CÚINNE NA nEALAÍON
Frida Kahlo agus Diego Rivera in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

meas mór ag Ciara Nic Gabhann ar shaothar beirt ealaíontóirí as Meicsiceó atá ar taispeáint faoi láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Íomhá
El Hombre en la encrucijada le Diego
Wolfgang Sauber a tharraing ar Vicipéid
Íomhá
Frida agus Diego sa bhl. 1932 le Carl Van Vechten
ar Vicipéid
Íomhá
Malu Block ar chlé, Frida agus Diego
le Carl Van Vechten ar Vicipéid
Íomhá
An Teach Gorm, i gcuimhne ar Frida
le Peter Andersen ar Vicipéid

Is mór an mhaith sárshaothar na beirte ealaíontóir Meicsiceach, Frida Kahlo (1907-1945) agus Diego Rivera (1886-1957) a fheiceáil i dtaispeántas atá ar siúl faoi láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Is beirt ollmhór iad i saol na healaíne idirnaisiúnta agus féachtar orthu mar cheannrodaithe in ealaín nua-aoiseach Mheicsiceó. Is ó bhailiúchán na bpátrún ealaíne Meicsiceach, Jacques agus Natasha Gelman, a thagann an saothar seo agus is díol suntais é go bhfuil roinnt de na píosaí is íocónaí a rinne an bheirt le feiceáil ann, cosúil le, ‘Diego ar M’intinn’, féinphortráid déanta ag Kahlo, agus ‘Díoltóirí Lilí Cala’ le Rivera.

Is mór an léargas a thugann an taispeántas seo ar an saol teasaí neamhghnách a bhí ag an bheirt agus ar an ghaol láidir a bhí acu lena dtír dhúcháis, ar chúrsaí polaitíochta na tíre agus ar an réabhlóidí Bhoilséiveach, Leon Trotsky. Tá sé seo le feiceáil ní hamháin sna pictiúir a rinne siad ach i liotagraif, píosaí líníochta, collages, grianghrafanna, dialanna pearsanta, priontaí le Guillermo Kahlo, athair Frida agus scannán leis an ealaíontóir Seapánach, Yasumasa Morimura, atá uilig mar chuid den taispeántas chomh maith.

Frida

Bhí níos mó clú ar Frida Kahlo le linn a saoil mar bhean chéile andúchasach Diego Rivera ná mar ealaíontóir ina cáilíocht féin. Tosaíodh agus críochnaíodh a saol i gCathair Mheicsiceó agus fuair sí aitheantas, de réír a chéile, mar ealaíontóir a rinne ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar nósanna dúcháis Mheicsiceó chomh maith leis an chur síos macánta a rinne sí ar an saol crua diachrach a bhí aici féin.

Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol. Dúirt sí nach ndearna sí péintéireacht riamh ar a cuid briongloidi nó ar a cuid tromluithe, ach ar fhírinne a saoil féin. Feictear seo ina cuid féinphortráidí ina bhfuil léiriú gonta gan trua déanta aici uirthi féin agus ar a saol suaite inmheánach.

Dúirt Rivera faoi shaothar a mhná gur sampla gan comórtas é d’ealaíontóir a stróic oscailte a brollach agus a croí lena cuid fíormhothúcháin a nochtadh.

Thaitin sé léi a bheith ag déanamh cur síos uirthí féin agus mhínigh sí go raibh seo amhlaidh mar gur chaith sí an oiread sin ama ina haonar agus go raibh aithne níos fearr aici uirthi féin ná ar dhuine ar bith eile. Tá sé cinn de phortráidí dá cuid le feiceáil sa taispeántas seo ina measc: ‘Féinphortráid le Moncaithe’ (1943) ina dtaispeánann sí í féin i bhforaois thrópaiceach agus moncaithe géagacha dubhmhalacha ag tabhairt barróg cosanta di. Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.

An Caidreamh

Ina portráid, ‘Diego ar M’intinn’, léiríonn sí í fein mar bhean as Tehuana gléasta i gceannbheart deasghnách lása, agus fonsóg thart ar a cloigeann. Tá cuma mhaorga bheannaithe uirthi agus, i lár a héadain, tá mionphortráid dá fear céile, Diego.

Ba láidir an caidreamh a bhi eatarthu ach bhí sé casta fosta agus suaite agus conspóideach go minic. Dúirt Kahlo go raibh dhá mórthaisme aici ina saol; an taisme bóthair a d’fhág a colainn briste agus Diego Rivera. D’admhaigh sise, áfach, gurbh é Rivera an taisme ba mheasa.

Fuair Diego Rivera a chuid oiliúna san Eoráip go luath sa naoú aois déag agus bhí tionchar ag ealaín nua-aoiseach agus ciúbachas air. D’fhill sé ar Mheicsiceó sna 20í agus bhí sé ina bhall de ghluaiseacht múrmhaisiú Mheicsiceó, gluaiseacht ealaíonta intleachtach a thug tacaíocht don fheachtas ar son comhionannais do mhuintir dhúchais na tíre. Ba é an tréimhse seo a chuir dlús lena shaol mar ealaíontóir suntasach tábhachtach agus thosaigh sé ar aicme nua péinteireachta inar úsáid sé móitífeanna dúchasacha cosúil le mná lena bpáistí mar ábhair. Tá samplaí den chineál seo le feiceáil i ‘Modesta’ (1937) agus ‘Cailín le Lámhainní’ (1943). Tá stíl láidir uathúil ag Rivera, rud atá le feiceáil go soiléir sa taispeántas cuimsitheach seo.

Beidh an taispeántas ar siúl in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann go dtí an 26 Meitheamh 2011.

Cead isteach €5.00 / ticeád le lascaine €3.00

Tuilleadh eolais : http://www.imma.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.