CÚINNE NA nEALAÍON
TP Flanagan
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chuaigh an scéala brónach amach go bhfuair an t-ealaíontóir TP Flanagan bás ar na mallaibh, fear a bhí ag obair suas go lá deiridh a shaoil. Amharcann Ciara Nic Gabhann siar ar a shaol agus ar an saothar mór luachmhar atá fágtha ina dhiaidh.

Íomhá
TP Flanagan leis an Burns Library, Boston College
Flickr
Íomhá
Jack B. Yeats 1904 le Alice Boughton
Vicipéid

Shíl TP Flanagan nach mbeadh mórán le rá aige faoi thírdhreachanna a cheantair féin nach raibh ráite cheana féin ag ealaíontóirí a tháinig roimhe, ar nós Paul Henry, Tom Carr agus JB Yeats, a rinne cur síos ar chósta iarthuaisceart na hÉireann ar a mbealach suntasach féin. Mhothaigh sé nach raibh tada sa bhreis ann a dtiocfadh leis a chur le hoidhreacht s’acusan. Nach méanar dúinn nár ghlac sé lena chomhairle féin.

Níor leor le TP léiriú traidisiúnta a dhéanamh ar radharc, ar an dromchla gan léiriú a dhéanamh ar an rud a bhí taobh thiar de. Agus ar ndóigh, ní dhearna sé sin. Bhí spéis aige a bheith ag tochailt níos doimhne ná sin, le go scaoilfeadh sé saor lena chuid scuaba péinte na scéalta dúrúnta a bhí faoi cheilt sa tírdhreach. Bhí móthúcháin agus leochailleacht ag baint lena shaothar chomh maith le bua péintéireachta a d’fhorbair sé ar feadh breis is trí scór blianta.

B’as Inis Ceithleann ó dhúchas dó agus is thart ar an chontae sin, Fir Manach, agus ar chontae Shligigh is mó a bhí an chuid is mó dá shaothar bunaithe. Is é sin, seanchríoch Chineál Chairbre, sinsear mhuintir Uí Fhlannagáin Tuath Rátha i bhFir Manach. Ba í a aintín i Lios an Dalláin, i dtuaisceart Shligigh, a spreag ar dtús é ach ba í a sheanmhúinteoir scoile féin, Kathleen Bridle (1897-1989), a chuir slacht ar a scil péintéireachta agus a threoraigh i dtreo an Choláiste Ealaíne i mBéal Feirste é, áit ar bhain sé cáilíochtaí amach.

Heaney

Is le linn na tréimhse seo sna 50í agus é ag tosú amach mar mhúinteoir ealaíne i gColáiste Naomh Muire, Béal Feirste, a chuir sé aithne ar an fhíle óg Seamus Heaney agus thosaigh dlúthchairdeas eatarthu a mhair iomlán a shaoil.

Deirtear gur spreag an bheirt acu a chéile go mór nuair a thosaigh siad ag obair le chéile. Sa bhliain 1967, cuirim i gcás, nuair a bhí siad pósta agus clann óg acu, chaith siad samhradh i nGort a’ Choirce, in iarthuaisceart Dhún na nGall, ag dul don phéintéireacht agus an fhilíocht i gcuideachta a chéile. Is ón tréimhse seo a fuair Flanagan an spreagadh dá shaothar ‘Boglands’ agus thiomnaigh sé dá chara Seamus Heaney é. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, mar fhreagra ar an tiomnú seo, scríobh Heaney an dán ceannródaíoch Boglands.

Scríobhann Heaney sa saothar seo go raibh an portach cosúil le him saibhir dubh, a d’oscail faoi do chois, gach sraith den ithir seo dlúth agus beo le fréamhacha cianda nach raibh deireadh leo. Tá an meafar seo le brath i saothar Flanagan chomh maith sa mhéid is gur léirigh sé an tírdhreach mar rud a raibh an ársaíocht agus an lá inniu araon beo beathaíoch ann.

Agus é ag obair ar thírhreach, tharraingíodh sé cuid mhór sceitseanna de i dtús báire, ag dul ar ais arís is arís eile chuig an áit chéanna ag déanamh staidéir air. Is é an rud a bheadh aige mar thoradh ar an diansaothrú seo sa deireadh, pictiúr ina bhfaighfeá leideanna d’achan ghné den tírdhreach a bhí aimsithe aige ina chuid sceitseanna díreach mar a dhéanfadh an máistirdhriogaire deoch dhraíochta as an iliomad ábhar.

Is é a shaothar uiscedhatha is mó a thuill clú dó agus iad léirithe le stríocanna saora scaoilte den scuab péinte agus le dathanna drámatúla. Tá saothar dá chuid le feiceáil i mbailiúcháin ar fud an domhain, ina measc, i nDánlann Hugh Lane agus in Iarsmalann na hEalaíne Nua-aimseartha i mBaile átha Cliath.

Ba bhall den Royal Hibernian Academy é agus ba iar-uachtarán ar an Royal Ulster Academy é. Bronnadh dochtúireacht oinigh sna míndána air in Ollscoil Uladh sa bhliain 2010, an bhliain chéanna ar bhain sé an ceithre fichid bliain amach.

Méala mór a bhás dá bhean chéile, Sheelagh agus dá dtriúr clainne agus is cailleadh mór é do shaol na healaíne in Éirinn thrí chéile.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.