CÚINNE NA nEALAÍON
KINO – an Cineama Domhanda
Pat Butler Pat Butler

Chaith Pat Butler súil ar scannán de chuid ‘laoch mór cineama an fhíorama’, Abbas Kiarostami, agus tá sé le moladh go mór, dar leis. Is é samhail Heraclitus é, fealsamh ‘na síorghluaiseachta leanúnaí’.

Íomhá
An fógra do Certified Copy
Íomhá
Juliette Binoche agus Jean Reno
le Rita Molnár ar Vicipéid
Íomhá
Abbas Kiarostami
le Mansour Nasiri ar Vicipéid

‘Certified Copy’, ‘Copy conforme’, Cóip Dheimhnithe …

Suite sa Toscáin, seo an chéad scannán fada atá déanta san ‘iarthar’ ag fear na hIaráine, Abbas Kiarostami. Áirítear Abbas Kiarostami i measc mháistrí an chineama dhomhanda. Nach maise ar sheilf na nDVD-anna agam féin le fada é an fhoireann boscaí a cheannaíos san Astráil ón ndáilitheoir Madman Cinema, sa tsraith ‘Director’s Suite’, a thugann ‘The Wind Will Carry Us’, ‘Ten’ agus ‘Taste of Cherry’ le Kiarostami dúinn. Ach is blaiseadh foghlamtha é an tAbbas Kiarostami céanna. Laoch mór ‘cineama an fhíorama’, mar a thugaim air. ’Sé sin, go nglacann sé míreanna fada aon-seat, agus, nuair a chuirtear le chéile iad, cruthaítear an seachmall go dtiteann an scéal amach i bhfíoram, os ár gcomhair féin le linn fhad an scannáin sa cineama, gan seiftcleaseagarthóireacht d’aon tsaghas eile ag teacht idir an léiritheoir agus a phobal. Bheul, sin a bhealach oibre, agus is seift chliste í.

Creideann Kiarostami go gcuireann a stíl le hinchreidteacht agus le fírinne an scannáin, agus gur lú an cur i géill atá ar siúl aige dá bharr. Mar sin, tugann Kiarostami dúshlán na ngnás eagarthóireachta agus inste scannáin atá ina bhíobla sa ghairm againn ó aimsir Eisenstein agus ‘Sraith na gCéimeanna Odessa’ anall - bíodh is nárbh Eisenstein amháin a chum ná a cheap na bun-choischéimeanna graiméara scannáin sin. Má d’fhag an Sóibhéideach sainmharc ar bhealach oibre an scannánóra, iompaíonn Abbas Kiarostami, fear an fhíorama, an aesiteacht sin ar a cheann. Más Aristotle an chineama é Eisenstein, fear na bunchloiche, ’sé Kiarostami Heraclitus an chineama dhomhanda faoi láthair, fear na síorghluaiseachta leanúnaí.

An Cur Chuige

Muna bhfuil scannánóir sásta am a chiorrú trí mhontage seatanna gearra a cur le chéile, caithfidh sé gluaiseacht leanúnach a chruthú sna seatanna fada a úsáideann sé. Agus caithfear an scéal a bheith in-inste laistigh de na teorainn ama sin. Mar sin, ní oireann bealaí scéalaíochta Kiarostami do leithéid, abair, ‘Fás agus Titim Impireacht na Róimhe’ cuirim i gcás. Scéalta beaga pearsanta, sin iad an salann aige.

Agus feictear domhsa go bhfuil dhá bhua ar leith riachtanach don té a thugann droim láimhe don mbealach inste traidisiúnta. Sa chéad dul síos, tá air ceamaradóir guailne den scoth a aithint, duine atá ábalta dul go saoráideach leis an aicsean. Ansin caithfear gur script-eagarthóir nonpareil é an stiúrthóir féinig, duine a bhfuil a scéal iomlán oibrithe amach aige fada siar, sara mbaintear an caipín den chéad lionsa, fiú.

Níl Abbas Kiarostami easnamhach i gceachtar den dá bhua sin.

Samhlaigh - agus beidh ort a lán a shamhlú agus a athshamhlú le linn seal ‘Certified Copy’ - Juliette fíorálainn Binoche i mbarr a maitheasa, mar aisteoir is mar spéirbhean na bhfear smaointeach ar aos áirithe, chun an seanrá faoi ‘mnáibh ar aos áirithe’ a chasadh ar a cheann. Cuir lena hais aisteoir a chuireann Christopher Plummer i gcuimhne dhom (William Shimell) agus sin tús maith, munar leath na hoibre fós é. Is fútsa atá sé an leath eile oibre sin a cur isteach. Éilíonn Kiarostami orainn ciall a bhaint as a chuid oibre agus brí a chur leis. Súnn sé an lucht féachana isteach sa chomhcheilg chruthaitheach lena chois. Mar a dheineann Michael Haneke ar bhealach ar fad eile – (féach ‘KINO’, Eagrán 104, Nollaig 2009).

