GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
An Scéim Dhreasachta Coigiltis: is fiú an deis a thapú
Ciarán Mac an Bhaird Ciarán Mac an Bhaird Ciarán Mac an Bhaird

Creideann Ciarán Mac an Bhaird gur fiú go mór an deis a thapú atá curtha ar fáil ag an rialtas leis an Scéim Dhreasachta Coigiltis.

Íomhá
Íomhá

Bhíodh cáil orainn mar phobal a chuireadh airgead i dtaisce go rialta, ach le blianta anuas táimid an-chaifeach ar airgead. Anuraidh, níor chuireamar ach 6.4% d’ioncam teaghlaigh i dtaisce, i gcomparáid le 8%/9% sna blianta roimhe sin. Agus an geilleagar ag fás go tapa, níor theastaigh ón rialtas go mbeadh tuilleadh brú ar an ráta boilscithe. Ar an gcéad lá de Bhealtaine anuraidh, mar sin, tosaíodh an Scéim Dhreasachta Coigiltis mar spreagadh do dhaoine suim rialta a chur i dtaisce gach mí thar thréimhse cúig bliana.

Geallann an scéim €1 in aghaidh na míosa do gach €4 a chuirtear i dtaisce i gcuntas dreasachta coigiltis (CDC). Is é an t-íosmhéid a chaithfear a chur i dtaisce in aghaidh na míosa ná €12.50, suas go huasmhéid de €254. Gach mí, cuirfidh an rialtas fóirdheontas de 25% leis an méid atá curtha i dtaisce. Is féidir le gach duine a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn agus atá os cionn 18 mbliana d’aois cuntas amháin a oscailt suas go dtí an 30 Aibreán. Chun cuntas a oscailt, caithfear Uimhir Phearsanta Seirbhísí Poiblí (seanuimhir RSI) a sholáthar don institiúid a roghnaítear.

Agus “an t-airgead saor in aisce” seo ar fáil ceapadh go mbeadh an-spéis sa scéim, ach is léir gur chuir an-chuid daoine an gnó seo ar an méar fhada. Tá táirgí nua á dtairiscint ag beagnach gach institiúid airgeadais - idir chuntais “shlána” taisce agus chuntais infheistíochta meán-/ardriosca. Aibíonn na scéimeanna coigiltis nua cúig bliana agus mí tar éis a n-oscailte, agus íocfar cáin ag ráta 23% ar thoradh na taisce. Seachain - gearrfar pionós ort má dhéanann tú aistarraingt roimh dheireadh na tréimhse. Ní bhfaighidh tú an íocaíocht bhreise agus íocfaidh tú cáin ar an bpríomhshuim agus ar an ús.

Cuntas taisce nó cuntas infheistíochta?

Agus an-chuid táirgí ar fáil, cén cuntas is fearr duitse, cuntas taisce nó cuntas infheistíochta?

Braitheann an cinneadh seo ar an dearcadh atá agat ar riosca agus slándáil. Tá riosca an-íseal ag baint le cuntas taisce. Tá an bunairgead daingean, agus is féidir cuntas taisce a roghnú le ráta úis athraitheach nó ráta úis seasta. Chun an ráta is fearr duitse a roghnú, caithfidh tú cinneadh a dhéanamh faoi cén treo a rachaidh rátaí úis amach anseo. De réir na saineolaithe, tá rátaí úis ag bun a dtimthriall, rud a chiallaíonn gur fearr, b’fhéidir, dul le cuntas le ráta úis athraitheach chun buntáiste a bhaint as na méaduithe dóchúla sna rátaí úis i rith na gcúig bliana. Tá na rátaí úis athraitheacha nasctha le ráta úis Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE) (3.25% i láthair na huaire), agus tá tromlach na n-institiúidí airgeadais ag tairiscint ráta níos airde ná seo ó thosach. Ina dhiaidh sin, beidh ráta BCE lúide 0.25%-1% á íoc acu.

Más cuntas taisce le ráta úis seasta atá uait, tá rátaí idir 4% agus 4.55% á dtairiscint ag na hinstitiúidí éagsúla. Má bhíonn do chuid airgid uait i rith na tréimhse, níl na cuntais seo oiriúnach mar go ngearrfaidh gach eagras (seachas An Post) pionós d’aistarraingtí luatha.

Ba chóir d’infheisteoirí atá ag lorg toradh níos fearr ar a n-infheistíocht breathnú ar chuntas infheistíochta bunaithe ar chothromais. Tá níos mó riosca ag baint leis na cuntais seo, mar go dtéann luach an chuntais suas nó síos ag brath ar luach na mbunsócmhainní. Déanann na hinstitiúidí breithmheas infheistíochta bunaithe ar chritéir ar nós ioncaim agus ráta fáis. Is féidir an riosca a laghdú tríd an infheistíocht a leathadh thar earnálacha, airgeadraí agus cineálacha sócmhainní. An míbhuntáiste is mó atá ag baint leis na cuntais seo ná go bhfuil táillí arda le híoc orthu.

Pé cuntas a roghnaíonn tú, tapaigh an deis. Is é seo an táirge is fearr ar an margadh le toradh ráthaithe le fada an lá.

Tá Ciarán Mac an Bhaird ag obair le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé freagrach as na modúil Matamaitice agus Airgeadais.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.