GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Bímis Níos Cuidithí i mBun Deartha
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Tá an saol ag athrú agus ní hiontas go bhfuil dearadh na teicneolaíochta ag tolgadh ar aghaidh go sciobtha. Cuid dár mhol Roseanne Smith anuraidh, scoitheadh idir an dá linn é.

Íomhá
Schoble lena spéaclaí faoin chith (le Google.ie)
Íomhá
Robin Christopherson, duine dall, ag labhairt a bhealaigh trí shuíomh Amazon
(le gr3m ar Flickr)
Íomhá
Níor thuig sí do chuid cainte i gceart
(le Misterbisson ar Flickr)
Íomhá
Chris Downey ag caint ag TEDxBigApple 2012
(le TEDxBigApple ar Flickr)

Tá scríofa cheana agam faoi thaithí úsáideora. Is minic a smaoiním ar an ngné seo dár saol ar líne i ndáiríre agus is oth liom a rá nach rómhinic a bheadh na smaointí seo infhoilsithe. Mo mhallacht orthu siúd nach socraíonn na rudaí seo dúinn. Ní ar na dearthóirí atá an locht go minic mar ní bhíonn an chumhacht acu tionchar a imirt ar na córais ar fad laistigh de ghnó.

Bhí mé ag smaoineamh ar an gceist seo go háirithe nuair a bhreathnaigh mé ar fhíseáin ó TED.com inár labhair Chris Downey faoina thaithí mar dhuine dall ag gabháil a bhealaigh trína chathair. Tá an taithí seo ana-dhifriúil ón taithí a bhí aige mar dhuine le radharc. Is fiú go mór éisteacht lena chaint ar TED http://bit.ly/dearadhdondall (Sin ceann de na rudaí is maith liom faoi TED: ní gá breathnú ar na cainteoirí go minic. Is féidir éisteacht amháin.)

An príomhphointe atá aige ná gur áit i bhfad níos deise agus cabhrach í a chathair ó d’éirigh sé dall. Bíonn daoine, coimhthígh, ag faire amach dó is é i mbun taistil, rud nach dtarlaíodh nuair a bhí radharc na súl aige. Mar sin achainíonn sé orainn gach saghas dearadh a dhéanamh i gcónaí dóibh siúd nach bhfuil radharc na súl acu. Dar leis, cothóidh seo sochaí níos cineálta agus duine-lárnaithe.

An W3C

Is ionann an scéal ar líne. De réir W3C, an comhphobal idirnáisiúnta atá freagrach as caighdeáin ghréasáin, bunaithe ag Tim Berners-Lee, athair an ghréasáin: “Web accessibility means that people with disabilities can use the Web. More specifically, Web accessibility means that people with disabilities can perceive, understand, navigate, and interact with the Web, and that they can contribute to the Web. Web accessibility also benefits others, including older people with changing abilities due to aging.http://bit.ly/ReamhraInrochtanaGreasain

Ina réamhrá ar an ábhar seo luaitear nach iad muintir na héalainge amháin gur fiú leo gréasán inrochtana: cabhródh sé go mór leo siúd atá in áit le rochtain idirlíon malla bhfuil míchumas sealadach orthu: lámh bhriste nó a leithéid. Mar atá luaite thuas níl ár gcumas buan ach an oiread agus uaireanta is í an aois is mó a athraíonn an scéal orainn.

Ach a luaithe is atá an gréasán ag teacht go pointe uile-inrochtana ar ár mbrabhsálaithe, tá teicneolaíochtaí soghluaiste ag éírí uileláithreach. Tá áiteanna ar domhan inar léímeadh thar chóras deasca láithreach chuig uirlisí soghluaiste.

Daoine nár Dearadh Dóibh

Cé go gcruthaíonn na teicneolaíochtaí seo deiseanna cumarsáide agus trádála iontacha, lena n-inchur ar scáileáin tadhaill, cruthaítear deacrachtaí dóibh siúd le míchumas láimhe is amhairc. Le iOS7 agus Android tá córais inrochtana a ligeann don úsáideoir na huirlisí soghluaiste a úsáid. VoiceOver agus Talkback atá orthu faoi seach. Ar a suíomh fá choinne forbróirí feidhmchláiríní Android, tugtar an chomhairle seo a leanas chun cinntiú go bhfuil feidhmchláiríní inrochtana lámh ar láimh leis an gcóras TalkBack:

Déan nascleanúint iomasach
● Bain úsáid as tomhaisí molta do thargaid
● Tabhair lipéidí ciallmhara do ghnéithe an CU (comhéadán úsáideora)
Tabhair rogha ar ghnéithe idirgníomhacha ar a ritheann am istigh
● Bain úsáid as rialtáin chreatlaigh chaighdeánachacumasaigh TalkBack do rialtáin chustaim
● Bain triall as tú féin.

