CÚINNE NA nEALAÍON
Bás Tongue
Catherine Foley Catherine Foley

Bhí Catherine Foley i láthair sa Project Arts i mBÁC (ionas go mbeadh an BEO in ann trácht ar an mBás) nuair a léiríodh an dráma ‘Bás Tongue’ le Manchán Magan.

Íomhá
Bás Tongue
Íomhá
An scríbhneoir agus an t-aisteoir Manchán Magan
Íomhá
Ionad Ealaíne an Project i mBÁC

Tá dráma cliste, spleodrach, álainn scríofa ag Manchán Magan. Cuireann sé argóintí na teanga Gaeilge os ár gcomhair agus cé go dtuigimid go léir na constaicí agus na buanna ar fad a bhaineann le labhairt na Gaeilge sa tír seo, pé sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht atáimid, agus cé go bhfuil cainteoirí Gaeilge ag snámh in aghaidh an easa don mhórchuid, cé go bhfuil sé sin ar fad ar eolas againn, tá rud éigin úrnua agus scléipeach, liriciúil, spreagúil, teann agus drámatúil cruthaithe ag Magan. Tá mothú, teannas agus fuinneamh ag baint leis na hargóintí a chíorann sé ina dhráma, Bás Tongue. Tá filíocht, greann agus áilleacht ag baint lena línte.

Tá beirt sa dráma – fear imníoch, tirim atá sáite sa seanashaol agus é ag iarraidh léacht i gcuimhne ar a athair a thabhairt agus tá an pháirt seo ag Manchán Magan é féin. Ansan, tá cailín cathrach, atá tar éis Gaeilge a fhoghlaim, í díograiseach, dáiríre agus i ngrá leis an dteanga. Tá an pháirt seo ag Roxanna Nic Liam. Tá sí ina rúnaí ar Chumann na nGaeilgeoirí. Labhrann sí faoi thábhacht agus faoi anam na teanga agus ar sí: “Domsa ’sí an Ghaeilge an rud is luachmhaire atá agam”.

Taobhú

Gan amhras, déanann an fear magadh dá pearsa agus dá cuid mothúchán, mar ghlacann sé leis an dtaobh eile den díospóirecht. “Move on, a chroí,” a deir sé léi. Ach, ní mhaolaíonn an cailín ar chor ar bith. Éiríonn a guth níos láidre de réir mar a théann an dráma ar aghaidh, agus glacann sí chuici féin tacaíocht an lucht féachana. “Ceist ionannais í seo, ceist chroí, ceist talún,” a mhaíonn sí agus tá an lucht féachana ar a taobh. Má tá tú faoi dhraíocht ag an teanga agus ag guthanna na n-údair a chloisimid i rith an dráma – mar shampla Peig Sayers, Seán Ó Ríordáin, Nuala Ní Dhomhnaill, beidh tú, i nganfhios duit féin, ag iarraidh í a spreagadh ar aghaidh.

Ag an am chéanna, glac leis go bhfuil pointí sa dráma ina chasann an taoide agus go mbíonn an lucht féachana idir dhá chomhairle, meallta ag fear na spéaclaí, fear an tsearbhais, fear na fíricí tirime, mar tá cás láidir le déanamh aige. Cé go dtuigfimid ón tús gur duine righin, tirim, imníoch atá fréamhaithe sa stair é agus é ag iarraidh léacht a thabhairt i gcuimhne ar a athair iomráiteach, mórthaibhseach, GB Ó Ceallaigh, laoch sa seanmhódh agus údar mór Gaeilge, tá ‘an fear’ ina abhcóide láidir, feidhmiúil in ann a phléadáil go paiseanta i nguth ioróineach, searbhasach faoi chúrsaí agus faoi staid na Gaeilge mar atá sí inniu. “But, let’s not pretend go bhfuil gach rud sa gairdín rosy (gach rud togh agus rogh). An bhfuil éinne anseo sásta glacadh leis nach dtuigeann formhór agaibh céard atá á rá agam . . ..?” a fhiafraíonn sé den lucht féachana. Meabhraíonn sé dúinn agus don chailín gur scríobh Séan Ó Ríordáin go raibh “teanga ár sinsear, fuar marbh go deo.’ Deir sé nach dtuigeann aoinne cad tá á rá aige nuair a thosaíonn sé ag tabhairt a léachta. Caithfimid glacadh leis go bhfuil an teanga imithe, a deir sé.

Chomh Marbh le hArt

Is “polemic” é an drama, atá faoi stiúir Willie White, ach ní dóigh liom go n-éiríonn sé leadránach nó tuirsiúil ag aon phointe mar tá ceol, filíocht agus guthanna na Gaeilge fuáilte isteach tríd síos. “Éist le Peig,” a deir an cailín agus tá draíocht faoi leith sa ráiteas san. Leanann an fear air ag iarraidh a chur ina luí orainn go bhfuil an Ghaeilge marbh agus nach bhfuil in ann do chainteoirí Ghaeilge anois ach í a úsáid “go mortasach in amharclann poiblí... ar nós Chríostaithe sa Collisieum surrounded by lions”. Ach, ag an deireadh tá sé nach mór ciúnaithe ag an gcailín. “Huh!” a deir sé.

B’fhéidir go bhféadfadh rithim agus luas na cainte a mhoilliú i rith an léiriú, ach go háirithe sa dara chuid. B’fhéidir go bhféadfadh an léiriú deis a thabhairt don lucht féachana na focail agus na hargóintí atá faoi chaibidil a bhlaiseadh i gceart. Éist leis an bhfocal ‘cloch’ ar sí. “Mura gcoimeádfaimid an tsnaidhm idir sinne agus ár dtimpeallacht, strainséirí a bheidh ionainn inár dtír féín”.

“Is í seo mo theanga, mo bhealach teagmhála sa domhan deacair gránna seo.” Tá sé ana-chumhachtach an tslí ina iarrann sí ar bhean na soilse na soilse a ísliú. Íslítear an solas. “Níos mó anois,” a deir sí, agus ar sí leis an lucht féachana: an dtuigeann sibh an bhrí atá le clapsholas anois. Is nóimid fíordhrámatúil é. B’fhéidir go mbeadh sé go deas cleas nó dhó eile mar seo a fhuáil isteach sa léiriú agus tacú leis na bhfocail mar seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.