GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
An Seantíogar Ceilteach ag ithe a eireabaill féin
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Ní i gcónaí a éiríonn le lucht margaíochta a thuar cad iad na táirgí a n-éireoidh go maith leo, mar a mhíníonn Emer Ní Bhrádaigh.

Íomhá
Íomhá

Bhí comhdháil fiontraíochta againn le déanaí i bhFiontar agus thug na mic léinn agus na léachtóirí cuairt ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara. Anuraidh bhí an ardteicneolaíocht mar théama againn agus i mbliana bhíomar ag breathnú ar fhorbairt pobail. Tá sé suimiúil breathnú siar ar an hype a bhain le hardteicneolaíocht bliain ó shin, agus na fadhbanna atá againn anois, anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Thrácht duine de na cainteoirí ar an seantíogar Ceilteach a bheith ag ithe a eireabaill féin agus is deas liom an nath!

Bhí an t-athrú sa mhargadh ardteicneolaíochta le feiceáil breis agus bliain ó shin nuair a theip ar an WAP i margadh na dteileafóin soghluaiste. Cheap lucht na dteileafón soghluaiste go mbeadh chuile dhuine ag ceannach na bhfón nua seo le go bhféadfaidís breathnú ar liostaí de na scannáin a bhí ar siúl nó de na bialanna a bhí ar fáil sa chathair. Ach bhí an mhórchuid againn tar éis teileafón soghluaiste a cheannach bliain nó dhó roimhe sin agus níor bhraitheamar an gá a thuilleadh airgid a chaitheamh ar sheirbhís a d’úsáidfeadh muid go fánach, dá n-úsáidfeadh muid í ar chor ar bith.

Dar ndóigh bhí daoine ann a cheannaigh na teileafóin WAP, mar go gceannaíonn siad chuile rud nua a thagann amach. Tá aithne againn ar fad ar dhaoine a cheannaíonn na nuálaíochtaí ar fad. Tá a fhios againn cé is fearr inár gciorcal cairde le comhairle a chur orainn faoin mbialann is faiseanta, an siopa éadaigh is fearr, an banna ceoil is nua.

Cúig ghrúpa éagsúla

=======

I gcúrsaí margaíochta agus straitéise, labhraímid faoi thimthriall roghnaithe na nuála. Is éard atá i gceist leis seo ná le haon nuálaíocht - bíodh sé bunaithe ar theicneolaíocht nó ná bíodh - go mbíonn an margadh nó an pobal scaipthe thar cúig ghrúpa éagsúla - na nuálaithe, na húsáideoirí luatha, an móramh luath, an móramh mall agus na fágálaithe. (Forbraíodh an tsamhail seo i staidéar ar fheirmeoirí Meiriceánacha ag glacadh le síol nua d’fhataí!) Is féidir brath ar na nuálaithe chuile iris agus chuile phíosa eolais a bhaineann leis an táirge nó an teicneolaíocht a bheith acu. Beidh an rud is déanaí acu i gcónaí. Beidh suim faoi leith acu i bhfeidhmiú an táirge agus labhróidh siad leat faoi go maidin má ligeann tú dóibh. Beidh an t-úsáideoir luath ag brath ar an nuálaí an chéad cheann a cheannach. Ar deireadh tosaíonn an móramh á cheannach - ach ní cheannaíonn na fágálaithe an rud go deo.

Smaoinigh ar na táirgí nua a tháinig ar an margadh le 10 - 20 bliain anuas - cén chatagóir ina bhfuil muid ar fad maidir le dlúthdhioscaí, oighinn mhicreathonnacha, teileafóin shoghluaiste, an córas miondiosca don cheol, nó úsáid an idirlín? An botún a dhein lucht déantúsaíochta na bhfón póca ná go rabhadar ródhóchasach faoi líon na ndaoine a cheannódh fón soghluaiste, nó a chaithfeadh amach fón breá le ceann níos fearr a fháil. Tá an rud céanna ag tarlú i gcás na ríomhairí. Níl daoine chomh sásta is a raibh súil ag na déantúsóirí leis ríomhairí níos cumhachtaí a cheannach.

Nuair a shroicheann aon táirge an staid ar an dtimthriall go bhfuil an móramh á cheannach, bíonn an iomaíocht níos géire, mar go bhfuil an margadh sáithithe le táirgí. Níl an císte ag éirí níos mó a thuilleadh, agus tosaíonn na comhlachtaí ar fad ag iarraidh píosa de chíste na n-iomaitheoirí a ghabháil. Le sin a dhéanamh, bíonn orthu a bpraghsanna a ísliú, agus bíonn an bua ag an dream ar féidir leo an táirge a mhargú ar bhealach níos tarraingtí, nó a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla, agus dá bhrí sin ar chostas níos ísle. Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas ná do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith céim chun tosaigh i gcónaí. An bhfuil Éire céim chun tosaigh?

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.