Comhairle mhaith, cibé córas atá in úsáid agat, a fhad is go n-aontaíonn tú le cinnidh deartha Google agus Apple!

Treochtaí

Ar ndóigh le mí nó mar sin anuas, táim ag léamh réamhaisnéisí faoi na treochtaí is mó do 2014 i réimsí difriúla teicneolaíochta. Mar is cuimhin liom anuraidh, scríobh mé féin faoi na giúirléidí teic is mó http://www.beo.ie/alt-acrai-mar-bhronntanas-nollag.aspx don Nollaig inar luaigh mé dhá airnéis theicneolaíochta inchaite, ceamara agus uaireadóir. Gan amhras, tá cuma chiotach go leor ar an gceamara Looxie a mhol mé le hais Google Glass a seoladh idir an dá linn. Ach an treocht atá anseo ná go bhfuil teicneolaíocht ag gabháil i dtreo láimhe saora. Go luath ní bheidh orainn ach ár mianta a luaigh lenár n-uirlisí chun grianghraf a tharraingt, bealach a aimsiú, coinne a shocrú agus neart eile gan amhras. Seo buntéama an leabhair “Age of Context” le Robert Scoble agus Shel Israel (á bhí ar mo liosta Nollag!) agus brúnn siad céim níos faide é ag rá go mbeidh a fhios ag ár n-uirlisí céard tá uainn bunaithe ar chomhthéacs. Beidh a fhios acu an chéad rud ar maidin go mbeidh spéis agat san aimsir, i mí Eanáir go mbeidh spéis agat i dtáirgí speisialta ón gym áitiúil agus go mbeidh tú ag cuartú bronntanas breithlae dod’ mháthair i mí Márta. De réir ailt amháin i Technology Quarterly an Economist (http://www.economist.com/news/technology-quarterly/21590760-predictive-intelligence-new-breed-personal-assistant-software-tries) beidh an chlisteacht réamhaithriseach seo cosúil le cúntóir pearsanta dúinn. Seachas an caife b’fhéidir.

Comhlacht Comhrá

An mhí seo caite scríobh mé faoi na féidearachtaí a bhaineann le Google Helpouts agus b’oth liom nach raibh múinteoirí Gaeilge ag cur ranganna ar fáil. Ach níl aon gá do Google Helpouts dá leithéid mar gur seoladh SpeakTalkChat. Tá an tseirbhís ghalánta cruthaithe ag comhlacht atá lonnaithe sa Spidéal inar féidir leat réimse leathan teangacha a fhoghlaim, an Ghaeilge san áireamh. Is féidir an tseirbhís seo a úsáid chun aithne a chur ar chainteoirí na dteangacha seo bunaithe ar do spéiseanna féin.

De réir a shuímh féin: “Is ‘Tionscadal Athruithe Sóisialta’ é SpeakTalkChat.com. Creidimid go gcabhróidh bunú fóraim, a chumasaíonn comhrá idir dhaoine ina dteangacha féin, le hardán a chur ar fáil a chothóidh tuiscint níos fearr idir dhaoine agus a gcultúir éagsúla.

“Tá spéis faoi leith ag SpeakTalkChat i dteangacha atá ar stádas réigiúnach, mionlaigh nó faoi bhagairt. Is é ár dtuairim gur mór an baol í an chailliúint teangacha dár gcultúir agus dár ndea-bhail amach anseo.”

Is féidir comhrá le Aidan Duggan, bunaitheoir SpeakTalkChat, a chloisteáil ar Audioboo ag caint le Paul O Mahony ar a mbealach go WebSummit anseo: https://audioboo.fm/boos/1692656-the-special-train-to-websummit-called-sxpress

Seoladh an tseirbhís ag Oireachtas na Samhna agus cheana tá lucht úsáidte mór ann. Tá súil agam le deis feabhas a chur ar mo chuid Spáinnis roimh an chéad saoire eile!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.