GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Ríomhairí soghluaiste pearsanta agus WAP: na huirlisí is oiriúnaí don ríomhaireacht sa todhchaí
Pádraig Ó Cuinneagáin Pádraig Ó Cuinneagáin Pádraig Ó Cuinneagáin
Íomhá
Íomhá

Tá cuid mhaith cainte cloiste againn le tamall anuas faoi ghutháin shoghluaiste leis an teicneolaíocht is deireanaí darb ainm WAP iontu. Ligeann WAP (Wireless Application Protocol / Prótacal Feidhmiúcháin Neamhshreangaithe) d’úsáideoirí guthán soghluaiste agus ríomhairí neamhshreangaithe araon teacht ar an idirlíon agus úsáid a bhaint as. Seo iad na feidhmeanna idirghreasáin a bhaineann leis an teicneolaíocht úr seo: ríomhphost, bainistiú teachtaireachtaí, liostáil gníomhaíochtaí agus seoladh facsanna. Tá an córas WAP úsáideach fosta do ghníomhaíochtaí tráchtála, agus le teacht ar eolas faoi chúrsaí gnó, faoi chúrsaí siamsaíochta, agus faoi chúrsaí tráchta agus taistil.

Fágann an chéim mhór atá tógtha chun tosaigh sa teicneolaíocht nach gá dúinn a bheith gafa ag an deasc más mian linn úsáid a bhaint as an idirlíon agus as na feidhmeanna gaolmhara a bhaineann leis. Ar an ábhar sin tá gutháin shoghluaiste agus na ríomhairí neamhshreangaithe ar nós PDA (Personal Digital Assistants/Cúntóirí Pearsanta Digiteacha) ag éirí níos leitheadaí agus níos riachtanaí i measc an ghnáthphobail agus an lucht gnó chomh maith.

Bhí 400 milliún úsáideoir ag na gutháin shoghluaiste faoi lár na bliana 2000. Meastar go méadóidh an uimhir seo go billiún faoin bhliain 2002. Chomh maith leis sin, tá gach seans ann go n-athróidh na húsáideoirí a gcuid guthán ionas go mbeidh siad in ann teacht i dtír ar na feidhmeanna is nua-aimseartha. Tá na gutháin shoghluaiste agus na ríomhairí neamhshreangaithe ag athrú de shíor agus is é an t-idirlíon is cúis leis seo.

Teastaíonn ó dhaoine, agus ón lucht gnó go háirithe, go mbeadh siad in ann teacht ar eolas fad is atá siad ag taisteal ó áit go háit. Ligeann an córas WAP don úsáideoir teacht ar eolas agus mar sin tá áit lárnach ag an chóras in athrú na teicneolaíochta. Maíonn lucht díolta guthán soghluaiste go mbeidh feidhmiúchán WAP le fáil in idir 30% agus 80% de na gutháin a dhíolfar sna blianta beaga atá romhainn. Más fíor don tairngreacht seo, beidh WAP ina chuid lárnach, mar sin, den ríomhaireacht phearsanta sa todhchaí. Faoi láthair, tá thart ar 67,000 duine ag clárú in aghaidh an lae chun an córas WAP a úsáid, sin chóir a bheith duine gach soicind.

Féidearthachtaí agus laigí

Tá teacht againn in Éirinn ar an chóras WAP le breis is bliain anuas agus tá tomhaltóirí na tíre ag éirí eolach ar na féidearthachtaí agus ar na laigí a bhaineann leis an teicneolaíocht seo. Is é an dara glúin den chóras WAP atá in úsáid anseo faoi láthair, ach ní bheidh feidhmeanna iomlána an idirlín ag WAP go dtí go mbeidh an tríú agus an ceathrú glúin ar fáil.

Is é an míbhuntáiste is mó a bhaineann leis an chóras WAP ná go bhfuil sé teoranta ó thaobh feidhmeanna de. Tá muid ag fanacht ar na déantóirí sa tSeapáin córais a chur ar fáil dúinn a sháróidh na laigí atá ag WAP faoi láthair. Is é an laige is mó atá ag baint leis na gutháin shoghluaiste agus leis na ríomhairí neamhshreangaithe reatha ná go bhfuil na scáiléain iontu teoranta ó thaobh spáis de. In theannta sin glacann sé rófhada dul ó leathanach amháin go leathanach eile agus le tascanna áirithe a chur i gcrích. Is mar gheall ar na cúinsí seo nár glacadh go forleathan go fóill leis na gutháin agus leis na ríomhairí neamhshreangaithe a bhfuil feidhm an WAP iontu.

