CÚINNE NA nEALAÍON
KINO – an cineama domhanda
Pat Butler Pat Butler

An-inmholta agus in-ainmnithe d’Oscar a bheadh scannán seo Malik, ach ní saothar gan locht é dar le Pat Butler.

Íomhá
Brad Pitt ag Féile Cannes 2011 do The Tree of Life
le Georges Biard ar Vicipéid
Íomhá
An Irish Film Institute, BÁC
le DubhÉire ar Vicipéid
Íomhá
Leabhar Iób
Íomhá
Palme d'or
le Karel Leermans ag Expo Servais Ostende, Vicipéid

‘The Tree of Life’, le Terrence Malick

  • Brad Pitt - Mr. O Brien

  • Jessica Chastain - Mrs. O Brien

  • Hunter McCracken - Jack O Brien Óg

  • Seán Penn - Jack O Brien Mór

  • Fiona Shaw - An tSeanmháthair

Mar seo leanas a labhair lucht critice faoi ‘The Tree of Life’:

Peter Bradshaw, ‘The Guardian’ - ‘an unashamedly epic reflection of love and loss’.

Peter Travers, ‘Rolling Stone’ - ‘a personal vision that dares to reach for the stars’.

Todd McCarthy, ‘Hollywood Reporter’ – ‘an impressionistic metaphysical inquiry into mankind’s place in the grand scheme of things’.

Hmmmm.

Agus mé sa scuaine ar thráthnóna seolta in Éirinn d’obair Terrence Malick, ‘The Tree of Life’, siúd chugainn ón bpictiúrlann amach lucht féachana na hiarnóna. Níor ghá d’aon chúléisteachtceist chosáin chun díograis an phobail d’fhoghlaim. ‘Outstanding’, ‘Stunning’, ‘Staggering’. Ní sin an sórt cainte a chloisfeá tar éis taispeántas preasa ina mbíonn na léirmheastóirí gairmiúla Éireannacha i láthair. Is suimiúla na léirmheastóirí féin go hiondúil, ar ndóigh, dóibh féin, ná aon scannán ann féin.

Ach bhí aitriam na pictiúrlainne tiubh le briathra molta an ghnáthphobail ar an ócáid seo. Pobal eolach an IFI, caithfear a admháil. Lucht léite ‘Sight and Sound’ agus ‘Film Ireland’. Agus bhí a nguth féin á gcur le breithiúnas na gcriticí is géarchúisí ar domhan – coiste Fhéile Scannáin Cannes na Fraince, a bhronn an Palme d’Or ar obair Malick i mbliana. Bhí dearbhú sciar d’afficionados an IFI curtha le cois an ghradaim is airde measa agus cultais sa chineama domhanda, an Palme d’Or. Gradam a chuireann ‘The Tree of Life’ (2011) ar chomhchéim láithreach le ‘The Third Man’ (1949) - ‘The Leopard’ (1963) - ‘Taxi Driver’ (1976) - ‘Apocalypse Now’ (1979) - ‘Pulp Fiction’ (1994) - ‘The Wind That Shakes The Barley’ (2006) - ‘Four Months, Three Weeks and Two Days’ (2007) agus ‘The White Ribbon’ (2009).

Hmmmm Arís.

Shamhlófá ón méid sin, a chairde chaoin, gur tabhartas tábhacht fíorneamhghnách a bhí romhat thar táirseach Cineama Uimhir a hAon san IFI ar Shráid Eustace, Barra an Teampaill, agus géillim go mbeadh iarracht den cheart agat. Seo ócáid cineamúil ar dhul ‘2001 A Space Odyssey’. Ach ní hionann i gcónaí tábhacht ruda agus a iomláine.

Chuir ‘The Tree of Life’ crua ar m’fhoidhne ag fanacht leis an tabhartas sin. Bhí sé ann, ach b’fhada liom an fanacht leis. Nílim chun a bheith ar mo shóchúlacht le haon scannán a thosaíonn le sliocht as Job, gearrtha le léiriú fíorálainn den Ollphléasc a chuir tús le slabhra na beatha, más fíor don teoiric léannta. Is meafar é an scannán ar an gcoimhlint idir Ghrásta agus Nádúr (Caoithiúlacht, a thugaim ar sin) sa duine. Duine, dála an scéil, atá ag iarraidh ciall a bhaint as a nádúr féin i lár na Fichiú hAoise. Ní móran cabhrach don duine iad, más í sin a cheist, an Ollphléasc, ná Job, ná an ruaig gan réasún a thugann an scannán isteach i Ré na nDineasár ach oiread. (Ceart is cóir dó, seachnaíonn Malick an deabhal CGI – beochan ar an sean-nós is ansa leis.)

Ach is féidir gur leithne scannán ná loighic, ná réasún, ná ealaíon. Is féidir gur leithne é ná spioradáltacht, fiú. Creidim gur soiléir dom cad is bunfhiosrú Malick anseo. Fógraíonngar don tús cad is bunábhar don scannán. Grásta vs. Nádúr (Caoithiúlacht). Sin bunrogha an duine sa saol, dar leis. Ní gearánta dom an léargas sin. Ar dhul Malick, creidim chomh maith gur iomláine an saol a caitear le Grásta ná an saol a fhulaingítear fá anáil sheasc an Nádúir/na Caoithiúlachta amháin.

