GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Tearmann.com - ag freastal ar an domhan mór
Alan Mac Eochagáin Alan Mac Eochagáin

Nuair a bhunaigh Alan Mac Eochagáin, SJ, agus a chomhghleacaithe in Ionad Cumarsáide na nÍosánach suímh urnaithe (ceann i nGaeilge ina measc) i 1999 ba bheag a shíl siad go mbeadh trí mhilliún cuairteoir acu taobh istigh de thrí bliana.

Íomhá

Trí bliana ó shin, ar Chéadaoin an Luaithrigh, thosaigh an chéad suíomh urnaithe Éireannach, Sacredspace.ie. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, ar Lá Fhéile Pádraig, bunaíodh Tearmann.com, an leagan Gaeilge. Ó shin i leith bunaíodh leaganacha i dteangacha eile (an Phortaingéilis, an Spáinnis, an Chóréis, an tSeapáinis agus beidh sé ar fáil go luath sa tSínis, sa Ghearmáinis agus sa Chatalóinis). Tá níos mó ná trí mhilliún cuairt tugtha ar na suímh sin go léir ó bunaíodh iad.

Ba léir dúinn ón chéad chúpla lá go raibh rud iontach ag tarlú. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orainn nuair a tháinig ríomhlitir ó bhean a bhí ina cónaí i sráidbhaile beag in Alasca, taobh istigh den Chiorcal Artach. Dúirt sí gur chuidigh an suíomh léi mar gur chuir sé i gcuimhne di go raibh sí aontaithe le daoine timpeall an domhain, cé go raibh sí chomh deighilte sin amach ó chreidmhigh eile. Le cead uaithi, chuireamar an teachtaireacht sin ar an suíomh.

Cúpla lá ina dhiaidh sin tháinig teachtaireacht eile ó bhean a bhí ina cónaí i sráidbhaile beag eile, taobh istigh den Chiorcal Artach i dtuaisceart na hIorua. (Agus muidne ag ceapadh go raibh tionscadal beag Éireannach idir lámha againn!) Bhí dlúthpháirtíocht an-láidir idir an beirt bhan seo, i bhfad ó chéile ar bhealach amháin ach an-chóngarach ar bhealach eile. Tá féidearthachtaí iontacha ag baint leis an teicneolaíocht nua seo i ngach réimse den saol, an spioradáltacht ina measc.

Is é an rud atá i dTearmann ná céimeanna urnaithe. Ní “léann” an duine Tearmann faoi mar a léann tú as leabhar crábhaidh. Déanann sé/sí é. Tá gluaiseacht sna céimeanna a chabhraíonn le duine ciúnú síos agus an croí agus an intinn a oscailt le héisteacht le glór Dé sna scrioptúir. Is rud an-simplí é agus tógann sé idir deich agus fiche nóiméad chun é a dhéanamh. Tá bean amháin sna hOileáin Fhilipíneacha a théann isteach san oifig go luath chun tearmann beag a chruthú di féin ar-líne roimh thús an lae oibre. Baineann daoine an-tairbhe as. Is léir sin mar tagann níos mó ná seacht míle acu isteach in aghaidh an lae! Agus tá sé ag dul i méid an t-am ar fad.

Is i mBéarla a dhéanann formhór na ndaoine teagmháil le sacredspace ach is iontach an spéis atá lucht na Gaeilge ag léiriú i dTearmann. Tháinig an teachtaireacht seo as Cordóba na hAirgintíne: “Comhghairdeas! Is iontach an rud é a bheith ábalta smaoineamh an lae a léamh anseo i Meiriceá Theas. Cabhraíonn sé go mór bheith ábalta dul i dteagmháil leis an Ghaeilge”. Ansin, scríobh fear atá ag obair san Ísiltír: “Ní go le déanaí a thángas ar Thearmann. Bainim an-fhaoiseamh as. Gura fada a mhairfidh sé”.

Thug fear eile ardú meanman dúinn nuair a scríobh sé: “Táim i mo chónaí anseo in Áth Luain ach déanaim mo chuid guí fós trí Ghaeilge. Níl aon chaint ar Aifrinntí Gaeilge anseo, ach is iontach an rud é a bheith in ann teacht isteach in áit mar seo agus cúpla paidir a rá, agus machnamh a dhéanamh ar phíosa breá scrioptúir chomh maith. Gura fada buan seasmhach sibh agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon seo go ceann píosa maith eile de bhlianta.”

Sin é ár scéal. Thosaigh Tearmann ag tús an Charghais trí bliana ó shin agus tagann borradh iontach ar líon na gcuairteoirí gach Carghas. Tá fáilte roimh chách ag (www.tearmann.com)

*Tá Alan Mac Eochagáin SJ ina stiúrthóir ar Ionad Cumarsáide na nÍosánach i mBaile Átha Cliath agus ina eagarthóir ar *Timire an Chroí Naofa. I láthair na huaire tá sé féin agus a fhoireann ag bunú suíomh ginearálta Caitliceach, www.CatholicIreland.net, a bheidh dátheangach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.