Tá an saol ag athrú agus ní hiontas go bhfuil dearadh na teicneolaíochta ag tolgadh ar aghaidh go sciobtha. Cuid dár mhol Roseanne Smith anuraidh, scoitheadh idir an dá linn é.
»»»Creideann Ciarán Mac an Bhaird gur fiú go mór an deis a thapú atá curtha ar fáil ag an rialtas leis an Scéim Dhreasachta Coigiltis.
»»»Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Measann Emer Ní Bhrádaigh go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus leis an deacracht atá ann de bharr líon na ndaltaí Ardteistiméireachta a bheith ag titim.
»»»Tá cur síos an mhí seo ag Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na háiseanna ríomhaireachta atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas.
»»»Tá go leor deacrachtaí ag baint le pictiúir theilifíse a chraoladh ar an idirlíon. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na slite a bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo sa ghearrthéarma.
»»»Measann go leor de mhuintir na hÉireann gur luachmhaire an éiceolaíocht agus an timpeallacht ná an Ghaeilge agus an oidhreacht, dar le hEmer Ní Bhrádaigh.
»»»Nuair a bhunaigh Alan Mac Eochagáin, SJ, agus a chomhghleacaithe in Ionad Cumarsáide na nÍosánach suímh urnaithe (ceann i nGaeilge ina measc) i 1999 ba bheag a shíl siad go mbeadh trí mhilliún cuairteoir acu taobh istigh de thrí bliana.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh lá Nollag sa phríosún. Míníonn sí in alt na míosa seo conas a tharla sé sin.
»»»Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le ceamaraí digiteacha.
»»»Tá cur síos ag Brian Ó Broin in alt eile san eagrán seo ar na deacrachtaí móra atá ag lucht na Gaeilge de bharr go bhfuil na príomhfhoclóirí sa teanga go mór as dáta. Tá comhlacht nua darb ainm acmhainn.ie tagtha ar an fhód, áfach, a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic leis an fhadhb sin. Míníonn duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Antain Mac Lochlainn, cad iad na seirbhísí a bheas á dtairiscint acu.
»»»Osclaíodh comhlacht nua deartha gréasáin, An Webbery, ar an Fhál Carrach in iarthuaisceart Dhún na nGall mí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá cur síos anseo ag Mary Attenborough, stiúrthóir teicniúil an chomhlachta, ar cheann de na príomhsheirbhísí atá acu, forbairt suíomh ríomhthráchtála gréasáin.
»»»Féachann Diarmaid Mac Mathúna siar ar chuid de na rudaí is tábhachtaí a thit amach sa ríomhaireacht le linn na bliana 2001 agus molann sé dhá shuíomh gréasáin a chabhróidh leat do shaol a athrú sa bhliain atá amach romhainn.
»»»Caitheann Emer Ní Bhrádaigh súil siar ar chuid d’imeachtaí na bliana 2001.
»»»Tá straitéis nua sláinte curtha faoi bhráid an phobail ag an gcomhrialtas ach tá go leor éagothroime i gcúrsaí leighis go fóill, dar le hEmer Ní Bhrádaigh.
»»»Díríonn Diarmaid Mac Mathúna a aird ar scanóirí i gcolún na míosa seo.
»»»Ní i gcónaí a éiríonn le lucht margaíochta a thuar cad iad na táirgí a n-éireoidh go maith leo, mar a mhíníonn Emer Ní Bhrádaigh.
»»»Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna an mhí seo don té a bheadh ag smaoineamh ar phrintéir nua a cheannach.
»»»Le sé bliana anuas tá Gaeltext, an tseirbhís teilithéacs as Gaeilge, ag cur eolais ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Máire Ní Fhinn, Eagarthóir na seirbhíse, cur síos anseo ar chúlra Gaeltext agus ar an bhforbairt atá tagtha air le tamall anuas.
»»»Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna don té a bheadh ag smaoineamh ar ríomhaire nua a cheannach.
»»»Chuir an t-uafás i Nua-Eabhrac an mhí seo caite Emer Ní Bhrádaigh ag machnamh ar na difríochtaí idir an tIarthar agus an Meánoirthear agus ar easpa tuisceana lucht gnó an Iarthair ar chultúir eile.
»»»Tá ríomhairí ag bailiú eolais go leanúnach faoi úsáideoirí an idirlín agus a gcuid nósanna. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Tá Emer Ní Bhrádaigh den tuairim go bhfuil sé tábhachtach scoláirí tríú leibhéal a ullmhú don saol mór seachas a gcloigeann a líonadh le fíricí.
»»»Nuair a d’fhill an teicneolaí Ciarraíoch Tomás Mac Gearailt ar Éirinn roinnt blianta ó shin ní raibh sé beartaithe aige a bheith ina dhíoltar leabhar. Mhínigh sé do Liam Ó Caiside cén fáth ar chinn sé ar an gcomhlacht idirlín litriocht.com a bhunú, mar sin.
»»»Aréir bhíos ag léamh leabhair a foilsíodh sna 1960í faoi choincheap an chaipitil dhaonna agus b’ionadh liom an dul chun cinn atá déanta againn mar shochaí ach b’ionadh liom níos mó an easpa dul chun cinn ar bhealaí eile.
»»»Cé go bhfuil Baltimore Technologies go mór sa nuacht faoi láthair, is beag duine a bhfuil a fhios aige go díreach cad a dhéanann siad. Sin fadhb atá ag cuid mhaith comhlachtaí atá bainteach le slándáil ar an idirlíon - is réimse chomh casta sin é nach dtuigeann daoine cad atá i gceist.
»»»Is beag duine nach bhfaigheann teachtaireacht ríomhphoist go rialta mar gheall ar víreas ríomhaireachta - ach ní bhíonn bunús ar bith le formhór na dteachtaireachtaí sin. Is minic a scaiptear teachtaireachtaí mar gheall ar víris bhréige (nó “hoax viruses") agus tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo agus rabhadh ar chóir aird a thabhairt air.
»»»Tá amhrán ag Seán Keane na Gaillimhe dar teideal ‘From Galway to Graceland’, agus smaoiním air seo nuair a bhíonn an díospóireacht ar siúl faoi Bhaile Átha Cliath ag bogadh níos gaire do Bherlin nó do Bhoston. Bhí comhdháil ar siúl i mí na Bealtaine faoin téama seo ag ISME, ceann de na heagrais do chomhlachtaí beaga agus leathmhóra. Tá an cheist le freagairt againn go luath le cinntiú nach ndéanfaimid an iomarca de na botúin a deineadh i gceachtar den dá áit sin. An bhfuilimid ag iarraidh níos mó cumhachta a thabhairt d’fhórsaí an mhargaidh agus do mhúnla chaipitleachas dírialaithe Mheiriceá, nó an fearr múnla sóisialta na hEorpa.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.