GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Ó Bhaile Átha Cliath go Berlin nó Boston?
Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh Emer Ní Bhrádaigh

Tá amhrán ag Seán Keane na Gaillimhe dar teideal ‘From Galway to Graceland’, agus smaoiním air seo nuair a bhíonn an díospóireacht ar siúl faoi Bhaile Átha Cliath ag bogadh níos gaire do Bherlin nó do Bhoston. Bhí comhdháil ar siúl i mí na Bealtaine faoin téama seo ag ISME, ceann de na heagrais do chomhlachtaí beaga agus leathmhóra. Tá an cheist le freagairt againn go luath le cinntiú nach ndéanfaimid an iomarca de na botúin a deineadh i gceachtar den dá áit sin. An bhfuilimid ag iarraidh níos mó cumhachta a thabhairt d’fhórsaí an mhargaidh agus do mhúnla chaipitleachas dírialaithe Mheiriceá, nó an fearr múnla sóisialta na hEorpa.

Tá fórsaí an mhargaidh ag obair go tréan san earnáil phríobháideach, go háirithe in earnálacha na tógála agus na teicneolaíochta, agus is cinnte go bhfuil an caighdeán maireachtála ardaithe sa tír ina hiomláine. Ach taobh thiar den phictiúr sin níl cúrsaí chomh maith is a cheaptar. I 1987, nuair a thosaigh straitéis na páirtnéireachta sóisialta, bhí 31% den ioncam náisiúnta ag dul ar bhrabúis, agus faoin mbliain 1997 ba 41% a bhí ann. Mar sin, d’ísligh an céatadán a théann ar phá agus ar thuarastal. Tá táirgiúlacht ardaithe níos tapúla ná pá agus tuarastal, agus ní gá duit a bheith i do shaineolaí le sin a fheiceáil.

Bhí an tuar ann tráth go mbeadh uaireanta oibre níos gaire againn ar fad faoin 21ú aois, ach tá an lá oibre chomh fada is a bhí riamh, níl níos mó laethanta saoire ag daoine, agus táimid go léir inár sclábhaithe ag an teicneolaíocht nua ar fad - idir ríomhairí, an t-idirlíon, an teileafón agus an fón póca. Bímid ag súil le freagra láithreach agus bíonn an brú orainne freagraí a thabhairt láithreach. Cé go bhfuil cumas iomaíochta idirnáisiúnta na tíre ardaithe, agus is maith sin, idir 1999 agus 2000 níor ardaigh an fíorphá nó tuarastal a thugann daoine abhaile in Éirinn ach leath an mheánmhéid don Aontas Eorpach. Nuair a thógtar boilsciú san áireamh, níl ach luach 0.2% san ardú 5.5% a fuair daoine mar chuid den PPF.

Ar an taobh eile den scéal, tá ísliú tagtha ar chaiteachas poiblí - le cúig bliana déag anuas thit an caiteachas ó mheán an Aontais Eorpaigh de 45% go dtí níos lú ná 30%. Ní haon íonadh é go bhfuil an córas leighis ina phraiseach, agus go bhfuil daltaí scoile fós á múineadh i bhfoirgnimh mhíshásúla, agus go raibh ar mhúinteoirí dul ar stailc le hardú tuarastail réasúnta a fháil. (Beidh mé ag scríobh faoi chaiteachas poiblí agus míchothroime an mhí seo chugainn.) Tá costas na dtionscadal sa Phlean Forbartha Náisiúnta ardaithe go mór de bharr an bhorrtha i dtionscal na tógála, agus tá moill curtha ar go leor de na tionscadail. Is scóig buidéil é seo agus caithfimid an phian ghearrthéarmach a fhulaingt le go mbeidh bonneagar maith againn ar deireadh.

Ach caillim féin dóchas go minic nuair nach bhfeicim ach solas lag ag béal an tolláin, go mór mór sa scóig buidéil is mó sa tír, Baile Átha Cliath, áit a mbíonn ort ceist a chur ort féin chuile mhaidin cá mbeidh moill ar an trácht an lá sin agus cé air a mbeidh an locht - na comhlachtaí teileachumarsáide ag cur a línte féin síos faoi gach bóthar in aice leis na cinn a chuir na hiomaitheoirí síos an tseachtain roimhe sin, tiománaithe traenach ar stailc, fostaithe na ndoladhroichead ar stailc, páirc ghnó nua á tógáil, nó an M50 nach gcríochnófar go dtí an bhliain 2003 nó 2004?

Níl oiread agus lá amháin nach gcloisim otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó carr gardaí agus an bonnán ag scréachach le go bhfágfar an bealach dóibh sa trácht. Mo thrua iad féin agus na daoine a mbíonn siad ag teacht i gcabhair orthu. B’fhearr liom féin a bheith ag éisteacht leis an lon dubh is an chéirseach is an fuiseoigín le chéile!

Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.