GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Chaith Emer Ní Bhrádaigh lá Nollag sa phríosún. Míníonn sí in alt na míosa seo conas a tharla sé sin.

Chuir mo dheirfiúr glaoch orm Lá Nollag ag fiafraí díom cá rabhas, agus d’inis mé di go rabhas i bpríosún na mban i Muinseo ag ithe béile na Nollag le cúpla cara liom. Bhain mé geit aisti mar ní raibh aon bhréag i mo ráiteas.

Le breis agus bliain anuas táim ag tabhairt cuairte ar phríosúnaigh eachtrannacha atá ag íoc go daor as na coireanna a dhein siad - mar is cóir. Uaireanta ní bhíonn aon chara eile ag teacht ar cuairt, uaireanta is beag Béarla a bhíonn acu. Cuirimid aithne ar a chéile agus bainimse taitneamh agus sásamh as an gcuairt. Is minic agus mé tuirseach traochta tar éis seachtain fhada dhian oibre go dtugaim cuairt orthu le strus agus frustrachas na seachtaine a chur díom. Uaireanta iadsan a bhíonn ag cabhrú liomsa seachas a mhalairt - mar a bheadh in aon charadas.

Obair dheonach a ghlaonn daoine eile air seo, agus is mar sin a thosaigh mé, ach ní obair atá ann domsa a thuilleadh ach pléisiúr. Tá obair mar seo ar siúl ag cairde eile liom - ag cruthú caradais le lucht cuardaithe tearmainn nó le seandaoine. Tá go leor le foghlaim againn ó na daoine seo, go mór mór nuair a bhímid ag éirí róshocair inár saol compordach gan bhuairt. Ba í 2001 Bliain Idirnáisiúnta na nOibrithe Deonacha agus is fiú breathnú ar an tábhacht agus ar an luach a bhaineann le hobair dheonach, don oibrí, don tsochaí, don gheilleagar agus don náisiún.

Ról dearfach

Tugann obair dheonach deis don duine aonair ról dearfach cabhrach a imirt sa tsochaí. Tuigimid go léir gur millte an páiste nach gcabhraíonn i ngnáthdhualgaisí an teaghlaigh. Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.

Is dócha go bhfuil na buntáistí is soiléire ó obair dheonach le feiceáil sa phobal - sa chlub Chumann Lúthchleas Gael, sa chlub sacair, sa chlub óige, sa chumann drámaíochta, ar choiste an pharóiste, in áras na seandaoine, i nGaelscoil nua. Gan obair dheonach cá mbeimís? Gan obair dheonach, ní bheadh na seirbhísí sin ar fad againn.

Breis agus céad bliain ó shin a thosaigh gluaiseacht cheart na hoibre deonaí, le hobair na n-eaglaisí Caitliceacha agus Protastúnacha, ag cur oideachais agus cóir leighis ar fáil don phobal i gcoitinne. Déanaimid dearmad scaití gur a bhuíochas d’obair dheonach atá na seirbhísí seo chomh forbartha is atá. Cé go bhfuil go leor de na seirbhísí faoi chúram an Rialtais anois, tuigtear agus glactar leis gur fearr go leor den obair a bheith ar siúl ag eagrais dheonacha agus chuige seo cuireann an Rialtas deontais agus tacaíocht airgeadúil ar fáil dóibh. Tabhair cuairt ar aon tír thearcfhorbartha agus feicfidh tú córas mar a bhíodh againne céad bliain ó shin.

Tá luach airgeadúil ag an obair seo ar fad - thaispeáin taighde a rinne Freda Donoghue ó Choláiste na Tríonóide gur fiú breis is €600,000 sa bhliain an obair dheonach do gheilleagar na hÉireann. Tá breis agus 2,000 eagras deonach sa tír, iad ar fad ag freastal ar riachtanais sheanbhunaithe agus ar riachtanais nua-aimseartha ar nós seirbhísí tacaíochta do theifigh.

Is iad na mná is mó a bhíonn gafa leis an obair dheonach - 40% acu i gcomparáid le 28% d’fhir, agus 31% den aos óg. Is dóichí gur daoine ó na hardaicmí a bheidh gafa leis an obair seo seachas daoine ón aicme oibre. Tá cáilíocht tríú leibhéal ag leath de na hoibrithe deonacha, agus is iad na fir óga, neamhoilte, dífhostaithe is lú a bhíonn ag obair go deonach nó páirteach in eagrais nó gluaiseachtaí deonacha. Nuair a smaoinímid ar na fadhbanna a bhíonn ag an dream seo le halcól, le drugaí, le coireacht agus an méid acu a chuireann lámh ina mbás féin, feicimid an tábhacht a bhaineann leis an gcumasú a thugann obair agus gluaiseachtaí deonacha do dhaoine tionchar a bheith acu ar a dtodhchaí agus a saol féin.

Saibhríonn comhobair sa phobal an saol dúinn ar fad. Bhí traidisiún ag na feirmeoirí tráth meitheal oibre a úsáid leis an bhfómhar a dhéanamh. An rud a chuireann tú san earrach bainfidh tú sa bhfómhar. Is fíor an seanfhocal seo maidir le hobair dheonach, agus leas an phobail agus leas an duine aonair.

Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.