An Cur le Chéile, Úinéir Dánlainne agus Údar Meánaosta

Níl éinne a dheineann neamh-infhiosaitheacht mná níos fearr ná Juliette Binoche. Í mealltach, doicheallach, ionramhálach d’réir mar a iarrann an script uirthi. Máthair shingil, úinéir dánlainne sa Toscáin, tugann sí a mac óg réamhdhéagóra léi chuig seoladh leabhair ealaíne faoin bhfíordheimhneacht. Labhraíonn an t-údar Sasanach meánaosta (William Shimell) ag an seoladh. Éiríonn an mac mífhoighneach istigh, tá uirthi imeacht, ach fágann sí a huimhir ghutháin le cuireadh don údar chun bualadh léi sa dánlann ar ball. Tagann seisean, ach níl sé compórdach istigh ach oiread. Téid beirt ag tiomáint faoin tuath. Beirt stróinséar, is cosúil, iarnóin fhada le cur isteach acu sula n-imí sé ar thraein a’ naoi.

Más sin cur-le-chéile an scéil, tá an miondealú a leanann níos suimiúla fós. Agus gí gur scannánóir intleachtúil é Kiarostami, físeoir foclach, má bhí riamh a leithéid ann, tá dóthain den ngreann searbh, tarcaisniúil ann chun móimintí beaga aithintis, seoda beaga tuisceana, bronntanaisí beaga anama - ainmnigh mar is mian leat iad - a thabhairt dúinn. ‘Aithním é sin’, is ‘Tá sin fíor!’ - b’shin mise ag an réamhthaispeántas preasa. Is mar sin a choiméadtar sinn rannpháirteach in oibriú amach an scannáin leis.

Is minicí in adharca cúthalacha a chéile iad an bheirt stróinséar sa charr ná a mhalairt. Ardaítear barántúlacht na healaíne - cad tá fíor, cad tá bréagach? - in umar na coganta eatarthu. ’Bhfuil an bhunobair i gcónaí níos fearr ná an chóip? Nach bhfuil an chóip díreach chomh hálainn leis an mbunobair go dtí go dtuigimid gur chóip í? In aeráid atá ar tinneall le débhrí, ní fios dúinn cá bhfuil seo ag dul, nó, déanta na fírinne, cad as a dtáinig sé ach oiread.

An fiosrú é ar neamhfhéidearthacht d’aon chaidreamh fírinneach idir fir agus mná? Téann siad isteach i gcaife, agus nuair a théann Shimell amach chun glaoch gutháin a ghlacadh, glacann bean an chaife leis gur lánúin phósta iad. Ní cheartaíonn Binoche an mhí-thuiscint sin - dáiríre, téann sí go fonnmhar leis. Filleann Shimell, agus as san amach castar an scannán ar a cheann. Nuair a mhíníonn Binoche dó amuigh sa tsráid cad a tharla, tosaíonn seisean isteach ar ról-imeartas na beirte seanphósta freisin! Arís, caidé an rud atá fíor, is cad tá bréagach, agus cad is ‘Cóip Dheimhnithe’ ann pé sceal é?

An tAmhras

Ceistímis anois brí fhormhór na dtarlúintí i dtús an scannáin. ’Rabhadar pósta dáirire uair amháin? ’Raibh mac acu? Tá orainn brí nua a shamhlú agus athbhreithniúnas leanúnach reatha a dhéanamh ar fhianaise ár súl agus ár gcuimhne. ’Sea go deimhin, i mbéarlagar garbh an lae inniu, tá Kiarostamí ag fucáil lenár gceann agus éiríonn thar barr leis sinn a cur de chonair éasca ár gcompord. Tréaslaím lena dhánaíocht.

In ionad an múchadh mall saoil a tharlaíonn don a lán, imrítear alpha agus óimige na beirte seo amach in aon iarnóin amháin. Is aisteoir den scoth é William Shimell, an baratón ceoldrámaíochta cáiliúil, ina chéad ról scannáin. Seo Binoche sa pháirt is fearr a oireann di le fada. Bheul, nuair is neamhfhéidearthacht sa chaidrimh idir fir is mná is ábhar duit, cé eile a roghnófása chuige, ach bandia na neamh-infhiosaitheachta ban féinig!

’Sí an fhadhb atá le réiteach ag Kiarostami i gcónaí ná conas aestéiteacht a chruthú nuair is bealach an fhíorama, trí seatanna fada cainteacha, a rogha inste. Ar éirigh leis fáinne a dhéanamh den gcearnóg sin? Fágaim sin fút féin le hoibriú amach gan ionchur ar bith uaimse.

Beidh ort aghaidh a thabhairt ar an tobar, an scannán féin. ’Sé sin, más fior-bhunscannán é. Nó ’bhfuil seans ann gur chóip é, dáiríre, nó athdhéanamh ar ‘Journey to Italy’ (1954), Roberto Rosselini, le Ingrid Bergman agus George Saunders?

‘Cóip Dheimhnithe’, ‘Copie conforme’, nó ‘Certified Copy’, fiú?

’Sea, a mhac is a iníon óigh, nach ceannscriostóír ceart é an tAbbas Kiarostami sin!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.