GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Fógraí mealltacha ríomhaireachta
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna don té a bheadh ag smaoineamh ar ríomhaire nua a cheannach.

Íomhá
Íomhá

Tharla go bhfuil brú mór ar chomhlachtaí ríomhaireachta faoi láthair, tá an-chuid fógraí do ríomhairí saora sna meáin chumarsáide le gairid. Ach cé go bhfuil luach maith airgid le feiscint i measc na ríomhairí pearsanta atá fógarthalaigí orthu freisin agus d’fhéadfaí feabhas mór a chur ar roinnt de na ríomhairí sin gan mórán airgid bhreise a chaitheamh. Mar shampla, is minic a fhógraítear ríomhairí deisce le scáileán 15 horlaí; tá sé i bhfad níos compordaí, áfach, scáileán 17 n-órlaí a úsáid toisc gur féidir do chuid oibre a “scaipeadh amach” air agus is fiú an t-airgead breise iad.

An tréith lárnach sna fógraí ar fad ná luas an mhicreaphróiseálaí sa ríomhaire - luas a bhíonn thart ar 1 gigahertz (1 GHz) na laethanta seo. Ach is beag difear atá le tabhairt faoi deara idir ríomhairí le luasanna éagsúla toisc go mbíonn ar an micreaphróiseálaí cumarsáid a dhéanamh leis na gléasanna eile atá sa ríomhaire - gléasanna atá níos moille ná é.

Tá dhá shaghas cuimhne i ríomhaire - an RAM a bhíonn á úsáid ag cláracha nuair atá an ríomhaire ar siúl, agus an diosca crua áit a stóráiltear doiciméid agus bogearraí ar feadh níos mó ama. Is fearr 128 megabyte (MB) de RAM a bheith ag ríomhaire in áit an 64 megabyte a bhíonn sna fógraí de ghnáth. Cuirfidh an RAM breise sin ar chumas na gcláracha feidhmiú níos tapúla. Is fearr diosca crua breá mór a fháil freisin - tuairim is 20 gigabyte (GB) méid réasúnta. Go minic ní chosnaíonn sé mórán sa bhreis diosca le dhá oiread spáis a fháil.

Má tá cluichí le bheith á n-imirt ar an ríomhaire is fiú cárta grafach neamhspleách (le tuairim is 32 MB cuimhne) a fháil in áit na gceann atá mar chuid den mhicreaphróiseálaí féin. Is fiú freisin tiomántán DVD a cheannach leis an ríomhaire cé go gcuireann siad sin leis an bpraghas. Is féidir na tiomántáin sin a úsáid chun scannáin a thaispeáint chomh maith le gnáth-dhlúthdhioscaí a léamh agus a sheinm.

Is minic nach mbíonn go leor spáis ar dhioscaí flapacha do dhoiciméid a chruthaíonn cláracha ar nós PowerPoint. Is fiú mar sin smaoineamh ar thiomántán “CD-Rewriter” a cheannach leis an ríomhaire chun gur féidir comhaid agus ceol a chóipeáil ón ríomhaire chuig dlúthdhioscaí bána. Tá tiomántáin Zip níos éasca le húsáid ach tá i bhfad níos lú spáis ar na dioscaí Zip agus tá amhras ann ar cé chomh fada is a mhaireann na dioscaí féin.

Tá sé tábhachtach, freisin, conradh maith tacaíochta teicniúla a fháil. Briseann ríomhairí síos agus go minic bíonn sé deacair iad a chur ag obair an chéad lá. Toisc go mbíonn ríomhairí glúine á mbogadh timpeall go minic bíonn fadhbanna leo siúd níos minicí ná le ríomhairí deisce. Is fiú conradh a fháil a mhaireann ar feadh tuairim is trí bliana, le seirbhís “ar an láthair” chun nach gá an ríomhaire a sheoladh ar ais chuig an monarcha.

Ba chóir an cló beag sna fógraí a léamh agus a chinntiú go n-ordaítear ríomhaire le scáileán breá mór, cuid mhaith cuimhne RAM agus diosca crua breá mór. Tá luach maith le fáil ar ríomhairí faoi láthair ach ní hiad na cinn a fhógraítear na cinn is fearr i gcónaí.

Líonra leabhar

Deirtear gurb é díol leabhar an t-aon ghnó a n-éireoidh leis ar an idirlíon ach tá leabhair le fáil saor in aisce air freisin. Is é Tionscadal Gutenberg a chuir tús leis an ngluaiseacht chun leabhair a chur ar fáil ar ríomhairí agus is féidir teacht ar na mílte leabhar nach bhfuil cóipcheart orthu a thuilleadh ar an suíomh gréasáin atá ag an tionscadal. Ina measc tá obair Shakespeare agus na scéalta faoi Sherlock Holmes. Dóibh siúd go bhfuil suim acu i lámhscríbhinní a bhaineann le hÉirinn, tá an Meamram Páipéar Ríomhaire tar éis íomhánna breátha de cháipéisí a bhaineann le hÉirinn a chur ar fáil ar líne freisin.

Tá an t-údar ag dul le dochtúireacht san fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá “GaelSpell 2”, an leagan is déanaí dá litreoir Gaeilge a oibríonn le Microsoft Word, Outlook, FrontPage agus PowerPoint, curtha ar fáil aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.