Le teacht ar an saol an Palm vii sa bhliain 1999, cruthaíodh gléas úr a sháraigh fadhb mhór na teicneolaíochta soghluaiste: an dóigh nach rabhthas ábalta ríomhairí neamhshreangaithe a cheangal leis an idirlíon. Tharla an fhadhb seo de bharr neamh-chomhoiriúnacht na ngléasanna éagsúla. Tá úsáid fhorleathan á baint as an chóras digiteach san Eoraip agus sa tSeapáin ach is é an córas analóige atá leitheadach sna Stáit Aontaithe. Is san Eoraip agus sa tSeapáin is mó a bhainfear úsáid as an WAP sna blianta atá amach romhainn. Tarlóidh sé seo siocair go bhfuil an córas digiteach, atá nua-aimseartha agus ilfheidhmeach, in úsáid sa dá réigiún sin.

ráchairt ar chóras mar WAP. Tá daoine ag gluaiseacht thart níos mó agus níos minicí agus is mian leo teacht ar eolas agus iad i mbun taistil. Teastaíonn ó fhostóirí go mbeadh a gcuid fostaithe ar an eolas fad is atá siad ag imeacht thart i mbun a gcuid oibre. Tá córais WAP feiliúnach chuige seo agus cuireann sé ar chumas na bhfostaithe a bheith táirgiúil agus gan iad san oifig.

Tá an costas a bhaineann leis an teicneolaíocht shoghluaiste ag síorlaghdú. Faoin am a thiocfaidh an tríú agus an ceathrú glúin de WAP ar an saol, is dócha go mbeidh na gléasanna an-saor go deo, i gcomparáid leis an chostas atá orthu anois.

Tá na sliseanna sna ríomhairí neamhshreangaithe ag éirí níos lú fosta. Nuair a laghdaítear na sliseanna bíonn gá le níos lú cumhachta aibhléise do na ríomhairí (PDA). Ar an ábhar sin tá gléasanna WAP ag teacht ar an saol atá sárchumasach. Beidh mionsliseanna cumhachta, teicneolaíocht úr leiriúcháin agus próiseáil físe agus fuaime sna gléasanna amach anseo.

Díolachán

Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil ráta díolacháin na nguthán soghluaiste níos ísle i mbliana ná mar a bhí sa bhliain 2000. Maítear go bhfuil sé seo ag tarlú mar go bhfuil a fhios ag daoine anois na teorainneacha a bhaineann le WAP sna gléasanna reatha. Tá gach iarracht á déanamh na laigí seo a shárú le cinntiú go mbeidh WAP ina uirlis ríthábhachtach.

Sa bhliain 2000, ba í an Eoraip an áit ba mhó ar ceannaíodh gutháin agus gléasanna neamhshreangaithe (140.5 milliún aonad). Creidtear go mbeidh an Áis agus an tSeapáin chun tosaigh faoi dheireadh na bliana seo, áfach. Faoin bhliain 2005, meastar go mbeidh an réigiún sin ag díol suas le 740 milliún guthán agus gléas neamhshreangaithe sa bhliain. Más fíor don tairngreacht seo, beidh áit lárnach ag WAP sa teicneolaíocht choitianta sa todhchaí.

Úsáideadh an córas WAP le chóir a bheith luach billiún dollar de ghníomhaíochtaí tráchtála a chur i gcrích sa bhliain 2000. Táthar den tuairim go mbeidh thart ar 130 milliún custaiméir ann faoin bhliain 2004 agus go mbeidh suas le 14 billiún gníomh sa bhliain ar bun acu seo tríd an chóras WAP. Meastar fosta go mbeidh luach $230 billiún ar na gníomhaíochtaí tráchtála faoin bhliain 2006. Is léir mar sin go bhfuil méadú as cuimse le teacht ar an WAP agus ar an teicneolaíocht neamhshreangaithe. Tá leithéidí Visa, Allied Irish Banks agus Master Card in éis dul i muinín na teicneolaíochta seo. Tá ardsábháilteacht de dhíth orthu seo ach táthar dóchasach go bhfuil WAP in inmhe é seo a chur ar fáil.

Tá an chuma ar an scéal go leanfaidh an fás i gcás WAP agus na teicneolaíochta neamhshreangaithe ar aghaidh ach ag ráta níos airde. Tá an teicneolaíocht reatha WAP teoranta go fóill, ach sárófar na deacrachtaí leis an fhorbairt atá beartaithe. Beidh orainn fanacht ar scor ar bith go ceann píosa eile go dtí go mbeidh teicneolaíocht an tríú agus an ceathrú glúin de WAP ar fáil. Faoin tráth sin tá gach seans ann go mbeidh an cumas céanna ag WAP is atá ag an idirlíon i láthair na huaire. Chomh maith leis sin, dealraíonn sé go mbeidh na déantóirí agus na soláthraithe seirbhíse aontaithe faoi chomhchaighdeán. Fágfaidh sé seo go mbeidh WAP ina uirlis lárnach agus riachtanach sa saol laethúil, ag lucht gnó agus ag an phobal i gcoitinne.

Is múinteoir bunscoile é Pádraig Ó Cuinneagáin atá ag déanamh MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.