CÚINNE NA nEALAÍON
Seanchló ar Éadach Al Hama
Amanda Reid Amanda Reid

Tháinig Amanda Reid ar éadach deartha i mbaile Hama na Siria nach mór scór go leith bliain ó shin, ach ba mhaith léi a fháil amach cén crotal draíochtúil a chuir an dath dubh chomh fáiscthe air.

Íomhá
Dearadh ar éadach Hama
Íomhá
Éadach Hama
Íomhá
Cló éin
Íomhá
Aleppo istoíche
le Richard Renwick ar Flickr

Sa leabhar ‘Tribes with Flags’ a scríobh Charles Glass faoin éirí amach i Hama na Siria in 1982, tá cur síos ar an scliúchas a tharla idir na Muslamaigh ‘Sunni’ agus fórsaí an rialtais faoín bPáirtí Sóisialach Ba’áth atá faoí smacht ag na hAlabhaítigh. Deirtear go bhfuair suas le 40,000 duine bás san eachtra sin. Sa tuairisc a thug Glass ar an slad a rinne an rialtas ar an gcathair, léigh mé go raibh na ceardaithe gníomhach san eachtra agus go raibh deireadh leis na daoine ar fad a bhíodh ag cur éadach cáiliúil Hama i gcló. Leis sin, bhí deireadh leis an tionscal clódóireachta a bhí faoi bhláth ann leis na céadta bliain roimhe sin. Le linn dom a bheith i Hama, shocraigh mé im’ intinn go gcaithfinn na clódóirí éadaigh seo a aimsiú.

Tá éadach Hama le n-aithint ar an dearadh dubh ina n-úsáidtear ceapa adhmaid le cló a chur de láimh ar éadach bán cadáis. Ní éadach galánta é, ach ós rud é nach dtréigeann an dath agus é ar tuar faoi sholas na gréine, bhíodh tóir air le héadach tí a dhéanamh, cuirtíní agus clúdaigh adhairte, cuir i gcás, rudaí a bhíonn le níochán go minic.

Thapaigh mé an deis le tús a chur leis an gcuardach nuair a thosaigh stócach ón áit ag caint liom ar an tsráid. Ní raibh aige ach cúpla focal droch-Bhéarla. Mhínigh mé an scéal, agus shocraigh sé cuidiú liom. Sna margaí a thosaigh an cuardach. Labhair muid le déantúsóirí mataí agus pluideanna, le díoltóirí éadaigh, agus fiú le díoltóirí criadóireachta. Ach ní raibh dé ar éadach Hama in áit ar bith.

Ag Cuardach Dóigh agus Andóigh

Faoi ardthráthnóna, bhí an chuid is mó de bhóithríní na cathrach siúlta againn. Bhí mé ag éirí bréan den tseafóid a bhí ag mo chúntóir. Bhí a chuid Béarla thar a bheidh lag, agus bhí go leor míthuiscintí ins na rudaí a bhí muid ag iarraidh a mhíniú dá chéile. Bhí teas mór ann.

“Breathnóidh muid ar áit amháin eile, ach sin sin,” arsa mise go daingean. Is gearr gur tháinig muid go dtí páirc ar imeall an bhaile. Bhí tithe anseo, gairdínín agus ballaí ísle thart orthu. Iad oscailte do radharc an phobail mar a bheadh tithe san Eoraip. Bhuail an stócach an clog agus labhair sé leis an bhfear a tháinig amach. Thuig mé ansin go raibh an geata á oscailt.

Is ansin, i seomra ar chúl an tí, a shuigh muid ag breathnú ar dhuine den dream deireanach atá in ann éadach Hama a chóiriú ar an sean-nós. Bhí sé ina shuí ar an urlár os comhair seanbhosca adhmaid thart ar mhéadar ar fhad, agus leathmhéadar ar airde. Bhí barr an bhosca clúdaithe le píosa éadaigh, é tarraingthe go teann agus ceangailte ag na taobhanna le tairní. Bhí tobar dúch sa mbosca, gan an t-éadach ar fliuchadh ann ach ar éigean, agus é teann. Rug mo dhuine greim ar cheap maisiúil adhmaid. Bhuail sé buille den cheap go héadrom ar an éadach. Chas sé i dtreo píosa éadach bán agus bhrúigh sé an bloc anuas air.

