Le sé bliana anuas tá Gaeltext, an tseirbhís teilithéacs as Gaeilge, ag cur eolais ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Máire Ní Fhinn, Eagarthóir na seirbhíse, cur síos anseo ar chúlra Gaeltext agus ar an bhforbairt atá tagtha air le tamall anuas.
Bunaíodh Aertel, seirbhís teilithéacs RTÉ, i 1988 le foireann bheag a chuir seasca leathanach téacs ar fáil. Seirbhís i mBéarla amháin a bhí inti go dtí 1995, tráth a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge bunchaipiteal ar fáil d’Aertel, le maoiniú ó scéim Choimisiún an Aontais Eorpaigh, a chuir ar chumas RTÉ seirbhís thrialach i nGaeilge a sholáthar ar feadh bliana féachaint conas mar a d’éireodh léi. Riarthóir/eagarthóir amháin a bhí i mbun na hoibre ar bhonn páirtaimseartha.
Ní hamháin nach raibh mórán taithí ag pobal na tíre seo i dtús na nóchaidí ar an teilithéacs, i mBéarla ná i nGaeilge, ach bhí an fhadhb ann go raibh céatadán ard seanghléasanna teilifíse ag teaghlaigh nach raibh an bogearra a bhí riachtanach iontu chun an téacs a chraoladh. Ach de réir mar a chuaigh an seanteilifíseán i gcúinne an tseomra suite in aois, cuireadh ceann níos nua-aimseartha ina áit - ceann leis an bhfearas draíochta sin: an cnaipire!
Obair cheannródaíoch
Tá Aertel agus a lucht féachana tagtha in inmhe go mór ó na nóchaidí ach ní mór an méid thuas a chur san áireamh lena thuiscint go raibh go leor oibre le déanamh laistigh den bhliain thrialach chun spéis phobal na Gaeilge a mhúscailt le leas a bhaint as an tseirbhís nua - seirbhís fhaisnéise a bhí glan difriúil ó na foinsí eile a raibh taithí ag an bpobal sin orthu ar nós páipéar nuachta agus irisí. Chuige seo bhí gá le dianfheachtas poiblíochta chun lucht féachana a threorú i dtreo na seirbhíse tríd an gcnaipire teilifíse!
D’éirigh go hiontach le Gaeltext ó thaobh thacaíocht an phobail de agus shocraigh RTÉ an tseirbhís a choinneáil nuair a bhí an bhliain thrialach istigh. Ghlac Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge freagracht as urraíocht a dhéanamh ar threalamh agus ar chothabháil na seirbhíse.
Tosaíodh le cúig cheannteideal i réimsí a measadh go mbeadh spéis ag an bpobal iontu: Nuacht, Sceidil Raidió agus Teilifíse, Ranganna Gaeilge, Féilire Imeachtaí agus Fógraí. Thug torthaí suirbhé a rinne Gaeltext roinnt blianta ó shin le fios go raibh dúil ag an bpobal in ábhair áirithe seachas a chéile. Dá bharr sin, cuireadh ranna breise leis an tseirbhís: Nuacht Áitiúil, Fostaíocht, Leabhair agus Irisí, mar aon le leathanaigh ar leith chun torthaí An Oireachtais, Ghlór na nGael, Slógadh srl. a chraoladh beo. Neartaigh spéis an phobail dá réir.
An réabhlóid sa teicneolaíocht fhaisnéise
Níl aon insint ar an dúil atá ag an bpobal i gcúrsaí faisnéise, go háirithe sa nuacht reatha. Bhíomar ar thairseach na réabhlóide idirlín díreach agus Gaeltext á sheoladh ag Aertel agus bhí “saineolaithe” ann a cheap go mb’fhéidir go raibh deireadh le ré an teilithéacs le teacht ré nua na gcipirspásairí! Ach a mhalairt a tharla. Is amhlaidh a threisigh siad a chéile in ionad a bheith in iomaíocht lena chéile.
Tá teicneolaíocht na faisnéise éirithe an-sofaisticiúil in achar an-ghearr agus is beag iontas a dheinimid di a thuilleadh. Mar shampla, tá téacs le nuacht reatha le fáil ar an bhfón póca. Is baolach, áfach, nach bhfuil téacs i nGaeilge le fáil air go fóill, go bhfios dom - ach sin dúshlán eile!
Gaeltext ar an idirlíon
Shocraigh RTÉ Gaeltext a chur ar an idirlíon tráth a ndeachaigh Aertel agus NewsOnline sa treo sin anuraidh. In ainneoin na ndeacrachtaí teicniúla atá leis an síneadh fada a aistriú ó chóras an teilithéacs go córas an idirlín, tá méid agus réimse an lucht féachana ag Gaeltext ardaithe go suntasach ó tharla an t-athrú. Tá iarrachtaí leanúnacha ar siúl chun an fhadhb leis an síneadh fada a réiteach ach meastar gur i gcomhthéacs níos leithne a shárófar na deacrachtaí seo sara fada. Ceapadh eagarthóir/riarthóir lánaimseartha ar Ghaeltext i mí Iúil 2000. Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag leanúint dá dtacaíocht fhial i gcónaí.
Rinneadh athstruchtúrú inmheánach ar roinnt de sheirbhísí RTÉ ag tús 2001 á dtabhairt le chéile faoi cheannas aontaithe na Meán Digiteach. Faoin athstruchtúrú nua, tá Aertel agus News Online tagtha le chéile chun seirbhísí Comhpháirtíocha RTÉ (RTÉ Interactive Services) a sholáthar.
Tá téacs An Nuacht agus Gaeltext Aertel san áireamh san athstruchtúrú sin agus tá beirt fostaithe cheana féin chun uainíocht a dhéanamh ar a chéile chun seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil.
Tá An Nuacht le fáil anois ar an idirlíon ag www.rte.ie/news/nuacht.html agus tá Gaeltext, Aertel, le fáil ag www.rte.ie/aertel/aertelplus/P480.htm.
As Tuar Mhic Éadaigh i gCo. Mhaigh Eo ó dhúchas í Máire Ní Fhinn ach d’aistrigh a muintir go Dún Doire in aice le Ráth Cairn i gContae na Mí nuair a bhí sí sna luathdhéaga. Tá a saol oibre caite aici i mBaile Átha Cliath ag plé le tionscadail éagsúla a bhain le gluaiseacht na Gaeilge i réimse na siamsaíochta, na clóchuradóireachta agus na cumarsáide. Tá sí fostaithe mar eagarthóir/riarthóir ar Ghaeltext-Aertel, RTÉ, ó 1995 i leith.