CÚINNE NA nEALAÍON
PYGMALION in Amharclann na Mainistreach
AnneMarie Flanagan AnneMarie Flanagan AnneMarie Flanagan

Ghlac AnnMarie Flanagan an deis chun an chéad léiriú san Amharclann na Mainistreach den dráma “Pygmalion” ó George B. Shaw a fheiceáil, agus shíl sí mórán de.

Íomhá
Charlie Murphy i Pygmalion
Íomhá
Sa Mhainistir
Íomhá
Pygmalion

Tá bunús an scéil Pygmalion tógtha as finscéalaíocht na Gréige, i dtaobh an dealbhadóir Pygmalion agus an dealbh a chruthaigh sé. Táimid níos cleachta le hathionchollú an scéil, mar atá, an ceoldráma My Fair Lady ina raibh Audrey Hepburn agus Rex Harrison agus d’ainneoin an móréileamh air siúd, tá sé suimiúil nár léiríodh an dráma in Amharclann na Mainistreach riamh roimhe seo.

Sa Pygmalion, cosúil le gach saothair ón drámadóir seo, feictear na saintréithe le Shaw, na nathanna géara, an greann agus aoir shóisialta. Bhí Shaw aitheanta mar shóisialach. D’ionsaigh sé córas aicmeach na Breataine agus d’úsáid sé aoir sna drámaí chun an teachtaireacht a chur in iúl. I Pygmalion feictear an mhí-iontaoibh, fuath agus faitíos na n-íosaicmí bochta neamhliteartha i gcoinne na huasaicme, ach feictear go háirithe an srian a bhí ar mhná uasaicme chun a bheith ag tuilleamh airgid. Is é seo an teachtaireacht láir i Pygmalion, agus is é an buaicphointe criticiúil don príomhcharachtar Eliza Doolittle, leis an aisteoir iontach Charlie Murphy.

Úsáideann Shaw scéal simplí, is cailín macánta í Eliza, a bhíos ag díol bláthanna ar shráideanna Londain. Tá sí dóchasach go mbeidh siopa bláthanna aici lá éigin is faide anonn. Oíche báistí, buaileann na carachtair le chéile agus roghnaíonn an tOllamh Fograíochta Henry Higgins (Risteárd Cooper) agus an teangeolaí Cornal Pickering (Nick Dunning) Eliza chun turgnamh teanga a dhéanamh. Níl sa turgnamh ach imirt bheag cearrbhachais ag fir uaisle, Higgins agus Pickering, ach ag Eliza is é a deis sa saol chun éalú as timthriall na bochtaineachta.

Athchóiriú Ionraic

Cruthaítear íomhá fiáin, míréireach agus cailín streetwise leis an gcarachtar Eliza ag tús an dráma. Tá sí cosúil le cat caolsráide agus cuireann a scread sainiúil sráide i gcuimhne dúinn ar feadh an dráma gur den íosaicme í. Feictear an claochlú faoi dheireadh an dráma ó chat caolsráide go bandiúc cúirialta agus cailín smachtaithe. Ní chuireann an stiúrthóir Annabelle Comyn béim ar an gcóras aicme ná ar fhoshruth na critice feiminí. Cruthaíonn sí ina ionad sin, athchóiriú ionraic ar aor shóisialta Shaw. Ní bhíonn sí cúthail ag taispeáint na radharc níos dorcha, bagairt an fhoréigean ghnéis / an fhoréigean fhisiciúil idir Eliza agus Higgins, agus an radharc folctha atá brúidiúil ach greannmhar. Tá Cooper agus Dunning ídealach ina léiriú den stiff upper lip agus feictear an ghéarchúis agus an greann a shamhlaítear le Shaw agus Wilde.

Chomh maith leis an bhfoireann dearscnaitheach aisteoirí, tá moladh dlite don dearthóir cúlra Paul O Mahony as an leagan amach samhlaíoch agus mórthaibhseach agus ag an dearthóir cultacha Peter O Brien lena chuid cultacha seanré áille.

Bhí an dráma an-sásúil agus molaim dul ann. Beidh sé ar siúl in Amharclann na Mainistreach go dtí an 11 Meitheamh 2011.

Cead isteach €13 - €40

Tuilleadh eolais : Abbey Theatre

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.