Ar a Marana

Seo an sciar, tráchtaireacht i mbéal Mrs. O’Brien (Jessica Chastain) http://www.wingclips.com/movie-clips/tree-of-life/nature-vs-grace

‘The Nuns have taught us there are two ways through life…The way of Nature (uan beag ina láimh aici), or the way of Grace (Lusanna na Gréine, a lán díobh)….Grace doesn’t try to please itself (tá sí i bpáirc le tréad bó, a lámh sínte amach fána ndéin)….accepts being slighted, forgotten, disliked (tagann a fear chéile, Brad Pitt, isteach sa fráma léi. Cuireann sé a lámh timpeall ar a gualainn)…accepts insults and injuries’.

(Tá coda beaga anois ann. Ise ar luascán i ngáirdín ídéalach Meiriceánach, ag súgradh lena mac)…

‘Nature/Expediency only wants to please itself….(Altú roimh Bhia á ra ag Pitt ag an mbord, ise ag freastal ar Pitt is na paistí) ….Gets others to please it too…(aghaidh leochaileach, fadfulaingteach uirthi,)…..Likes to lord it over them…(Pitt ag súgradh leis an mac - an lead ar an dtalamh)….To have its own way….It finds reasons to be unhappy, when all the world is shining around it, and love is smiling….’

Ní trí thimpiste, déarfainn, go mbraithim gur chaith an t-athair, carachtar Brad Pitt, seal in Arm Mheiriceá, nó go mb’fhéidir gur mac saighdiúra é. Is duine íogair é áfach, faoi léigir ag an fhearg laistigh – compánach a thagann go minic ar láimh leis an gcruas ‘fearúil’. Carachtar casta, leochaileach is ea an t-athair. Tá grá thar na bearta aige don dís mac – ach ní thig leis go minic an grá sin a thaispeáint. An bac uilíoch athartha sin.

Ciaptha le Ciontacht

Is ábhar buartha leanúnach dó freisin nár éirigh leis mar cheoltóir (Saol an Ghrásta). Ach leis na dualgaisí teaghlaigh atá anois air, níl ag éirí go rómhaith leis só ná sonas an tsaoil a sholáthar dá chlann. (Saol na Caoithiúlachta). Ciaptha le ciontacht, is minic Pitt ag cur comhairle ar an mac óg gur tábhachtaí go mór go mbeadh duine righin a dhóthain chun an ceann is fearr d’fháil ar an saol. Agus tá Pitt chun a bheith crua leis na buachaillí go bhfoghlaimeoidís an ceacht sin. Tugann an mac is sine (Penn) cluas don athair, ach ní thugann an bealach sin mórán sóláis dó ar ball. Le ciall cheannaithe, agus é fásta ina ailtire, tuigeann sé ansan nach dtugann bealach an Nádúir/na Caoithiúlachta aon fhaoiseamh don chréacht anama istigh.

Is damnú é ‘The Tree of Life’ ar luacha na sochaí inar fuineadh is inar fáisceadh Terrence Malick. Tugann an dís réalta fireann, Brad Pitt agus Seán Penn, an-seirbhís d’aisling an stiúrthóra. Is é Mr. O Brien an cruthú is casta a chum aisteoireacht Brad Pitt dúinn riamh. Ach baineann Jessica Chastain, an mháthair, an sméar mullaigh. Is í an Gile i nGrásta Malick í. Ní chuirfinn ainmniúchán d’Osgur thairsti. Agus bheadh sin tuillte go maith aici.

Mar a dúrt ag an tús, ní hionann tábhacht agus iomláine. Géillim do thábhacht an scannáin seo, ach ní obair iomlán í. Dá gcaithfeadh sé Job, an Ollphléasc agus na Bastardaí Dineasár sin sa bhosca bruscair, i dtaca lena chuid móiréise pearsanta féinig, d’fhéadfaí go mbeadh scannán foirfe den bplúrscoth ag Terrence Malick.

Ansin, i bhfianaise scannán a bheadh níos simplí, d’fhéadfadh an criticeoir Peter Bradshaw an ‘epic’ sin a chailliúint óna léirmheas sa Guardian, Peter Travers an ‘reach for the stars’, agus Todd McCarthy ‘man’s place in the grand scheme of things’, agus bheidís triúr níos gaire do scála an éachta atá bainte amach ag Malick.

Téir go dtí an scannán nó ceannaigh an DVD ar ball. Is fiú go mór ‘The Tree of Life’ d’fheiscint chun do bhreithiúnas féin a dhéanamh air. Bhfuil an scannán seo ramhar le huaillmhian, ach tanaí ina cur i gcrích, mar a chreidim? Nó an bhfuil an ceart ag coiste Cannes, criticí móra an domhain, agus pobal an IFI?

Do bharúil?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.