GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Seoltaí “.com” agus bailte fearainn an idirlín
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna
Íomhá
Trócaire

Cé go bhfuil go leor comhlachtaí “ponc com” ag cailliúint airgid faoi láthair, tá seoltaí idirlín “.com” á gceannach go tiubh agus tá os cionn 20 milliún ainm den chineál seo cláraithe go dtí seo. Is í an eagraíocht Internet Corporation for Assigned Names and Numbers (ICANN) a stiúrann na seoltaí idirlín a chríochnaíonn le litreacha ar nós “.com” agus “.net”. Fearainn nó domains a thugtar ar na foranna seo, agus is féidir seoltaí nua a chlárú trí chomhlachtaí atá bainteach le ICANN. I measc na gcomhlachtaí sin tá register.com, namezero.com agus doteasy.com.

Ní chosnaíonn sé ach tuairim is £20 (euro25) an seoladh idirlín féin a chlárú, ach tá difríocht mhór idir na seirbhísí a chuireann comhlachtaí éagsúla ar fáil. Cuireann roinnt acu fógraí ar do shuíomh gréasáin agus ní bhíonn seirbhís theicniúil leanúnach acu ar fad. Nuair a bhíonn seoladh cláraithe, caitear spás a chur ar leataobh ar ríomhaire chun na leathanaigh sa suíomh gréasáin a chur air. Bíonn an web hosting sin mar chuid den phraghas i gcás roinnt seirbhísí ach go minic caithfear teacht ar spás ar ríomhaire éigin eile a bhíonn ar líne an t-am ar fad. Is féidir an spás a thagann le roinnt de na seirbhísí saor in aisce atá curtha ar fáil ag comhlachtaí in Éirinn ar nós eircom.net agus Ireland On-Line a úsáid chuige sin, agus aon chuairteoir chuig an seoladh ponc com a atreorú i dtreo an tsuímh sin go huathoibríoch.

Faoi láthair tá sé i bhfad níos éasca seoladh “.com” a fháil ná an ceann Éireannach “.ie”. Tá an comhlacht IE Domain Registry ag riaradh an raoin d’Éirinn, ach ní féidir déileáil leo go díreach agus is gá dul trí chomhlacht idirlín chun seoladh “.ie” a chlárú. Ní i gcónaí a bhíonn caighdeán maith seirbhíse le fáil ó na comhlachtaí sin agus, anuas air sin, tá costais arda i gceist - suas go £100 (euro127) in aghaidh na bliana.

Ó tharla go bhfuil an méid sin seoltaí “.com” cláraithe anois, tá scata ainmneacha fearainn nua le teacht i bhfeidhm ag deireadh na bliana. Ina measc beidh “.biz” do chomhlachtaí, agus “.pro” a bheidh dírithe ar dhochtúirí agus ar dhlíodóirí. Beidh na fearainn nua seo á riaradh ag comhlachtaí éagsúla ach tá cuid mhaith fógraíochta á déanamh cheana féin ag comhlachtaí tríú páirtí ag rá gur féidir clárú leo chun seoladh nua a chur in áirithe. Níl aon chinnteacht ann go mbronnfar seoladh faoi leith ar aon duine nuair a chuirfear na fearainn nua ar fáil go hoifigiúil agus is fearr na buachaillí bó i mbailte fearainn an idirlín a sheachaint agus cloí leis na seoltaí ponc com go fóill.

Suímh charthannachta

Ní comhlachtaí amháin atá ag clárú seoltaí idirlín - tá cuid mhaith cumann carthannachta tar éis suíomh gréasáin a láinseáil agus iad á n-úsáid mar shlí chun eolas faoina gcuid oibre a scaipeadh. I measc na n-eagraíochtaí Éireannacha atá á dhéanamh sin tá Trócaire, Concern agus Goal. Tá an suíomh atá ag Trócaire (www.trocaire.ie) lán d’eolas faoi na feachtais atá á n-eagrú acu. Is féidir cuid mhaith eolais a fháil ar shuíomh Concern (www.concern.ie) faoin obair atá ar bun acu, agus tá suíomh Goal (www.goal.ie) suas chun dáta le tuairiscí ar a gcuid oibre. Is léir go bhfuil na cumainn charthannachta ag caitheamh an-dua lena gcuid suíomh gréasáin, agus is maith an rud é nach ar mhaithe le brabús amháin atá suímh á bhforbairt.

Tá an t-údar ag dul le dochtúireacht san fhisic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. D’fhoilsigh sé leagan nua den litreoir Gaeilge “GaelSpell” a oibríonn le Microsoft Word agus Microsoft Outlook le déanaí ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.