GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Rúin ríomhphoist
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Cé go bhfuil Baltimore Technologies go mór sa nuacht faoi láthair, is beag duine a bhfuil a fhios aige go díreach cad a dhéanann siad. Sin fadhb atá ag cuid mhaith comhlachtaí atá bainteach le slándáil ar an idirlíon - is réimse chomh casta sin é nach dtuigeann daoine cad atá i gceist.

Íomhá

Ceann de na cúiseanna atá leis an míthuiscint sin ná go bhfuil a lán slite ann chun “e-shlándáil” a chur i bhfeidhm. Ach tá aidhm amháin ag na hearraí ar fad a chuireann leithéidí Baltimore agus SSE ar fáil: eolas a choimeád rúnda. Idir uimhreacha cártaí creidmheasa agus phleananna gnó, tá luach ard á chur ar eolas faoi láthair - agus tá comhlachtaí agus rialtais ag iarraidh smacht a choimeád ar a gcuid rún féin. Go deimhin, tá siad ag iarraidh teacht a bheith acu ar rúin dhaoine eile freisin.

Is gnáthrud é anois go bhféacfadh comhlachtaí ar theachtaireachtaí ríomhphoist a gcuid oibrithe chun a chinntiú go bhfuil siad ar fad “inghlactha”. Anuas air sin, tá go leor daoine den tuairim go bhfuil córas ar a dtugtar “Echelon” curtha i bhfeidhm ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ag an mBreatain chun eolas atá á scaipeadh go leictreonach san Eoraip a léamh. Ceaptar go bhfuil sé á úsáid chun rúin eacnamaíocha agus polaitiúla a bhailiú agus tá feachtas ag bailiú luais timpeall an domhain chun daoine a chur ar an eolas faoin gcóras seo.

Tá teachtaireachtaí ríomhphoist ar nós cártaí poist - tá siad oscailte agus is féidir le haon duine iad a léamh toisc go dtéann siad tríd a lán ríomhairí sula mbaineann siad a gceann scríbe amach. Is é an tslí is fearr chun eolas ar ríomhairí mar theachtaireachtaí ríomhphoist a choimeád rúnda ná trí scéim incriptiúcháin a úsáid. Tá na scéimeanna sin bunaithe ar mhatamaitic chasta a chinntíonn go dtógfadh sé i bhfad ar aon duine an t-incriptiú a bhriseadh. Cuireann Baltimore cláracha ar fáil chun eolas a incriptiú agus chun a chinntiú cad as a dtagann sé le “síniú digiteach”, agus tá scéimeanna incriptiúcháin eile ar nós PGP ar fáil freisin saor in aisce ar an idirlíon.

Ach tá sé deacair na scéimeanna incriptiúcháin a chur i bhfeidhm - tá na cláracha a ghabhann leo casta le húsáid, agus is beag duine atá ábalta déileáil le teachtaireacht atá incriptithe. Chomh maith leis sin, tá eagla ar roinnt rialtas go n-úsáidfeadh daoine incriptiúcháin chun eolas a cheilt ó na póilíní agus tá tíortha ann a áiríonn scéimeanna incriptiúcháin mar armlón dá bharr. Níl an lá tagtha fós gur féidir le húsáideoirí an idirlín brath ar leibhéil réasúnta príobháideachta - agus is beag duine a bhfuil a fhios aige go díreach cé mhéad dá chuid eolais phearsanta atá gan chosaint.

Cluas le héisteacht

Tá go leor acmhainní scríofa ar an idirlíon do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge - ach, ar ndóigh, is fearr teanga a chloisint freisin. Is féidir raon leathan frásaí a chloisint i bhfoirm comhaid fuaime ar an suíomh Travlang. Áis eile an-úsáideach dóibh siúd ar mhaith leo Gaeilge a chloisint ná an suíomh atá ag an gclár “Blas” ar an BBC. Clár raidió é sin atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge timpeall an domhain agus tá suíomh breá mór ag dul leis. Tá cláracha cúrsaí reatha agus cláracha maithe ceoil le cloisint ar Raidió na Gaeltachta.

Iad siúd a bhfuil dúil acu sna leabhair, is féidir leo dul chuig an suíomh an-úsáideach atá ag na foilsitheoirí Cois Life. Tá flúirse eolais ar a gcuid leabhar ar an suíomh agus is féidir éisteacht leis na húdair ag déanamh cur síos ar a saothar freisin.

Tá an t-údar ag dul le dochtúireacht san fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá an leagan is déanaí dá litreoir Gaeilge, “GaelSpell 2” (a oibríonn le Microsoft Word, Outlook, FrontPage agus PowerPoint), curtha ar fáil aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.