Tá roinnt ealaíontóirí a bhraitheann go gcaithfidh a saothar labhairt amach go feidhmiúil faoi shaol an duine agus faoina anbhás. Bhí Ciara Nic Gabhann ag meabhrú ar obair thriúir díobh sin.
Tá carr, a scriosadh ina iomláine ag buama i mBaghdad roinnt blianta ó shin le feiceáil mar shaothar ealaíne san Imperial War Museum i Londáin faoi láthair. Baineann an saothar leis an ealaíontóir Jeremy Deller agus cuireann sé fírinne lom agus léirscrios cogaidh os ár gcomhair amach ar bhealach díreach simplí.
Tharla an pléascadh i 2007 ar Shráid Al-Mutanabbi, áit a bhí lán le daoine agus stallaí leabhar agus bhí an buama chomh láidir sin gur mharaigh sé 38 duine. Tá an carr anois ina chnap de mhiotal lúbtha dóite agus chuirfeadh an cruth agus an dath meirge atá air corpán ársa i gcuimhne duit ach a bheith leasaithe le himeacht mhall an ama sa phortach. Tá sé an-deacair ag éinne a amharcann air gan a bheith ag meabhrú ar an tionchar a bhí ag an bhuama ar chraiceann agus ar chnámha na ndaoine a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith in aice láimhe nuair a shíob sé.
Baineann saothar Deller le téamaí éagsúla agus bíonn go leor acu bainteach leis an drámaíocht shóisialta. Rinne sé athléiriú i 2001, cuirim i gcás, ar an choimhlint foréigin a tháinig chun cinn le linn stailc mhianadóirí na Breataine sna 80í, ar tugadh Cath Orgreave air. Bhain sé an Turner Prize i 2004 le scannán faisnéise a rinne sé ar bhaile dúchais George W Bush in Texas agus ar an imshuí tubaisteach a chuir na póilíní ar an dream a bhain leis an haicme creidimh Davidian i Waco sa stát sin.
Sula raibh an carr le feiceáil san iarsmalann, bhí sé ar chamchuairt i Meiriceá aige agus é ina ábhar mór fiosrachta agus díospóireachta ag daoine ansin. Is díol suntais é go bhfuil sé anois le feiceáil i suíomh atá lán d’innill agus d’airnéis chogaidh – b’fhéidir le go dtuigfidh muid níos fearr sa chomhthéacs sin toradh millteanach na cogaíochta.
Líon na Sibhialtach
Ba é buamadóir féinmharfach a shíob an carr agus a d’fhág an choscairt chnáimhe, caillteanais agus crá croí ina dhiaidh. De bhrí go bhfuil a oiread sin tubaistí pearsanta bainteach leis an eachtra seo, níl achan duine den tuairim go bhfuil sé de cheart ag Deller leas a bhaint as an charr ar an tslí seo. Deir cuid acu gur masla do na híobartaigh píosa ‘ealaíne’ a dhéanamh as rud chomh millteanach sin agus go bhfuil Deller ag teacht i dtír air. Mar chosaint air seo, deir Deller go bhfuil sé ag iarraidh aird a tharraingt ar cad atá ag tarlú go fírinneach san Iaráic agus ar an mhéadú atá i ndiaidh theacht ar líon na sibhialtach atá marbh mar gheall ar choimhlintí nach ndéanann aon idirdhealú idir trodairí agus sibhialtaigh. Ó thus an 20ú Céad, a deir sé, méadaíodh ar líon na mbásanna i measc an phobail shibhealtaigh ó 10% go 90%.
Níl Deller ina aonar ag iarraidh ealaín a úsáid le pointe láidir a dhéanamh faoi bhrúidiúleacht agus faoi éadairbhe na cogaíochta. Léirigh Francisco Goya radharcanna uafáis sna pictiúir sa tsraith Los Desastres de la Guerra a thaispéain radharcanna doshamhlaithe a tharla le linn Chogadh na Leithinse (1808-14).
Bhí meas mór ag Pablo Picasso ar shaothar Goya agus is cinnte go raibh a thionchar siúd le brath ar an phictiúr cháiliúil Guernica, an racht feirge a lig sé mar fhreagra ar an díothú a rinne na Naitsithe ar an bhaile Bhascach sin i 1937.
F. E. McWilliam
Nuair a thosaigh na Trioblóidí in Éirinn spreag an bhuamáil agus an scrios a chonaíc an dealbhóir F. E. Mc William an tsraith, Mná Bhéal Feirste, áit ar thaispeáin sé corp mná ag súisteáil san aer i ndiaidh do bhuama pléascadh.
Sa seanam, ba rud uasal onórach é bás óglaigh - Dulce et decorum est pro patria mori – mar a dúirt Horace, an file Rómhánach fadó. De réir mar a bhí na hinnill chogaíochta agus na gléasanna scriosta ag éirí níos cumhachtaí agus níos tréamanta, is amhlaidh is mó a bhí ealaíontóirí an tsaoil ag tiontú in éadan an dearcaidh seo ar an chogaíocht.
“I gcogaíocht an lae inniu”, a scríobh Ernest Hemingway, fear a chonaic lena shúile féin uafás chogaíocht na linne seo i gCogadh Cathartha na Spáinne, “níl aon rud faoin bhás atá caoin ná cuí. Cuirfear chun báis thú mar a dhéanfaí le madadh agus gan aon chúis mhaith leis.”
Is é an dearcadh nua-aimseartha seo ar an bhás atá chun tosaigh i saothar Deller.