CÚINNE NA nEALAÍON
Visceral – Na Fíocháin
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Taispeántas d’ealaín na heolaíochta i mBaile Átha Cliath a tharraing aird Chiara Nic Gabhann. Mheabhródh sé taispeántas a tháinig chun na príomhchathrach anuraidh.

Íomhá
Bábóga an bhuairimh as Guatamala
le Leena ar Vicipéid
Íomhá
Cealla collenchyma
le Carl Szczerski ar Vicipéid
Íomhá
Coláiste na Tríonóide

‘A new species would bless me as its creator and source, many happy and excellent natures would owe their nature to me’. - Frankenstein, le Mary Shelley

Bheadh Mary Shelley ar a compord i dtaispeántas úr nuálach atá ar siúl faoi láthair sa Dánlann Eolaíochta i mBaile Átha Cliath, a nascann an ealaín agus an eolaíocht – taispeántas a chuirfeadh iontas ort. Is é ‘Visceral’ an teideal atá ar an taispeántas agus tá sé bunaithe ar shaothar a rinne SymbioticA, foras Astrálach, a chruthaíonn ábhar ealaíne atá bunaithe ar theicneolaíocht na clónála agus a mbíonn idir shaothrúchán fíocháin agus innealtóireacht ghéiniteach i gceist. Tagann an saothar ó ealaíontóirí éagsúla ar fud an domhain a fuair cuireadh taighde ealaíne a dhéanamh i saotharlann SymbioticA, atá lonnaithe University of Western Australia i bPerth.

Tugtar ‘Bio-Art’ ar an chineál chleachtadh ealaíne seo agus in ainneoin go bhfuil sé rud beag macabre, spreagann an saothar seo go leor machnaimh agus díospóireacht. Úsáidtear DNA, víris, fíocháin agus cealla mar bhonnábhar cruthaitheach agus déantar scrúdú ar na rudaí a tharlaíonn nuair a chuirtear i suíomhanna aduaine iad.

Sampla suimiúil den phróiseas seo is ea ‘Cogaidh Fola’ le Kathy High, ina bhfuil cealla bána ó choirp dhifriúla curtha le chéile aici i soitheach Petri le hiad a chur i gcoimhlint lena chéile. Bhí sé i gceist aici taighde a dhéanamh ar an chóras imdhíonachta agus ar mhianach na gcorp seo ag an tús, ach baineadh geit as achan duine nuair a thosaigh roinnt cealla ag nascadh in áit a bheith ag troid i gcoinne a chéile agus is ar an chomhtharlúint neamhghnách seo atá an saothar bunaithe.

Fíorfhíochán atá Ann

Chuirfeadh ‘Semi-Living Worry Dolls’ bábóga páiste i gcuimhne duit go dtí go bhfaighidh tú amach go bhfuil siad déanta as fíorfhiocháin. Ba iad bunaitheoirí SymbioticA, Oron Catts agus Ionat Zurr, a chruthaigh na figiúirí beaga seo agus déanann siad tagairt don traidisiún Guatamalach ina gcuireann páistí a mbuairt in iúl do bhábóg. Tá bunchruth na mbábóg seo déanta as polaiméir in-bhithmhillte agus is ar seo a fhásann na cealla i bhfoirm babóige. Cluintear glórthaí réamhthaifeadtha an lucht féachana ag cur a mbuairt in iúl i gcogar ag an am céanna – fuaimeanna agus radhairc, a chuirfeadh sceitimíní ort.

Is saothar idirghníomhach é Silent Barrage a úsáideann lear mór slata róbataice, ríomhaire agus cealla inchinne le gluaiseacht a spreagadh sna slata, nuair a ghluaiseann daoine thart timpeall orthu. Piocann an ríomhaire suas aon gluaiseacht a mhothaíonn sé sa seomra agus seolann sé an t-eolas seo chuig na cealla (atá i mias Petri in Atlanta) agus baineann sé seo preab mhillteanach as na slata robaitice atá cosúil le taom titeamais.

Tá dráma chomh maith le saineolas teiceneolaíochta agus eolaíochta ag baint leis an saothar seo.

Míshuaimhneas

Is cinnte go gcuirfidh an taispeántas seo míshuaimhneas ar go leor daoine agus go n-ardóidh sé ceisteanna morálta faoin saothar ach deir na healaíontóirí iad féin go bhfuil siad ag iarraidh ábhar machnaimh a sholáthar agus an duine a dhéanamh níos fiosraí faoin saol thart timpeall orthu. Míníonn Catts go bhfuil muid beo in am ‘nuair atá ár gcuid tuiscintí faoi chultúr as alt leis an eolaíocht’.

Beidh clár fairsing imeachtaí agus cainte ag dul leis an taispeántas ina mbeidh ealaíontóirí, lucht taighde agus eolaithe i láthair le plé a dhéanamh ar na himpleachtaí a bhaineann leis an obair a dhéanann SymbioticA. Beidh ceardlann ar fáil fosta a dhéanfaidh cur síos ar na teicnicí a bhí in úsáid ag na healaíóntóirí.

Fágaimis an focal scoir ag Victor Frankenstein a dúirt go raibh sé ag iarraidh ‘rún na bhflaitheas agus ifrinn a fhoghlaim’. Ach beidh díomá ar éinne atá ag iarraidh rúndiamhra SymbioticA a fhoghlaim nó bainfear an saothar uilig as a chéile lá deiridh an taispeántais.

Beidh Visceral le feiceáil go dtí an 25 Feabhra i nDánlann na hEolaíochta, Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath. Tuilleadh eolais ag

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.