Tá ríomhairí ag bailiú eolais go leanúnach faoi úsáideoirí an idirlín agus a gcuid nósanna. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
Gach uair a úsáideann duine an t-idirlíon bailítear eolas faoi, agus is beag smacht atá ag aon duine ar an rud a dhéantar leis na sonraí sin. Slí amháin chun a fháil amach an bhfuil aon rud á rá fút i ngan fhios ar an idirlíon ná trí “egosearch” a dhéanamh, is é sin, tagairtí do d’ainm a lorg ag baint úsáide as inneall cuardaigh ar nós Google. Ní aimseoidh cuardach mar sin gach tagairt duit ar ríomhairí an idirlín toisc go mbailíonn suímh ghréasáin eolas eile go hindíreach, ach fós féin is minic a bhíonn na torthaí suimiúil.
Is féidir le seirbhísí saor an aisce ar nós Ipstat staitisticí a bhailiú ar na ríomhairí a bhíonn ag tabhairt cuairte ar shuíomh gréasáin faoi leith toisc go bhfuil seoladh neamhspleách ag gach ríomhaire ar an idirlíon. Anuas air sin, úsáideann cuid mhaith suíomh comhaid bheaga ar a dtugtar “cookies” chun níos mó eolais a bhailiú ar nósanna a gcuid cuairteoirí.
Nuair a cheannaíonn tú leabhar ó Amazon.com, mar shampla, déantar taifead den saghas leabhair a d’ordaigh tú. Aon uair a thugann tú cuairt ar an suíomh sin arís cuirfear fáilte phearsanta romhat - agus molfar leabhair duit atá cosúil leis na cinn a cheannaigh tú cheana féin. Is cabhair atá ina leithéid de sheirbhís phearsanta ó am go ham ach teipeann ar an gcóras nuair a bhíonn daoine éagsúla ag roinnt an ríomhaire chéanna. Ní aithníonn ríomhairí an difríocht idir daoine, rud a chiallaíonn go mbíonn teacht ag daoine a roinneann ríomhaire ar eolas mar gheall ar nósanna siopadóireachta a chéile. Ach níl mórán de leigheas ar fhadhb na “cookies”. Cé gur féidir a rá le do bhrabhsálaí idirlín gan glacadh leo, tá cuid mhaith suíomh gréasáin nach bhfeidhmíonn gan iad.
Cé go bhfuil polasaí príobháideachta ag comhlachtaí ar nós Amazon.com is beag cosaint a thugann siad don úsáideoir. Bíonn fadhbanna go fiú le seirbhísí ríomhphoist saor an aisce ar nós Hotmail toisc go bhfuil coinníollacha neamhghnácha sa “chló beag” ag na seirbhísí sin. Mar shampla, go dtí le déanaí bhí roinnt comhlachtaí ag maíomh gur leo siúd an cóipcheart ar aon eolas a scaipfí trína seirbhís. Chiallaigh sé sin dá seolfaí aon phíosa próis, ceol nó go fiú pleannana gnó mar chuid de theachtaireacht ríomhphoist leis an tseirbhís sin, go raibh cead ag an gcomhlacht ríomhphoist é a úsáid chun a leasa féin. Ar ndóigh, chruthaigh na coinníollacha sin a lán conspóide nuair a tháinig siad chun solais agus tá siad athraithe ó shin - ach léiríonn a leithéid de chás go díreach cé chomh lag is atá cosaint an eolais ar an idirlíon.
Réimse eile ina mbíonn an phríobháideacht faoi bhagairt ná nuair a bhíonn earraí á gceannach nó gnó bainc á dhéanamh thar an idirlíon. Ina leithéid de chás, is fearr i gcónaí a chinntiú go bhfuil pictiúr de “ghlas dúnta” le feiscint ar dheis ag bun na fuinneoige den bhrabhsálaí idirlín. Ciallaíonn an glas sin go bhfuil an t-eolas a chuirtear ó do ríomhaire go dtí ríomhaire an tsuímh gréasáin cosanta ag scéim incriptiúcháin. Caithfidh tú a bheith cinnte freisin go bhfuil tú ag déileáil le heagraíocht a bhfuil muinín agat aisti - ní fiú do chuid eolais a thabhairt go slán sábháilte do dhaoine a d’fhéadfadh mí-úsáid a bhaint as.
Cé go bhfuil scéimeanna slándála áirithe curtha i gcrích ag comhlachtaí agus bainc, tá gá le feabhas a chur orthu. Tá laigí ag baint le gach córas ríomhaireachta agus bíonn slite ann i gcónaí chun teacht timpeall ar aon scéim slándála atá ann. Tá ríomhairí chomh casta sin agus an t-idirlíon chomh hoscailte nach bhfuil mórán de chosaint ag príobháideacht an ghnáthdhuine go fóill.
Gréasán greannmhar
Ceann de na suímh ghréasáin is fearr atá dírithe ar an ngreann ná “The Evil Gerald”, atá scríofa mar aoir ar an “Evening Herald” i mBaile Átha Cliath. I measc na gcartún maith atá le fáil ar líne, tá na cinn pholaitiúla ag Martyn Turner agus ar ndóigh Doonesbury. Mar shos ón bpolaitíocht, bainfidh aon duine atá ag obair i bpost teicniúil taitneamh as na heachtraí a bhíonn ag Dilbert.
Tá an t-údar ag dul le dochtúireacht san fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá an leagan is déanaí dá litreoir Gaeilge, “GaelSpell 2” (a oibríonn le Microsoft Word, Outlook, FrontPage agus PowerPoint), curtha ar fáil aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.