GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Tóstóir na Gaeilge ag róstadh na bpolaiteoirí agus an phobail
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Bhrádaigh

Measann go leor de mhuintir na hÉireann gur luachmhaire an éiceolaíocht agus an timpeallacht an Ghaeilge agus an oidhreacht, dar le hEmer Bhrádaigh.

Íomhá
www.comhdhail.ie

Is duine foighneach an chuid is den am, ach anois is arís cuirtear déistin orm. Tarlaíonn seo de ghnáth nuair a chloisim polaiteoirí ag labhairt agus ag seachaint croílár ceiste a cuireadh orthu. D’aon turas níor thug cuairt ar Thóstal na Gaeilge i nGaillimh go dtí go déanach oíche hAoine, nuair a bhíos cinnte go mbeadh a gcuid ráite ag an bpainéal polaiteoirí a bhí á róstadh ag lucht an tóstail. Bhí maithe agus móruaisle na Gaeilge bailithe in óstán breá an Radisson le cúrsaí na Gaeilge a phlé roimh an toghchán atá romhainn.

Shroich seisiún na bpolaiteoirí in am le ceist thábhachtach ach shimplí a chloisint. Chuir Brian Mac Aonghusa ceist cathain a bheadh Aire na Gaeltachta againn a mbeadh an Ghaeilge ar a t(h)oil aige/aici. Cén mhuinín is féidir linn a bheith againn i gceannasaí gan cur amach ceart ar na saincheisteanna, na dúshláin agus na fadhbanna laethúla a bhíonn ag lucht na Gaeilge.

Níl oiread agus nach bhfeicim fógra in áit éigin le botún sa Ghaeilge - bhíonn an comhartha ann i nGaeilge ar chor ar bith. Bíonn gníomhaireachtaí an Stáit ag síormhaslú lucht na Gaeilge le heaspa measa. Ag tús na míosa seo caite a tháinig ar fhógra ag an Roinn EalaíonaOldreachta’ etc. i lár Chonamara! Á, tuigim anois: ‘heritage is old things - the Roinn Oldreachta will do grand’. An nglacfaí le bainisteoir ar ospidéal nach mbeadh cur amach ceart aige/aici ar an leigheas? Féach ar an bhfeabhas a tháinig ar chúrsaí na n-ealaíon nuair a bhí Aire Ealaíon againn ar fhile é. ghlacfadh na hEilvéisigh francophone le hAire nach mbeadh Fraincis líofa aige/aici.

Ach is muidne mar phobal a thoghann na daoine atá i gceannas. Nach orainn féin atá an locht go bhfuil a leithéid de cheannasaithe againn. Bhí an tAire Sóisearach a bhfuil cúraimí na Gaeilge uirthi imithe ar strae ag oscailt teach tábhairne in ionad í féin a ofráil don róstadh sa tóstóir. Samhlaigh an bainisteoir ginearálta i gcomhlacht mór amuigh ag imirt gailf lena chairde nuair atá bainisteoirí uile an chomhlachta bailithe sa halla mór le straitéis an chomhlachta a phlé.

Ach is orainn féin atá an dualgas brú ar aghaidh agus an Ghaeilge a fhorbairt. Seo a bhí le ag Muireann Mhóráin a labhair faoi a thábhachtaí is atá páistí a thógáil le Gaeilge agus an cinneadh a dhéanamh sula dtagann an páiste ar an saol. Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin agus as na síolta beaga a fhásann an crann mór láidir darach. Léirigh go bhfuil níos páistí á dtógáil le Gaeilge i bparóiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath mar atá i nGaeltacht na Rinne. An bhfuil stádas Gaeltachta ag an bpobal sin, a bhfuil an brú ón mBéarla lán chomh láidir air? Dúirt go raibh an teanga ar bhruach aille seachas ag crosbhóthar, go raibh an pobal i gcoitinne báúil ach fíorleisciúil. D’iarr orainn smaoineamh ar an uair dheireanach a raibh aos óg na tíre ag léirsiú ar son na Gaeilge, i gcomparáid leis na léirsithe i Genoa na hIodáile Glen of the Downs Chill Mhantáin. Is luachmhaire na crainn agus éiceolaíocht Chill Mhantáin dúinn oidhreacht agus cultúr an duine dhaonna, is cosúil. Gan an oidhreacht agus an cultúr laghdaíonn ár dtuiscint ar an nádúr inár dtimpeall. Smaoinigh ar an nádúr sna hamhráin Ghaeilge ar fad. “Níl ar bith is áille n ghealach os cionn an tsáile, bláth bán na háirne a bíos ag fás ar an droigheann.” Línte breátha ón amhránBríd Óg Mháille”. Caillimid an nasc leis an nádúr nuair a chaillimid teanga.

cuirimis an milleán ar fad ar na polaiteoirí. Glacaimis féin leis an dúshlán. Déan gearán láidir rialta leis na polaiteoirí agus a lucht leanúna nuair a thiocfaidh siad ag teacht ag lorg do vóta. De réir a chéile tógfar athuair caisleán agus teampall na Gaeilge!

Emer Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.