GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Siopadóireacht trí Ghaeilge ar líne
Mary Attenborough Mary Attenborough

Osclaíodh comhlacht nua deartha gréasáin, An Webbery, ar an Fhál Carrach in iarthuaisceart Dhún na nGall mí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá cur síos anseo ag Mary Attenborough, stiúrthóir teicniúil an chomhlachta, ar cheann de na príomhsheirbhísí atá acu, forbairt suíomh ríomhthráchtála gréasáin.

Íomhá
Mary Attenborough leis an Aire Stáit Máire Ní Chochláin TD, an lá a láinseáladh An Webbery, 21 Deireadh Fómhair 2001
Grianghraf: Eoin McGarvey
Íomhá
www.webbery.ie

Is é an costas atá ag baint le do shuíomh féin gréasáin a chur le chéile is cúis, b’fhéidir, leis an bheaguchtach atá ar ghnólachtaí beaga a dhul ar líne. Ach má amharctar ar an phróiseas mar leathnú ar an ghnó, is cinnte gurb ionann é agus ceann de na roghanna is éifeachtaí, i dtaca le costas de, do ghnólacht ar bith.

San am a chuaigh thart, bhí sé iontach costasach a dhul ar líne. Ba seo nuair a cruthaíodh an t-idirlíon i dtús báire agus mheas go leor comhlachtaí úra idirlín go bhféadfadh siad a rogha luach a bhaint amach siocair go raibh saineolas acusan ar an teicneolaíocht úr seo. Ní hamháin gur gearradh táillí an-arda ar chur le chéile suíomh ach chomh luath is a bhí suíomh ag feidhmiú, ní raibh mórán spéise ag na dearthóirí amharc ina dhiaidh ó lá go lá.

Bhí deacrachtaí ag custaiméirí le cuid mhór de na céad suímh sin. Ní raibh siad furasta a úsáid nó níor oibir siad i gceart agus, ar an tséala sin, theip orthu cloí leis an ghealltanas a tugadh fán éifeachtúlacht costais a bhí maíte le haois an idirlín.

Is é rabairne mórán de na chéad chomhlachtaí idirlín a bhí ina bunsiocair leis an tobthitim a tháinig san earnáil ponc com. Bhí rachmasaithe fiontair thar a bheith sásta suimeanna móra airgid a thabhairt do dhuine ar bith a raibh smaoineamh measartha maith aige fán idirlíon. Lig siad a gciall gnó i ndearmad glan.

I ndáiríre, is beag difear atá idir a bheith ag díol ar an idirlíon agus a bheith ag postdíol go díreach trí chatalóg sheanaimseartha. Má tá rath le bheith ar do ghnó, caithfidh do chuid custaiméirí muinín a bheith acu i do chomhlacht, caithfidh do chuid táirgí agus an dóigh a bhfuil siad curtha i láthair i do chatalóg a bheith taitneamhach do na custaiméirí agus caithfidh modh ordaithe agus íocaíochta na n-earraí a bheith éasca agus sásúil dóibh.

Córas bainistíochta

réiteach faighte againne ar fhadhb an chostais idirlín, a bhuíochas do e-Siopadóir - córas bainistíochta ábhair a ndearna muid forbairt air agus a úsáideann muid le siopa ar líne a chruthú d’ár gcustaiméirí. Is éard atá ann ná bealach le suíomh ríomhthráchtála a chur le chéile trí úsáid a bhaint as teimpléad dearaidh. Do gach táirge, bíonn leathanach ar leith ina mbíonn pictiúr, ainm agus sonraí an táirge chomh maith le gnéithe roghnacha ar bith atá ag baint leis an táirge (méid, éagsúlacht dathanna, etc.).

Tá sé furasta do bhealach a dhéanamh fríd an suíomh agus tá léarscáil ann ina bhfuil mionsceitsí de na táirgí go léir, le cois áis chuardaigh. Ina chuideachta seo, tá leathanach teagmhála agus leathanach eolais ginearálta. De thairbhe go bhfuil roghnóir teanga ar gach leathanach, thig leat do chuid earraí a dhíol trí Ghaeilge nó trí Bhéarla.

Ní chosnaíonn an gnáth e-shiopa ach €2,500 (níos lú ná £2,000 Éireannach), gan CBL san áireamh. Clúdaithe sa táille seo, tá costas bunaidh an tsuímh chomh maith le haíocht bliana. Tá an suíomh curtha in oiriúint d’íocaíochtaí le cárta creidmheasa de thairbhe go bhfuil freastalaí iontaofa mar chúltaca againn. Más mian leat, leanfaidh muid ar aghaidh le haíocht agus cothabháil do shuímh ar ghnáth-tháille de €750 sa bhliain, gan CBL san áireamh. Agus do shiopaí iontach beag, thig lenár gcostas bunaidh a bheith chomh híseal le £1,500 Éireannach.

Buntáiste breise

Ní hamháin gurb é seo an rogha ríomhthráchtála is saoire atá ar fáil in Éirinn ach tá buntáiste breise leis - an Ghaeilge. Cionn is gur comhlacht muidinne atá lonnaithe ar an Fhál Charrach, i nGaeltacht Dhún na nGall, ba mhian linn ár gcion féin a dhéanamh i gcur chun cinn na teanga. Ach thairis sin, mheas muid gur uirlis fhíorthairbheach í do ghnó Éireannach agus nach bhfuiltear ag tabhairt na creidiúna sin di i láthair na huaire. Is í an Ghaeilge ceann de na gnéithe is bunúsaí inár gcultúr agus tuigeann mórán daoine, anseo in Éirinn agus ar fud an domhain araon, an tábhacht atá le húsáid na teanga sa ghnáthshaol tráchtála agus an pháirt mhór atá aige sin i gcosaint ár n-oidhreachta. Is chuige seo atá ár bpacáiste ríomhthráchtála á thairiscint go dátheangach.

Mar sin de, tá deis curtha ar fáil do chomhlachtaí suíomh lánfheidhmeach ríomhthráchtála a bheith acu, ceann ina bhfuil rialú stoic, ina bhfuil nuashonrú déanta ar phraghsanna ar líne, ina bhfuil cumas ríofa CBL agus costas seachadta atá bunaithe ar mheáchan na n-earraí. Lena chois sin, táimid ag tairiscint tacaíocht leanúnach sa dóigh gur féidir cothabháil agus aíocht a dhéanamh ar an suíomh. É seo ar fad seo ar saorchonradh i gcomparáid leis na luachanna atáthar a bhaint amach in áiteacha eile, agus, ar ndóigh, sochar á bhaint as an Ghaeilge i do chuid siopadóireachta.

Ní hí an cheist atá os do chomhair amach ná an bhfuil sé i d’acmhainn dul ar líne ach an dtig leat neamhiontas a dhéanamh d’fhorbairt do ghnó féin agus d’fhorbairt do thíre san am atá le theacht?

Suíomh gréasáin An Webbery: http://www.webbery.ie

Is as Birmingham Shasana í Mary Attenborough ó dhúchas. Tá sí ina cónaí in Éirinn ó bhí 1998 ann. Is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag: marya@webbery.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.