Tá ceithre oiread daoine ag fáil oideachas tríú leibhéal anois ná mar a bhí sna seascaidí ach tá go leor daoine fós nach bhfuil deis acu teacht i dtír ar an réimse leathan cúrsaí atá ar fáil. Measann Emer Ní Bhrádaigh go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus leis an deacracht atá ann de bharr líon na ndaltaí Ardteistiméireachta a bheith ag titim.
Thug Hilary Clinton Mheiriceá cuairt ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) an mhí seo caite agus labhair sí faoi thábhacht na “city universities”. Measaim go bhfuil tuairim éagsúil aici ar cad is brí le hollscoil chathrach. Measaim go mb’fhéidir go bhfuil sise ag labhairt faoi ollscoil a dhíríonn ar mhuintir na cathrach, is cuma cén aicme shóisialta as a dtagann siad. Ach más é sin atá i gceist ní dóigh liom gur “city university” í an ollscoil seo.
An lá roimh chuairt Hillary bhí tuairisc sa pháipéar ar thaighde Patrick Clancy ar na daoine a théann ar aghaidh chuig oideachas tríú leibhéal, agus is bocht an scéal é maidir leis an gcomharsanacht ina bhfuil DCU. Feicim ó m’oifig túranna Bhaile Munna agus na crainn tógála atá i mbun an athchóirithe. Bíonn comhrá deas agam leis na glantóirí a bhíonn istigh tráthnóna ag glanadh na n-oifigí. Ach i 1992, d’fhreastail 17.5% d’aos óg Bhaile Munna agus Fhionnghlais ar oideachas tríú leibhéal. Faoin mbliain 1998 (an bhliain ar a bhfuil an tuairisc is déanaí bunaithe) ní raibh ach 14.2% acu ag freastal. Ísliú seachas easpa athraithe, gan trácht ar ardú.
Tá an bhearna idir na bochtáin agus na daoine saibhre ag leathnú seachas a bheith ag cúngú. Sa Stát ina iomláine, tá beagnach 50% de mhic léinn Ardteiste ag freastal ar oideachas tríú leibhéal, ach tá an figiúr thíos faoi 40% do lár na tíre (contaetha mar Uíbh Fháilí agus Laois), agus thuas ag 57% i gcás na Gaillimhe agus 77% i gcás Charraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath. Ach is é an dea-scéala ná go bhfuil ardú ar na figiúirí i gceantracha faoi leith - deisceart lár chathair Bhaile Átha Cliath mar shampla - ardaithe ó 11% go 20%. Ní mór, áfach, na hathruithe déimeagrafacha sa chathair a thógáil san áireamh. Mar sin féin, ag breathnú ar an bpictiúr go fadtéarmach, ní raibh ach 22,000 duine ag freastal sna seascaidí agus tá an figiúr anois ag 88,000.
Forbairt an gheilleagair
Tá an t-ardú seo i leibhéal oideachais an Stáit an-tábhachtach d’fhorbairt an gheilleagair agus d’fhorbairt na sochaí. Tá béim na laethanta seo ar gheilleagar bunaithe ar eolas, seachas ar scileanna. D’aithin Forfás é seo sa straitéis a d’fhoilsigh siad in Eanáir 2000, “Enterprise 2010: a new strategy for the promotion of enterprise in Ireland in the 21st century”. Cuireann siad béim faoi leith ar an teicneolaíocht. Thaispeáin a dtuairisc i 1996 go raibh comhlachtaí Éireannacha ag infheistiú i bhfad níos lú i dtaighde agus forbairt ná a gcomhghleacaithe thar lear. Ní féidir taighde agus forbairt a dhéanamh gan buíon oibre ardoilte, agus ní féidir buntáiste iomaíoch a choimeád, gan trácht ar a fhorbairt, gan taighde agus forbairt. Cuireadh go mór leis an líon áiteanna atá ar fáil sna hInstitiúidí Teicneolaíochta le dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
Ach anois tá líon na mac léinn atá ocht mbliana déag agus ag déanamh na hArdteiste ag titim, agus tá leibhéal na bpointí atá ag teastáil le háit a fháil in ollscoil titithe. Cad a dhéanfaimid anois leis na spásanna breise? Bhuel, aithnítear anois an tábhacht a bhaineann le hoideachas fadsaoil, agus an dúshlán anois do na hollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta ná freastal ar mhic léinn eile seachas lucht na hArdteiste. Thug tuairisc Skillbeck ar threochtaí idirnáisiúnta san ardoideachas an dúshlán do na hollscoileanna freastal ar an dream seo trí chúrsaí páirtaimseartha, cianoideachas agus mar sin de.
Tugaim an dúshlán d’aon duine a cheapann gur áit chodlatach í an ollscoil an lá a chaitheamh liomsa nó le duine de mo chomhghleacaithe. Feicfidh siad muid ag obair ar chúrsaí nua, ar mhodhanna nua múinte, amuigh ag labhairt le mic léinn poitéinsiúla, ag breathnú ar an gcaoi is fearr ar féidir leis an ollscoil freastal ar an tsochaí chomhaimseartha.
Tugann na mic léinn aibí dearcadh nua leo, rud atá go maith do na mic léinn óga. Tugann na mic léinn ó chúlraí éagsúla sóisialta réimse leathan dearcadh leo freisin. Is trua nach bhfuil an réimse san ollscoil leathan go leor mar a sheasann cúrsaí.
Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.