GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
An té atá gan pheaca, caitheadh sé an chéad chloch!
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Caitheann Emer Ní Bhrádaigh súil siar ar chuid d’imeachtaí na bliana 2001.

Íomhá
An fear gnó Denis O'Brien

Ag breathnú siar ar an gcéad bhliain cheart den mhílaois nua, tá súil agam go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí! Thosaigh an bhliain leis an ngalar crúibe is béil agus thit earnáil na feirmeoireachta agus na turasóireachta as a chéile. Tá sé éasca againne nach bhfuil bainteach leis na hearnálacha seo dearmad a dhéanamh ar an damáiste a déanadh. Thit an t-ioncam turasóireachta thart ar £200,000,000 agus beidh sé deacair an margadh a thógáil arís. Cé gur féidir leis na hóstáin sna cathracha móra ísliú i láimhdeachas a sheasamh, is deacair don teach beag lóistín faoin tuath teacht slán as tubaiste mar seo. Thaispeáin an galar dúinn go raibh feirmeoirí agus trádálaithe beithíoch anseo agus ansiúd gafa leis an gcaimiléireacht.

Ach ní hiad siúd na caimiléirí is measa. Measaim féin go bhfuil na caimiléirí is mó le fáil i measc lucht na cumhachta. Tá sé sin feicthe againn leis na binsí fiosraithe ar fad a lean ar aghaidh ar feadh na bliana. Chonaic muid Denis O’Brien in adharca le lucht Fhine Gael agus lucht Telenor maidir le brontannais airgid agus seic ag dul anonn is anall idir Éirinn agus an Iorua. Bhí polaiteoirí sinsearacha na tíre os comhair binse fiosraithe maidir leis an gconradh don chóras comhartaíochta ar na hiarnróid. Bhí polaiteoir eile ar ais san áit chéanna faoi dheontais airgid a fuair sé agus nach cuimhin leis a fháil.

Ná déanaimis dearmad gur vótáil daoine do na polaiteoirí seo agus go leanann go leor de mhuintir na tíre agus muintir a ndáilcheantar ag tabhairt tacaíochta do leithéid de dhaoine. Is ón bpobal a thagann caighdeáin mhorálta agus eiticiúla na tíre. Déanann na polaiteoirí seo ionadaíocht orainn agus déanann siad ionadaíocht ar ár luachanna féin. Ní maith linn smaoineamh air sin ach sin mar atá.

Amhail is nár leor na cásanna sin, lean an binse fiosraithe ar haemaifilia ar aghaidh. Lean na scéalta ag teacht amach arís is arís eile faoi dhaoine a bhí ag maireachtáil le galar dainséarach mar a bhí, agus ansin ar tugadh fuil shalaithe dóibh. Tá cuid de na daoine seo ar shlí na fírinne anois, de bharr easpa maoinithe san earnáil sláinte, agus de bharr nach raibh daoine a raibh an chumhacht acu ábalta ná sásta dul i ngleic leis an bhfadhb agus glacadh leis an dualgas a ghabhann le cumhacht.

Éagothroime shóisialta

Tá na fadhbanna san earnáil sláinte fós linn - foilsíodh tuarascáil i rith an tsamhraidh ag taispeáint nach bhfaigheadh beagnach 6,000 duine faoi 65 bliain d’aois bás dá gcuirfí deireadh leis an éagothroime shóisialta. Tá rátaí báis ó ghalair ar nós ailse níos airde in Éirinn ná mar atá ar an meán san Aontas Eorpach.

Tá an ráta báis ó thimpistí bóthair dhá oiread níos airde in Éirinn ná an ráta atá ag na comharsana is gaire dúinn, an Bhreatain. Cén t-ionadh sin nuair a tuairiscíodh i rith na bliana nár íocadh ach 84% de na fíneálacha luais i 1998. Agus bhí an leibhéal íocaíochta ag 61% agus 26% i gcás fíneálacha páirceála agus dioscaí cánach faoi seach. An mana anseo ná má bhriseann tú an dlí, cén dochar é, is féidir leat éalú ón bhfíneál.

Thaispeáin tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh gá le feabhas a chur ar chóras riaracháin agus bainistíochta na bhfíneálacha, agus nach n-íocann daoine na fíneálacha mar go bhfuil a fhios acu gur féidir leo éalú gan iad a íoc. Tá toradh an fheabhais le feiceáil maidir le páirceáil i gcathair Bhaile Átha Cliath agus ioncam breá ag an mBardas uathu siúd a leanann ar aghaidh ag páirceáil go mídhleatheach, gan cuimhneamh ar dhaoine eile.

Ní hiad na boic mhóra amháin a bhíonn ag gabháil d’iompar mí-eiticiúil nó mí-ionraic. Cé mhéad againn féin a bhfuil coinsias iomlán gan smál againn? Cad iad na dea-rúin atá againn ar fad anois sa bhliain úr? Cad is féidir linn a dhéanamh le cinntiú go mbeidh polaiteoirí le dea-luachanna seachas iad siúd a bhfuil ceisteanna ann faoina gcaighdeáin eiticiúla i gceannas tar éis an chéad toghchán eile?

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.