá ach cuimhneamh ar Willie Corduff, gléasta ina gheansaí olla agus a bhuataisí rubair, é ina shuí i dtóin an veain ag ól tae agus ag ithe brioscaí é ag cinntiú nach bhfuil dearmad á dhéanamh ag na mná ar na fir eile a dteastódh cupán tae uathu freisin. Cuireann sé m’uncail lá Chluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i gcuimhne dom; an teirmeas, an cáca baile, an t-im agus an punt liamháis caite in airde ar dhíon an chairr aige, é ag baint suilt as a chuid, fear chéile a dheirfiúr taobh leis, náirithe, ag guí nach bhfeicfeadh sé duine ar bith dá lucht aitheantais. Nó, an tseoid eile de radharc ag deireadh an scannáin: a chuid ráite ag Pat O Donnell, tugann sé cuireadh ar ais chuig an teach don fhear ceamara agus stiúrthóir, Risteard Ó Domhnaill; “You’ve enough. Are you coming for a cuppa tae”, ag casadh a dhroim leis agus ag siúl uaidh suas an ché, “come on, ya fecker ye, you’ll come up for a cuppa tae”.
An Chaint a Scaoileadh Amach
Is é an cumas atá ag Ó Domhnaill na mothúcháin seo a mhúscailt ionat, tú a chur ag gáire mar gurb é d’athair nó d’uncail nó do chomharsan a fheiceann tú os do chomhair, an ghné is láidre den scannán seo. Ní luaithe a bheifeá ag gáire leis ná ag sileadh deor mar gheall ar a scéal.
Má tá locht ar bith agam ar an scannán is é an easpa macnaimh atá déanta ag an gcomhlacht léiriúcháin ar an leagan Gaeilge. Feictear domsa gur mar iarsmaoineamh a cuireadh agallamh le hiníon le Micheál Ó Seighin, Bríd, isteach nó chun coinníollacha TG4 a chomhlíonadh. Ní chuireann sé leis an scannán ar aon bhealach. Ní thagann an dá stíl le chéile, stíl an agallaimh fhoirmeálta le Bríd agus an stíl scaoilte neamhfhoirmeálta a chleacht Ó Domhnaill agus é ag ligean do Corduff agus do O Donnell a scéal a insint ar a mbealach féin, stíl a ghnóthaigh gradaim agus stíl atá le moladh.
Mar dhráma faisnéise, tá ardchaighdeáin léiriúcháin ann, le scannánú ón aer a scaoileann rún áilleacht thírdhreach Dhú Chaocháin i dtuaisceart Mhaigh Eo, radharc ar eachtraí a mbeidh do dhá shúil sáite iontu agus carachtair bheo bheathacha ón saol fíor a chuirfeas deann síos tríot lena misneach.
Mar scéal pobail, bhrisfeadh sé do chroí. Tá an dochar déanta.
Bhí cur is cúiteamh i ndiaidh léiriú an scannáin ar 2 Feabhra 2011 i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara. Bhí Mícheál Ó Seighin, duine de ‘Chúigear Ros Dumhach’ a chaith 94 lá i bPríosún Chnoc Seimre le linn Samhradh 2005, a bhean chéile Caitlín, a iníon Bríd agus an stiúrthóir Risteard Ó Domhnaill i láthair chun ceisteanna a fhreagairt i ndiaidh an léirithe. Seo sleachta as an gcomhrá a tharla i ndiaidh léiriú an scannáin:
Fear óg sa lucht féachana: ‘Céard atá le foghlaim ag pobal na tíre seo ón scéal seo ar fad?’
Ó Seighin: ‘Gan a gcuid a ligean uatha; na hacmhainní nádúrtha ar leis an bpobal iad a chosaint’.
Bean óg sa lucht féachana: ‘Cloistear go bhfuil daoine sa cheantar ar son an phíopa. Ní fheictear ar an scannán seo iad. An ann dóibh?’