Bhí díomá orm nuair a d’ardaigh sé an bloc, mar an cló a bhí déanta aige, is dath geal glas a bhí air agus gan é le feiceáil ach ar éigean ar an éadach bán. Ach ní gan tuiscint a bhí an ceardaí. Chlúdaigh sé an t-éadach go mall, ag úsáid blocanna difriúla chun an dearadh a athrú. An t-éadach a bhí sa mbosca i leataobh, bhí sé ag sú cuid den dúch, rud a chiallaigh nach raibh an bloc rófhliuch. Dá bharr sin, bhí ag éirí leis dearadh glan, briosc a dhéanamh. Agus bhí súil ghrinn aige. Gan rialóir ná fráma, bhí na spásanna sa gcló cothrom, néata.

… Ach Ní Thógfaidh Dubh Dath

Thuig mé uathu gurbh é fear an tí a dhéanadh an dúch as luibheanna é féin, agus rinne mé iarracht a fhoghlaim cé na lusanna iad féin. Ach nuair nach raibh Arabais agam, agus gan foclóir Béarla ar fáil, ní raibh mé in ann é seo a oibriú amach. Bhí sos sa gcomhrá agus muid ag ól gloineachaí tae. Bhí tuirse orainn tar éis imeachtaí an lae. Bhí mo chúntóir ina thost. Ar mhaithe le cúirtéis, thairg mé píosa den éadach cáiliúil a cheannach. D’fhéadfainn dallóg a dhéanamh leis sa mbaile. Bhí sé thar am dom dul chuig an stáisiún leis an mbus a cheapadh. Sheas mé le slán a fhágáil ag muintir an tí. Céard a dhéanfadh an fear ach breith ar an éadach a bhí idir lámha aige agus é a shíneadh chugam. “Seo dhuit agus fáilte!” ar sé. Ní raibh mé gan a bheith buíoch, ach b’fhearr liom cló dubh ná an cló laguaithne a bhí ar an bpíosa nua. Bhí mo cheardaí ag oibriú a dhá láimh, agus mo chúntóir ag déanamh Béarla arís: “Fág faoin ngrian é go ceann seachtaine. Nigh go maith san abhainn ansin é”. Gheall mé dó go ndéanfainn amhlaidh.

An oíche sin, d’oscail mé an mála san óstán in Aleppo. Bhí an chuma ar an cló go raibh sé níos dorcha. Bhí an dearadh le feiceáil go soiléir anois ar an éadach. Faoí mhaidin bhí mé cinnte go raibh draíocht ann. Bhí an dearadh ar dath duilliúr na giúise. Leag mé an t-éadach cois fuinneoige faoi sholas na gréine, agus amach liom go fóill go bhfeicfinn Aleppo. Nuair a d’fhill mé ar mo sheomra an oíche sin, bhí an cló chomh dubh le clúmhach na bpréachán.

Is iomaí teach ar chónaigh mé ann ó bhí mé i Hama tamall de bhlianta ó shin, agus tá an t-éadach sin in úsáid mar chuirtín agam. Níochán ná grian, níor bhain ceachtar acu tada den dath láidir dubh atá i gcló air. Ach tá aiféala orm fós nach bhfuil a fhios agam cé na luibheanna a bhí in úsáid sa dúch. Shíl mé go rachainn ar ais go Hama leis an eolas a iarraidh. Ach tá faitíos orm go bhfuil an ceardaí ar lár agus go mbeidh malairt cló ar an saol.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Nua-Shéalainn ó dhúchas í Amanda Reid a bhfuil blianta caite aici in Éirinn agus i dtíortha eile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.