CÚINNE NA nEALAÍON
Eilís Ní Mhaolagáin agus Athbheochan Chultúrtha na hÉireann
Ríona Nic Congáil Ríona Nic Congáil

Thug Ríona Nic Congáil cuairt ar thaispeántas i gcuimhne ar Eilís Ní Mhaolagáin, conraitheoir, drámadóir agus iriseoir as Tír Eoghain, atá curtha ar bun ag an Leabharlann Náisiúnta.

Íomhá
Eilís Ní Mhaolagáin
Íomhá
An Dr. Morris
Íomhá
Catherine Morris, an t-aisteoirFiona Shaw agus Fiona Ross
Íomhá
Beophictiúr

Ba bhean í Eilís Ní Mhaolagáin (1866-1953) a d’imigh in éadan an tsrutha, bíodh cúrsaí inscne, cultúir nó cúrsaí polaitíochta i gceist. Rugadh í san Ómaigh, i dteaghlach Meitidisteach, aontachtach, ach thiontaigh sí i dtreo an náisiúnachais roimh dheireadh an naoú haois déag. Chuir sí féin agus a cara Anna Johnston nuachtán dar teideal Shan Van Vocht in eagar ó 1896-1899 inar cuireadh ábhar Gaelach na linne chun cinn, ó chomóradh céad bliain Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe go cluichí Gaelacha. B’aisteach an rud é iriseoir mná i saol poiblí na hÉireann ag an tráth sin, gan trácht ar dhrámadóir mná, a raibh an-tóir ar a cuid tableaux vivants. Ach thug sí “léachtóir deoraíoch” uirthi féin freisin, agus í ag imeacht ar fud na hÉireann chun fealsúnacht Chonradh na Gaeilge a chraobhscaoileadh, gan aon chomhluadar aici, seachas ateangaire agus a cuid laindéar draíochta.

Tá taispeántas a dhéanann ceiliúradh ar shaol is ar shaothar Ní Mhaolagáin ar siúl sa Leabharlann Náisiúnta faoi láthair. Cosúil le cur chuige ghníomhaithe agus scríbhneoirí eile a glúine, d’fhoilsigh Ní Mhaolagáin a cuid scríbhinní i nuachtáin náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus bhí siad uilig scaipthe i ngach ball go dtí gur thosaigh coimeádaí an taispeántais, an Dr. Catherine Morris, á mbailiú. Cuirtear cuid de na scríbhinní seo os ár gcomhair sa taispeántas, taobh le dialanna Ní Mhaolagáin, a cuid litreacha, grianghraif, íomhánna idirghníomhacha agus sleamhnáin laindéir (nó draíochta) ó dheireadh an naoú haois déag. Tá físeanna gearra ann ina ndéanann saineolaithe na Leabharlainne Náisiúnta cur síos ar ghnéithe éagsúla den taispeántas. Léiríonn an taispeántas féin stair na teicneolaíochta, ón osteilgeoir seanaimseartha go féidearthachtaí na teicneolaíochta digití, agus tá an comhoibriú a bhain le léiriú an taispeántais mar mhacalla ar an obair bhuíne a bhain le Conradh na Gaeilge nuair a bhí Ní Mhaolagáin páirteach ann.

Léiritheoir Rathúil

Deir Catherine Morris, a bhfuil leabhar scríofa aici ar ról Ní Mhaolagáin san athbheochan chultúrtha, gur chruthaigh an bhean cheannródaíoch seo pobail nua ar bhealaí éagsúla: chruthaigh an Shan Van Vocht pobal léitheoirí in Éirinn agus i measc na n-imirceach Éireannach san Airgintín ach go háirithe; agus d’éirigh léi pobail áitiúla a thabhairt le chéile chun breathnú ar a cuid tableaux vivants, a thaispeáin radhairc éagsúla a bhain le stair na hÉireann. Ba bhean chruthaitheach í, mar a tugadh le fios in The Shamrock tráth: “rinneadh carbaid ársa na hÉireann as cathaoireacha luasctha, crosa Gaelacha as páipéar donn. Níor chuir aon rud eagla uirthi, agus bhí cumhacht na hintinne chomh mór go bhfaca an lucht féachana a cuid drámaí mar a shamhlaigh sí iad, agus ba í an léiritheoir drámaí ba rathúla ag an am í, sular thosaigh Amharclann na Mainistreach amach ar a bealach caithréimeach.”

Is taispeántas snasta é seo agus is fiú go mór do dhaoine cuairt a thabhairt air más suim leo stair agus cultúr na hÉireann. Tá leabhrán ag gabháil leis an taispeántas, a thabharfaidh breis eolais dóibh siúd a bhfuil níos mó ná íomhánna uathu. Ach seans go mbeidh díomá ar dhaoine a bhfuil eolas uathu faoi chaidreamh Ní Mhaolagáin leis an nGaeilge agus le Conradh na Gaeilge. Ní raibh sé de nós ag Ní Mhaolagáin a bheith ag scríobh as Gaeilge, ach scríobh sí an-chuid faoina taithí sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Ní luaitear na samhraí a chaith sí i gCloch Cheann Fhaolaidh ag foghlaim na Gaeilge, ná na laindéir dhraíochta a thaispeáin sí do pháistí scoile i mBéal Átha an Ghaorthaidh, ná na camchuairteanna a thug sí timpeall na tíre, i lár an gheimhridh, chun saol na ndaoine a lasadh lena laindéir dhraíochta agus chun airgead a bhailiú do Chonradh na Gaeilge. Cé is moite de chorrthagairt do Dhubhghlas de hÍde, níl trácht ar ghréasán sóisialta an Chonartha a raibh dlúthbhaint aici leis.

Bean Beann ar Bhacainní

Tá Catherine Morris ag obair ar an taispeántas seo le dhá bhliain anuas, agus an aidhm a bhí aici ón tús ná go ndéanfaí ceiliúradh ar shaothar Ní Mhaolagáin agus go dtabharfaí aitheantas do ról na bProtastúnach Ultach i stair na hÉireann. Breathnaíonn an cuairteoir seo ar Eilís Ní Mhaolagáin mar shiombail den ghníomhaíocht is den chruthaitheacht a spreag gluaiseachtaí éagsúla ag deireadh an naoú haois déag, beag beann ar bhacainní inscne agus creidimh. Ball foirne a bhí inti i ngréasán idirspleách an náisiúnachais chultúrtha agus tá aitheantas poiblí den chineál seo tuillte ag cuid mhaith dá comhghleacaithe. Is tús maith é an taispeántas seo ar shaol Ní Mhaolagáin chun aitheantas a thabhairt d’oibrithe ghréasán an náisiúnachais chultúrtha, agus tá sé oiriúnach go bhfuil sé ar siúl sa Leabharlann Náisiúnta, áit ar chaith Ní Mhaolagáin go leor ama ag foghlaim faoi stair na hÉireann. Mhaígh sí ina taobh tráth “the young assistants are the most courteous and informed of any library in the world.”

Beidh an taispeántas seo ar siúl sa Leabharlann Náisiúnta, 2-3 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 go dtí mí Feabhra 2011. Féach http://www.nli.ie/discover

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.