GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Dearcadh domhanda nó dearcadh eitnealárnach?
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Chuir an t-uafás i Nua-Eabhrac an mhí seo caite Emer Ní Bhrádaigh ag machnamh ar na difríochtaí idir an tIarthar agus an Meánoirthear agus ar easpa tuisceana lucht gnó an Iarthair ar chultúir eile.

Bhí mé ar saoire anuraidh i mBeirut na Liobáine agus ag freastal ar bhainis mo chol ceathar. Nuair a dúirt sé liom go raibh sé i ngrá le cailín Liobánach, bhí sé an-tapaidh ag rá liom gur Chríostaí í agus go raibh na Críostaithe go breá. Thuig sé an scanradh a bhí orm ag ceapadh go mb’fhéidir gur Mhoslamach í. Thuigeas féin an scanradh níos fearr nuair a chaitheas breis agus coicís ag taisteal timpeall na Liobáine agus chomh fada le Damascus na Siria. Má bhraitheann daoine difríochtaí idirchultúrtha nó idirchreidmheacha sa tír seo, níl gá ach cuairt ar thabhairt ar an Meánoirthear le fíordhifríochtaí a fheiceáil.

Mhaígh céile mo chol ceathar go raibh Moslamach nó beirt ina rang san ollscoil, ach ní raibh aon chairde Moslamacha aici. Tá an dá dhream ina gcónaí sa tír chéanna ach gan mórán caidrimh eatarthu, seachas sa láthair oibre nó i saol an ghnó. Ní haon ionadh é go bhfuil a leithéid de scoilt idir an domhan Críostaí san Iarthar agus an domhan Moslamach sa Mheánoirthear agus sa Chianoirthear!

Bhí sé seo le feiceáil go ríshoiléir leis an uafás a tharla i Nua-Eabhrac an mhí seo caite. Bhí neart rabhaidh ag Meiriceá go raibh fuath ag go leor Moslamach agus Arabach dóibh. Tá na Stáit Aontaithe ag cur a ladhair isteach i saol an Mheánoirthir le fada an lá agus is beag tuiscint atá ag an saol mór san Iarthar ar an gceist. Agus is lú fós an tuiscint atá ag Meiriceánaigh ar pholasaí eachtrach a dtíre.

Meas ar chultúir

Agus muid ag gabháil don ghnó idirnáisiúnta anseo san ollscoil, bímid ag labhairt ar dhearcadh agus ar straitéisí eitnealárnachageolárnacha. Is é sin go bhforbraíonn comhlachtaí ón staid eitnealárnach, áit go gcreideann siad go bhfuil margaí eile “éagsúil” ón margadh baile, go staid geolárnach, áit go gcreideann siad nach bhfuil lár ar bith sa domhan. Meas ar chultúir agus ar nósanna a chéile is bun leis an staid aibí gheolárnach. Tuiscint nach bhfuil tír amháin ar domhan “ceart” agus an chuid eile éagsúil agus gá acu iad féin a athrú go dtí an “tslí cheart”.

Bímidne sa mhargaíocht ag labhairt freisin ar bhrandaí agus ar shiombailí. Tá siombail Nua-Eabhrac agus an Ionaid Dhomhanda Trádála an-láidir in inchinn na Meiriceánach - mar atá talamh na bPailistíneach do na Pailistínigh, nó na moscanna do na Moslamaigh.

Cé go raibh sé ar saoire ag an am, bhí mo dheartháir féin ina oifig san Ionad Domhanda Airgeadais nuair a tharla an tubaiste. Tá a scéal féin ag chuile dhuine. Ach cad faoi scéalta na bPailistíneach? 500 acu maraithe ag fórsaí Iosraeil le bliain anuas. Agus an 17,500 Pailistíneach agus Liobánach a maraíodh i 1982 nuair a dhein Iosrael ionradh ar an Liobáin.

Tá athruithe feicthe ag mo dheartháir i Nua-Eabhrac. Tá daoine níos ciúine agus níos béasaí. Tá a chomhlacht ag smaoineamh anois ar oifigí nua a thógáil i “midtown” seachas “downtown”. Deir sé go bhfuil an spás oifige a scriosadh ar cóimhéid le spás oifige iomlán Bhaile Átha Cliath.

Bíonn margaí airgeadais idirnáisiúnta an domhain ag brath go mór ar dhóchas, ar éadóchas, ar phearsantachtaí, ar dhearcadh idirnáisiúnta daoine, seachas ar anailís staitisticiúil amháin. Bhí daoine lán le dóchas nuair a eisíodh scaireanna Eircom cúpla bliain ó shin. Thosaigh daoine ag labhairt ar infheistíocht i scaireanna seachas airgead a shábháil sa bhanc nó a infheistiú i dtithe agus talamh. Is trua liom na daoine a chreid an oiread sin sa stocmhargadh agus a chreid nach bhféadfadh luach a scaireanna titim.

B’fhéidir go gcuirfidh an tubaiste uafásach i Nua-Eabhrac daoine ag smaoineamh agus go bhfásfaidh carthannacht agus tuiscint ar éagsúlacht. Ní maith liom smaoineamh ar a mhalairt de rogha!

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.