GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Áis iontach, nua do lucht na Gaeilge
Antain Mac Lochlainn Antain Mac Lochlainn

Tá cur síos ag Brian Ó Broin in alt eile san eagrán seo ar na deacrachtaí móra atá ag lucht na Gaeilge de bharr go bhfuil na príomhfhoclóirí sa teanga go mór as dáta. Tá comhlacht nua darb ainm acmhainn.ie tagtha ar an fhód, áfach, a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic leis an fhadhb sin. Míníonn duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Antain Mac Lochlainn, cad iad na seirbhísí a bheas á dtairiscint acu.

Íomhá
Íomhá
www.acmhainn.ie

Is breá liom an deis seo a thapú agus acmhainn.ie a chur i láthair léitheoirí Beo!, dream a bhfuil seanchleachtadh acu ar fhoilseacháin leictreonacha. Ach oiread leis an iris seo, is iarracht é acmhainn.ie freastal ar phobal mionteanga atá scaipthe ar fud na hÉireann agus an domhain mhóir trí chéile. Tá súil agam go mbeidh sé chomh rathúil le Beo!

Dá mbeadh orm cur síos ar acmhainn.ie in aon abairt amháin, is é a déarfainn gur láithreán áiseanna do phobal na Gaeilge atá ann. Tá a fhios againn go léir na heasnaimh a chuireann as do shaothrú na Gaeilge. An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Foclóir an-úsáideach go fóill é foclóir de Bhaldraithe, ach féach nach bhfuil an focal computer ann fiú amháin.

Ar ndóigh, tá sárobair déanta chun na bearnaí a líonadh agus tá áiteanna ann ina bhfuil an Ghaeilge á saothrú ar an leibhéal is airde ar fad. Smaoiním ar an nGúm, ar an gCoiste Téarmaíochta, ar Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais, ar na Ranna Nua-Ghaeilge sna hollscoileanna, ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ agus go leor eile. Ach tá sárobair na bhforas sin scaipthe ar fud na bhfud. Tá cúpla dosaen sainfhoclóir foilsithe ag an nGúm féin, gan trácht ar ábhar atá foilsithe ag Coiscéim, Bord na Gaeilge, Fiontar agus eagraíochtaí eile.

Cuimhnigh freisin nach bhfuil i bhfoclóirí an Ghúim ach na téarmaí a bhaineann le hábhar áirithe - réalteolaíocht, talmhaíocht agus araile. Tá sciar maith d’obair an Choiste Téarmaíochta a bhaineann le réimsí eile saoil - an t-oideachas, an tseoltóireacht, cúrsaí ealaíne - agus nár foilsíodh riamh i bhfoirm leabhair. Bhuail Aogán Ó Muircheartaigh an sprioc nuair a rinne sé an gearán seo thíos:

Ar deireadh thiar ná fuil sé in am ag na háisíneachtaí stáit - agus ag na scoláirí gairmiúla sna coláistí tríú leibhéal chomh maith - áis cheart/áiseanna cearta a sholáthar ar an Idirlíon ina mbeadh teacht ar gach focal nua a chumtar (mar aon le dáta a chumtha!) agus ligean do dhaoine a bheith ag áiteamh ina dtaobh agus ag baint feidhme astu … Is mór an náire ná fuil a leithéid de áis Idirlín ar fáil go fóill (Feasta, Feabhra 2001).

Seans nach ndéanfaidh acmhainn.ie gach rud a d’éiligh Aogán, ach tá lúcháir orainn a rá go bhfuil liosta cuimsitheach téarmaí de chuid an Choiste Téarmaíochta curtha ar fáil ag an nGúm le haghaidh a fhoilsithe ar an láithreán. Is mór an chreidiúint don Ghúm gur chuir siad an t-ábhar ar fáil mar seo. Ar ndóigh, is mian leo thar aon rud eile go mbainfí úsáid as toradh a saothair. Beidh naisc ar acmhainn.ie le foinsí eile téarmaíochta agus foclóireachta atá foilsithe ar an nGréasán Domhanda cheana, agus táimid féin ag súil le tuilleadh foinsí eisiacha a fhoilsiú amach anseo.

Is é Donncha Ó Cróinín, ríomhtheangeolaí, mo leathbhádóir ar an long leictreonach seo agus is é a chuimhnigh ar an láithreán a bhunú an chéad lá riamh. Dar leis go bhféadfaí é a úsáid le haghaidh teagaisc agus comhairle a chur ar dhaoine faoi cheird an aistriúcháin (rud a dhéantar faoin gceannteideal “Oideas") agus fóram a sholáthar a ligfeadh do dhaoine ceisteanna agus comhairle a chur ar a chéile faoi ghnéithe den Ghaeilge (rud a dhéantar san Fhóram Ríomhphoist).

Gné thábhachtach eile den láithreán is ea Taisce na dTéacsanna. Ar thriail tú riamh gnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, nó leagan Gaeilge a fháil de cháipéis thábhachtach ar nós Chomhaontú Aoine an Chéasta, nó Conradh Nice? Is minic na foinsí seo ann ach nach eol dúinn iad a bheith ar fáil. Nár bhreá dá mbeadh ionad ar leith ann ina dtiocfadh le lucht na Gaeilge dul a chuardach na bhfoirmeacha agus na gcáipéisí a bhíonn de dhíth orthu? Sin é is cuspóir do Taisce na dTéacsanna. Ar ndóigh, táimid ag brath go mór ar lucht na Gaeilge cabhrú linn sa ghné seo den obair agus téacsanna Gaeilge a chur ar fáil dúinn le haghaidh a bhfoilsithe ar acmhainn.ie.

Tá cabhair agus urraíocht faighte againn cheana féin ó Fhoras na Gaeilge ach leanfaimid orainn ag stocaireacht ábhair agus gan de mhana againn ach “tugaigí dúinn a bhfuil agaibh!”

Is é Cathal Mac Coille (RTÉ/Foinse) a sheolfaidh acmhainn.ie in oifigí Fhoras na Gaeilge ar a sé a chlog, Déardaoin 7 Feabhra.

Is as Contae Dhoire ó dhúchas é Antain Mac Lochlainn. Tá sé ina chónaí i dtuaisceart Chontae Átha Cliath anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.