Ó Seighin: ‘Tá 1,900 duine sa pharóiste s’againne. 400 acu siúd is páistí bunscoile iad. Níl na figiúirí déanta againn ach déarfainn nach mbeadh mórán os cionn míle duine fágtha nuair a bheadh na daltaí meánscoile curtha as an áireamh. Nuair a tháinig muidí amach as an bpríosún cuireadh achainí le chéile. Shínigh 800 duine é...Má ghlacann tú déirc ní hionann sin agus a rá go bhfuil tú buíoch den té a thug duit í.’
Ó Domhnaill: ‘Ach, ní fúthu sin an scannán seo. Bhíomar ag iarraidh scéal nach raibh le feiceáil sna meáin go dtí seo a insint. Bhíomar ag iarraidh díriú isteach ar na daoine seo. Bhíomar ag iarraidh scéal an phobail a insint, scéal na gcarachtar seo a throid go cróga, taobh den scéal nach raibh feicthe sna meáin.’
Ó Seighin: ‘Tá dream eile nach bhfuil sa scannán seo ach oiread agus fuair siad away le go leor. An rialtas. Níl an scéal sin le feiceáil anseo mar is go ciúin agus go rúnda a bhíonn siad ag obair...D’athraigh siad an dlí. Lig siad do na hollchorparáidí idirnáisiúnta an dlí a scríobh…Ní ar Fhianna Fáil amháin atá an locht, ach ar an Dáil ar fad, an Dáil trí chéile. Níor chuir éinne stop leo.’
Ó Domhnaill: ‘Ach, ní fúthu sin an scannán seo. Bhí go leor agallamh agus guthú liomsa ann ag an tús. Chuir mé agallamh ar go leor polaiteoirí agus iriseoirí. Is scéal eile é scéal na polaitíochta agus na hiriseoireachta, an scéal atá feicthe sna meáin agus an scéal eile nach bhfuil. Is scéal é ar mhaith liom a insint nuair a bheidh mé réidh leis An Píopa.’
Ó Seighin: ‘Na Gardaí, na Gardaí, is dream iad sin a bhfuil ról lárnach acu sa scannán, mar go bhfuil ról lárnach acu sa scéal. Is cuma céard iad na scéalta atá inste nó atá cloiste agaibh, is féidir liomsa a rá libh nár gortaíodh ach beirt Gharda an t-am ar fad a raibh sé seo ag dul ar aghaidh; fear amháin a gortaíodh nuair a thit sé isteach i gclaí luath maidin amháin. Bhris sé a chos. Bhíodh an fear sin ag caitheamh scairf thar a bhéal ar maidin chun an boladh a cheilt. Bualadh fear eile agus bualadh go dona é, ag a dhream féin…’
Ó Domhnaill: ‘Ach, ní fúthu sin an scannán seo. An chaoi a ndeachaigh an cinneadh seo, píplíne gháis a chur san áit, an chaoi a ndeachaigh sé sin i bhfeidhm ar ghrúpa beag daoine, feirmeoirí agus iascairí a bhí ag iarraidh a gcuid talún agus a slí bheatha a chosaint, is é sin an scéal atá á insint agam sa scannán seo…As 400 uair an chloig scannánaíochta b’éigean scéal amháin a roghnú agus ba é an t-eagarthóir Nigel O Regan a mhol dom bheith i mo thost agus ligean do na daoine seo a scéal féin a insint agus tá an-mholadh ag dul dó dá bharr.’
Ó Seighin: ‘D’fhéadfá an scannán a stopadh in áit ar bith agus uair an chloig cainte a dhéanamh ar an bpointe sin.’
Ba léir oíche an léirithe i Scoil Sailearna nach bhfuil deireadh leis an scéal seo go fóill. Is scéal é seo a spreag agus a spreagann go leor cainte. Bhí neart le rá ag déantóirí an scannáin agus ag an bpobal araon.
Beidh An Píopa le feiceáil ar TG4 Dé Céadaoin 9 Feabhra 9:30.
Is léachtóir páirtaimseartha í Eilís Ní Dhúill in OÉG a chaith tréimhse ag obair mar stiúrthóir/eagarthóir físe le TG4.