CÚINNE NA nEALAÍON
Saothar Nua ó Scuab Phatsy Dan Mac Ruairí
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Thug Ciara Nic Gabhann cuairt ar Dhánlann Mhic Giolla Bhuí mar a bhfuil taispeántas ealaíne de shaothar Phatsy Dan Mac Ruairí á léiriú faoi láthair. Beidh deis an taispeántas a fheiceáil i mBéal Feirste arís an mhí seo.

Íomhá
Patsy Dan cromtha ar an ealaín
gach ceart le Patsy Dan
Íomhá
Crois Tau le Patsy Dan
gach ceart le Patsy Dan
Íomhá
Crois Tau Thoraí
Íomhá
Breacadh an lae le Patsy Dan Mac Ruairí
gach ceart le Patsy Dan
Íomhá
Aghaidh le cladach

I nDánlann Mhic Giolla Bhuí, taobh istigh de bhallaí Chathair Dhoire, a taispeánadh den chéad uair ar an Aoine an 25ú Márta an saothar is déanaí ó Phatsy Dan Mac Ruairí, an t-aon duine a mhaireann agus atá ag saothrú go fóill den bhuíon péintéirí atá aitheanta ar fud saol na healaíne mar Phéintéirí Oileán Thoraí.

Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.

Fuair Derek Hill rud ansin, nach raibh fáil aige air sna háiteanna iomadúla eile a bhí siúlta aige ina shaol. Mar a deir Eoghan Ó Colm ina leabhar Toraigh na dTonn: “Fuair sé faoiseamh agus suaimhneas intinne nach raibh sé ag dréim leis ar an charraig lom diamhrach seo.”

Toraigh á Léiriú

Tugann Ó Colm léargas dúinn fosta ar an dua a chuir Derek Hill air féin ag iarraidh Toraigh a léiriú dúinn ina ealaín: “Lá gaoithe móire a bhí ann agus an síobán ag tiomáint na dtonn roimhe aniar ó thuaidh agus meáchan mór na farraige ag roiseadh ar na carraigeacha faoi Theach an tSolais. Ina luí ar a bhéal agus a shrón a chuir an péintéir an radharc ar chanbhás – an anacair agus an chascairt, an brú agus an t-uafás fiáin allta a bhi ag aibhriú os comhair a shúl.”

Is ríléir go ndeachaigh an dúthracht sin i bhfeidhm go mór ar mhuintir an oileáin. Is léir fosta go bhfuair siad, ní hamháin eiseamláir uaidh, ach spreagadh agus spreagadh den chineál is dearfa – é a leanúint i dtreo na péintéireachta ach chan le aithris lom a dhéanamh airsean ach lena n-ealaín féin a fhorbairt. Agus sin an rud a rinne siad.

Tugann saothar Phatsy Dan Mac Ruairí léargas ar sheanchas agus ar shaíocht an oileáin mar a fheiceann sé féin iad. Léiríonn a shaothar áít atá beo bríomhar ildaite. Bíonn tionchar ar an aigne ag baint lena mhodh péintéireacta saonta agus cuireann sé in iúl go láidir na mothúcháin agus an gaol atá aige lena cheantar dúchais tríd na dathanna láidre a úsáideann sé chomh maith leis an lámh oilte láidir atá aige ar an scuab.

Bíonn sainchomharthaí oileáin cosúil leis an teach solais, na seaniarsmaí eaglasta, tithe mhuintir an oileáin agus báid na n-iascairí mar mhóitífeanna coitianta ina shaothar agus iad léirithe aige go haislingeach.

Litríocht Oileáin

clú idirnáisiúnta ar phéintéirí Thoraí agus bhí saothar Phatsy Dan Mac Ruairí mar ábhar taispeántais ní hamháin in Éirinn ach sa Fhrainc, in Albain agus i Meiriceá chomh maith.

Is fiú cuimhneamh nach i dToraigh amháin a bhí an fuinneamh ealaíne seo le brath. Bhí sé ar fáil ar oileáin eile ar chósta na hÉireann chomh maith, bíodh is gur i dtéarmaí liteartha is minice a réalaíodh an fuinneamh seo i gcás na n-oileán eile. In achan chás, áfach, is drithle ón taobh amuigh a d’adhain an ealaín. I gcás scríbhneoirí na mBlascaoidí, cuirim i gcás, ba iad Robin Flower agus George Thompson a sholáthraigh an spreagadh agus Synge i gcás Inis Meáin agus Árainn na Gaillimhe.

B’fhéidir nach mbeidh a leithéidí arís ann ar aon oileán eile go deo, mar a dúirt an Criomhthaineach fána mhuintir féin. Tá an chuid is mó d’oileáin na hÉireann bánaithe anois nó tá siad gannaithe go maith sa daonra, nó is líonmhaire stráinséirí isteach atá ina gcónaí iontu anois ná an seanbhunadh féin. Nó b’fhéidir go bhfuil mé go hiomlán mícheart agus gur pobail nua atá á bhforbairt sna hoileáin sin faoi láthair agus go dtiocfaidh a seal siúd le himeacht ama. B’fhéidir, ach idir an dá linn, bainimis sult as cruthaitheacht mhuintir Thoraí.

Beidh an taispeántas ar siúl i nDánlann Mhic Giolla Bhuí (McGilloways’ Gallery), 6, Sráid Ché na Long, Doire ón 25ú Márta go ceann cúpla seachtain agus i mBéal Feirste amach anseo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.