Bhíos ag bainis cairde liom le déanaí agus bhíos ag smaoineamh ar na focail “más saibhir, más bocht”. Tá an t-ádh le mo chairde mar gach seans gur “saibhir” níos mó ná “bocht” a bheidh siad. Cheannaigh sise árasán ag tús na nóchaidí agus tá post aici mar altra. Thosaigh seisean a ghnó comhairleoireachta féin trí bliana ó shin, tá a chuid airgid infheistithe aige sa chomhlacht agus tá ag éirí leis faoi láthair. Fiú má bhíonn cúlú sa gheilleagar agus má theipeann ar a ghnó siúd, tá árasán acu agus tá post san earnáil phoiblí aicise.
Ach níl a fhios agam an bhfuil árachas sláinte príobháideach acu agus, fiú má tá, ní chlúdaíonn sé sin gach gné d’aon tinneas. Ar aon chuma tagann laghdú i rátaí tinnis nuair a mhéadaíonn rátaí ginearálta sláinte. Bíonn cuid de na billí le híoc agat féin i gcónaí. Feiceann sise na fadhbanna sa chóras sláinte, agus labhrann sí fós faoi stailc na n-altraí cúpla bliain ó shin agus a laghad atá athraithe ó shin. San am sin, ní dóigh liom gur thuig daoine i gceart go ndearna na haltraí an obair leis na hothair a bhí i mbaol báis go deonach - ní raibh aon íocaíocht i gceist.
Tá an díospóireacht fós ag dul ar aghaidh faoi easpa infheistíochta sa chóras sláinte, agus bhí a rian le feiceáil i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Institiúid do Shláinte Phoiblí le déanaí. Bunaíodh an t-eagras seo mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus taispeánann an tuarascáil na difríochtaí idir na leibhéil bháis sa dá chuid den tír, agus sna grúpaí éagsúla socheacnamaíocha. Tá na difríochtaí is mó idir na grúpaí socheacnamaíocha, thuaidh agus theas, seachas idir an dá chuid den tír. Tá dhá oiread de sheans ann go bhfaighidh tú bás ó ailse más den ghrúpa is ísle tú ná an grúpa is airde, agus seans 340% níos mó go bhfaighidh duine a bhaineann leis an aicme is ísle galar ainsealach scamhóg.
Seo an toradh ar neamhionannas maidir leis an teacht atá ag daoine ar sheirbhísí sláinte. Má bhíonn táille le híoc agat gach uair a théann tú chuig an dochtúir clainne, tabharfaidh tú neamhaird ar ghalar go dtí go mbeidh sé imithe in olcas. Má bhíonn deacrachtaí léitheoireachta agat ní bheidh tú in ann na bileoga comhairle a léamh ná an chomhairle a chur i bhfeidhm. Má bhíonn táille le híoc leis an dochtúir clainne, b’fhéidir go rachaidh tú chuig an Roinn Timpistí agus Éigeandála, agus beidh tú sásta suí ansin i scuaine ar feadh cúpla uair an chloig le cóir leighis a fháil saor in aisce. Tá na leibhéil bháis in Éirinn (thuaidh agus theas) níos airde ná an meán san Aontas Eorpach, agus meastar go mbeadh 6,000 duine (faoi 65 bliana) fós linn dá laghdófaí na rátaí báis go dtí an ráta ag an ngrúpa socheacnamaíoch is airde.
Tá níos mó ná ospidéil i gceist le córas leighis, áfach - tá cláir shláinte agus cláir sheachanta lán chomh tábhachtach. Rinneadh dhá staidéar cúpla bliain ó shin ar shláinte agus nósanna saoil, dearcadh agus cothú - ceann ar 8,500 páiste agus ceann eile ar 6,500 duine fásta. Arís bhí nasc idir stádas socheacnamaíoch agus leibhéal sláinte. Ní bhaineann sé ar fad le saibhreas, cé go dtagann sé sin isteach sa phictiúr. Bhain sé freisin le caitheamh toitíní, an bia a itheann daoine, agus an tuiscint atá acu ar a sláinte féin.
Tús maith leath na hoibre, a deir an seanfhocal, agus is ciallmhar a bhíonn na seanfhocail go minic. Má thugaimid tús maith do pháistí - ón am a bhíonn siad sa mbroinn, go dtí an chéad chúpla bliain sa bhaile, go dtí na blianta scoile - cuirfear fad lena saol, gan trácht ar an bhfeabhas a bheidh i gceist. Tá ciall eacnamaíoch leis seo. Tá clár seachanta níos saoire ag deireadh an lae ná aonaid chostasacha d’obráidí a thógáil agus a rith. “A stitch in time saves nine” a deirtear sa Bhéarla agus tá ciall le seanfhocail an Bhéarla freisin!
Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU). Tá BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht, agus MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais á rith ag Fiontar.