Tá straitéis nua sláinte curtha faoi bhráid an phobail ag an gcomhrialtas ach tá go leor éagothroime i gcúrsaí leighis go fóill, dar le hEmer Ní Bhrádaigh.
Bíonn caint go minic na laethanta seo faoi na tuarastail arda a fhaigheann na dochtúirí comhairleacha, go háirithe nuair a bhíonn am saor acu le freastal ar chliaint phríobháideacha agus na cliaint phoiblí fágtha i scuainí, gan cóir leighis ar feadh na míonna nó na mblianta.
D’fhógair an Rialtas straitéis nua sláinte le déanaí agus tá lánfháilte roimhe. Beidh ardú i gcaiteachas ar shláinte trí na hospidéil agus trí chúram tosaigh. Ach an mbeidh na haltraí sásta filleadh ar na seanphostanna a thréig siad - postanna ar thuarastail ísle agus le leibhéal ard struis? An mbeidh an Rialtas in ann tacaíocht na ndochtúirí comhairleacha a fháil nuair a laghdófar an méid ama agus an méid acmhainní is féidir leo a chaitheamh lena gcliaint phríobháideacha. An mbeidh siad sásta le laghdú ar a gcumhacht? Ní bheidh a n-ionadaíocht chomh láidir ar an gcomhairle nua ospidéal atá pleanáilte.
Ach breathnaimís ar cad eile atá ag tarlú laistigh den chóras. Níl sna hospidéil ach cuid den phictiúr. Tá aithne againn ar fad ar dhaoine a raibh drochthaithí acu san ospidéal. Áit amháin a dtéann airgead an Rialtais agus airgead an tomhaltóra ná ar dhrugaí agus ar chógais, agus níl cuma rómhaith ar an scéal ansin. Ghearr Coimisiún an hEorpa fíneálacha de £673 milliún (€855 milliún) ar ocht gcomhlacht a sholáthraíonn vitimíní mar gheall ar an socrú praghsanna a bhí ar siúl acu le deich mbliana anuas. I measc na gcomhlachtaí bhí Roche, BASF agus Merck KGaA.
Seo í an fhíneáil is airde do chás cairtéil san Aontas Eorpach. Úsáidtear na vitimíní seo i gcógais, in arbhair bhricfeasta, i réimse leathan bia eile, agus i gcosmaidí. Le deich mbliana bhí baill an chairtéil ag bualadh le chéile gach ráithe le praghsanna a phlé agus a shocrú. Le deich mbliana bhí tomhaltóirí na hEorpa ag íoc praghsanna ró-ard ar vitimíní agus ar fhorábhair shláinte eile.
Margadh na cógaslainne
=======
Anseo sa bhaile tá bacainní á gcur ar iomaitheoirí nua dul isteach i margadh na cógaslainne. De réir reachtaíocht na gcógaslann 1996, níl cead ag poitigéir cógaslann a oscailt atá róghar do cheann eile nó má chuireann sé isteach ar ghnó na gcógaslann eile sa cheantar. Má osclaítear ceann ní bhíonn an Stát sásta conradh poitigéara pobail a thabhairt di. Is é sin le rá nach mbeidh an chógaslann sin in ann freastal ar thomhaltóirí atá i dteideal cógas leighis ar chárta leighis ná orthu siúd atá ag iarraidh aisíocaíochtaí a fháil ón Stát má tá orthú airgead mór á chaitheamh ar chógais leighis.
Cuirtear i leith an Stáit go bhfuil sé sásta leis an gcaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair mar go bhfuil praghsanna ísle socraithe aige leis na poitigéirí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na daoine a íocann as na cógais as a bpóca féin ag déanamh fóirdheontasú ar chaiteachas an Stáit. Ar an mbonn gur dócha go bhfuil árachas príobháideach ag cuid de na daoine sin, tá an argóint ann go mb’fhéidir gur aisíoc é seo ar an leatrom a dhéantar ar na hothair phoiblí sna hospidéil i gcomparáid leis na hothair phríobháideacha, ach ag deireadh an lae, is ag na cógaslanna atá ann faoi láthair atá an bua agus an buntáiste airgid.
Níor thacaigh daoine leis na tiománaithe tacsaí a bhí ag cur i gcoinne iontrálaithe nua sa mhargadh. An bhfuilimid ag tacú leis na poitigéirí nó leis an bpobal sa chás seo?
Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.