GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Víris bhréige
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Is beag duine nach bhfaigheann teachtaireacht ríomhphoist go rialta mar gheall ar víreas ríomhaireachta - ach ní bhíonn bunús ar bith le formhór na dteachtaireachtaí sin. Is minic a scaiptear teachtaireachtaí mar gheall ar víris bhréige (nó “hoax viruses") agus tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo agus rabhadh ar chóir aird a thabhairt air.

Íomhá

Ní gá a bheith róbhuartha faoi fhormhór na víreas atá sa timpeall faoi láthair. Is cláracha ríomhaireachta iad a bhformhór a chóipeálann iad féin agus a scaipeann ó ríomhaire go ríomhaire gan mórán damáiste a dhéanamh. Is i bhfolach i gceangaltán le teachtaireachtaí ríomhphoist a bhíonn a lán víreas, agus is fearr gan aon cheangaltáin as an ngnáth a oscailt. Is minic a sheoltar cláracha ar nós cluichí timpeall, ach toisc gur féidir le víris scaipeadh mar chuid de na cláracha sin is fearr iad a sheachaint. Agus é sin ráite, tá roinnt ceangaltán ar nós doiciméad, pictiúr agus cártaí leictreonacha a bhíonn sábháilte de ghnáth agus ar féidir iad a oscailt gan fadhb. Is fiú i gcónaí cóip bhreise a dhéanamh ar dhiosca d’aon obair thábhachtach ar eagla go dtéann víreas ar do ríomhaire. Má bhíonn an diosca curtha ar leataobh i mbosca, is beag tionchar a bheidh ag aon fhadhb ríomhaireachta air.

Is é an chosaint is fearr ar víris ná seiceálaí víreas - clár a chuireann stop leis na víris atá sa timpeall cheana féin. Toisc go mbíonn víris nua á gcumadh go rialta, is gá na cláracha sin a thabhairt suas chun dáta tuairim is uair sa mhí chun na víris is nua a stopadh.

Níl cláracha frithvíris ábalta déileáil leis na teachtaireachtaí ríomhphoist bréige faoi víris go fóill. Bíonn an chuma ar na teachtaireachtaí seo gur tháinig siad ó fhoinse iontaofa, agus bíonn siad teicniúil go leor chun dallamullóg a chur ar dhaoine nach bhfuil leibhéal ard eolais theicniúil acu. Ní dhéanann na teachtaireachtaí seo aon dochar go díreach do ríomhairí, ach má leantar na treoracha atá iontu is minic a dhéanfaidh an t-úsáideoir an damáiste é féin. Mar sin, is fearr neamhaird a thabhairt ar theachtaireachtaí ríomhphoist faoi víris mura dtagann siad chugat go díreach ó dhream a bhfuil muinín agat astu.

Má tá tú in eagraíocht le foireann ríomhaireachta, is fearr comhairle a lorg uathu siúd má bhíonn tú in amhras faoi theachtaireacht. Anuas air sin, tá roinnt suíomh ar an idirlíon a fhoilsíonn eolas úsáideach mar gheall ar víris. Mar shampla, tá eolas úsáideach curtha ar fáil ag Network Associates agus Symantec, dhá chomhlacht a dhíolann bogearraí frithvíris. Má fhaigheann tú teachtaireacht mar gheall ar víreas is fiú i gcónaí a bheith amhrasach - seans go bhfuil duine éigin ag iarraidh bob a bhualadh ort.

Éire ar an léarscáil

Má tá tú caillte sa chibearspás, is beag suíomh idirlín atá ann chun do shuíomh ar an domhan a chinntiú - go háirithe má tá tú in Éirinn. Tá athrú ag teacht ar an scéal seo de réir a chéile agus tá léarscáileanna maithe de Bhaile Átha Cliath curtha ar fáil ag www.softguides.com. Anuas air sin, tá pictiúir ildaite saitilíte d’Éirinn curtha ar fáil ar www.mapflow.com. Má chliceálann tú ar an rannóg “Demo” ar an suíomh sin is féidir seoladh foirgnimh a chlóscríobh isteach agus a shuíomh a fheiceáil ar léarscáil. Má tá an foirgneamh i gcathair mhór, is féidir grianghraf breá den fhoirgneamh sin a fheiceáil freisin - léiriú breá ar theicneolaíocht atá suimiúil agus scanrúil ag an am céanna.

Tá an t-údar ag dul le dochtúireacht san fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D’fhoilsigh sé leagan nua den litreoir Gaeilge “GaelSpell” a oibríonn le Microsoft Word agus Microsoft Outlook le déanaí ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.