Tá Emer Ní Bhrádaigh den tuairim go bhfuil sé tábhachtach scoláirí tríú leibhéal a ullmhú don saol mór seachas a gcloigeann a líonadh le fíricí.
Tá tuistí na tíre ag stiúradh a bpáistí trí chóras an CAO faoi láthair agus i gceann cúpla seachtain beidh na déagóirí iad féin ag ullmhú an “mhála scoile” don chéad tréimhse eile dá n-oideachas. Ach an bhfuil an rogha cheart déanta acu, an ullmhóidh na cúrsaí a roghnaigh siad iad don saol mór? Deir m’fhoclóir liom go dtagann an focal “education” ón Laidin “ducere” a chiallaíonn treorú (to lead). Smaoiním féin gurb é an dualgas atá orainn mar oideachasóirí ná na scoláirí a ullmhú don saol mór trí a dtuiscint, a gcuid eolais agus a ndearcadh a fhorbairt.
Uaireanta, cuirimid béim rómhór ar fhíricí a fhoghlaim de ghlanmheabhair, seachas tuiscint a fhorbairt ar fhadhbanna agus ar cheisteanna an tsaoil. Uaireanta eile cuirimid an iomarca béime ar dhaoine a thraenáil do phostanna. Bhí sé sin an-tábhachtach san am a raibh ganntanas postanna ann agus a rabhamar ag brath go mór ar na postanna a sholáthair na comhlachtaí ilnáisiúnta. Ach anois go bhfuil feabhas ar gheilleagar na tíre, b’fhéidir gur chóir dúinn tathaint ar an aos óg staidéar a dhéanamh ar an ábhar a thaitníonn leo seachas an ceann a ndeirtear go bhfuil go leor postanna ag baint leis.
Labhraimid ar shochaí atá bunaithe ar eolas, seachas ar scileanna. Níos mó agus níos mó tá gá ag an oibrí le réimse leathan scileanna in ionad an réimse chúing a bhí go breá fiche bliain ó shin. Anois bíonn an oiread athruithe ag tarlú go tapaidh gur gá go mbeadh daoine in ann athrú ó jab amháin go jab eile go minic ina s(h)lí bheatha - bíodh na jabanna sin san aon chomhlacht amháin nó i gcúpla comhlacht éagsúla. An bhfuil an córas oideachais tar éis faillí a dhéanamh iontu siúd a fhágtar gan an fhéinmhuinín dul le slí bheatha eile nó a bpostanna féin a chruthú nuair a theipeann ar mhonarcha in earnáil thraidisiúnta?
Bhí comhrá agam le ceathrar feirmeoirí óga tamall ó shin faoi thodhchaí na feirmeoireachta. Mheasadar go héadóchasach nach rabhadar cáilithe le haon rud eile a dhéanamh. Ní raibh an tuiscint acu go raibh scileanna forbartha acu i bpleanáil, bainistíocht, réiteach fadhbanna agus idirbheartaíocht, gan trácht ar na scileanna san obair í féin. Smaoiním go minic freisin ar na daoine a chuirtear faoi iomarcaíocht nuair a dhúntar monarcha éigin. Tar éis an chéad seal éadóchais, atá intuigthe, cé mhéid acu a bhíonn in ann casadh i dtreo jab nó slí bheatha nua?
Éascaitheoirí
I ndearadh curaclaim san ollscoil s’againne, cuirtear béim ar fhoghlaim agus ar fhorbairt an scoláire, seachas ar an múinteoireacht. Is éascaitheoirí don bhfoghlaim iad na léachtóirí. Táimid ag iarraidh a chinntiú go bhforbróidh na scoláirí tuiscint dhomhain ar an saol, agus ar na saincheisteanna a bhaineann leis an ábhar léinn atá roghnaithe acu. Tá sé níos tábhachtaí go mbeidís in ann measúnacht chriticiúil neamhspleách agus eolach a dhéanamh ná go mbeadh sraith fíricí agus giotaí eolais acu. Tá sé tábhachtach go mbeadh fios acu agus tuiscint ar conas fadhbanna a réiteach agus céard iad na foinsí eolais nó tacaíochta atá ar fáil dóibh nuair nach bhfuil réiteach na faidhbe acu féin.
I sochaí ina bhfuil méadú as cuimse ag teacht ar shofaisticiúlacht agus ar thionchar na meán cumarsáide, tá gá le béim a chur ar scileanna cumarsáide na scoláirí freisin. Scileanna ar nós cur i láthair ó bhéal, cruinniú a eagrú nó idirbheartaíocht a dhéanamh. Feicimidne i bhFiontar difríocht an-mhór sa réimse seo idir ár bhfochéimithe féin agus na céimithe a thagann ó na hollscoileanna traidisiúnta le freastal ar ár n-iarchéim. Feiceann siad féin an difríocht agus ní fada go mbíonn siad lán chomh hábalta!
Agus muid i mbun díospóireachta faoin oideachas, ba chóir dúinn smaoineamh ar na daoine san Afraic agus an scéal faoi na héisc. Is féidir linn a rá leo cad is iasc ann agus faoin gcothú atá ann, agus ceann a thabhairt dóibh le hithe. Ach nach fearr cabhrú leo foghlaim conas dul ag iascaireacht agus conas muinín a bheith acu iontu féin leis an scil a fhorbairt, agus tuiscint conas athrú nuair a thagann athrú ar na cúinsí. An mbeidh an dara rogha seo ag tarlú ar na cúrsaí a bhfuil lucht Ardteiste na bliana seo ag tabhairt aghaidhe orthu an mhí seo?
Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.