CÚRSAÍ SPÓIRT
Bua éachtach Phádraig Harrington
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go mairfidh éachtaí áirithe spóirt go deo i gcuimhne agus i gcroí mhuintir na hÉireann, bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine ina measc.

Íomhá
An gailfire Pádraig Harrington, buaiteoir Chomórtas Oscailte na Breataine i mbliana
Íomhá
Carnoustie, áit a raibh Comórtas Oscailte na Breataine ar siúl
Íomhá
Sergio Garcia: d'imir sé féin agus Harrington cluiche réitigh ag deireadh an chomórtais
Íomhá
Trófaí Chomórtas Gailf Oscailte na Breataine

Ó am go ham i gcúrsaí spóirt, tarlaíonn rud éigin atá fíorspeisialta. Rud éigin a tharlaíonn go hiomlán gan choinne, b’fhéidir. Rud nach mbíonn daoine ag súil leis, ach a mbíonn siad ag tnúth leis le fada. Tá cuimhne ag gach duine ar éachtaí nó ar mhórghníomhartha nach raibh coinne leo agus a bhí suntasach dóibh nuair a tharla siad. An chéad uair ar éirigh lena gcontae Craobh na hÉireann a bhuachaint, mar shampla, nó duine aonair ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir. Is é an t-éacht nó mórghníomh spóirt is faide siar i mo chuimhne-se ná an t-am a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn óir sa rás 1,500 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne sa bhliain 1956. Cé go raibh mé an-óg ag an am, agus nach raibh teilifíseán againn a mbeadh an rás beo le feiceáil air, is dóigh gur craoladh é beo ar an raidió. Ní cuimhin liom aon rud faoin rás, ach amháin go ndeachaigh ceiliúradh agus caint na ndaoine ní ba shine i bhfeidhm ar an aois óg. Ar feadh roinnt mhaith blianta ina dhiaidh, dá mbíodh rás eadrainn agus muid inár ngasúir, nó dá mbíodh duine an-sciobtha ag rith, dhéantaí tagairt do Ronnie Delaney.

Ach seasann éachtaí ar leith amach i measc na n-éachtaí atá bainte amach ag lucht spóirt na hÉireann ar ardán idirnáisiúnta. An rud is annamh is iontach, mar a deirtear. Bua Stephen Roche sa Tour de France sa bhliain 1987, cuir i gcás, mar aon le bonn óir Eamonn Coughlan sa rás 3,000 méadar ag Comórtas Lúthchleasa an Domhain sa bhliain 1983. Bua Barry McGuigan i gCraobh Dornálaíochta an Domhain sa bhliain 1985 agus bonn óir Michael Carruth ag na Cluichí Oilimpeacha in Barcelona sa bhliain 1992. Buanna éagsúla Sonia O’Sullivan agus bua Alex Higgins i gCraobh Snúcair an Domhain i 1982. Is mórghníomhartha iad seo a bhí ina n-údar áthais, bróid agus ceiliúrtha i measc mhuintir na tíre.

Laoch nua spóirt ag ÉireÓn 22 Iúil 2007 ann, tá laoch agus éacht eile ag muintir na hÉireann le cur leis an liosta éachtaí a tharla gan choinne. Is é an galfaire Pádraig Harrington an té atá i gceist agam agus is é an t-éacht atá bainte amach aige ná a bhua i gComórtas Oscailte na Breataine ag Carnoustie, an machaire cáiliúil gailf in Albain.

An fáth go mba éacht chomh tábhachtach é ná go bhfuil Pádraig ar an gcéad Éireannach le 60 bliain anuas a bhuaigh ceann de mhórchomórtais ghailf an domhain. Deir daoine go raibh an bua seo inchurtha le Corn Ryder a bhuachaint. Ach i ndáiríre, bhí bua Phádraig i bhfad ní ba thábhachtaí ná sin. Tá sé i bhfad níos deacra craobhchomórtas a bhuachaint mar dhuine aonair ná mar atá sé comórtas foirne a bhuachaint agus dhá fhoireann san iomaíocht, mar a tharlaíonn i gcás Chorn Ryder. Dá bhrí sin, beidh an tionchar céanna ag bua Phádraig ar dhaoine, idir óg agus aosta, is a bhí ag bua Ronnie Delaney nó bua Stephen Roche.

Chuir bua Phádraig gliondar ar chroí na nÉireannach a bhfuil suim acu sa ghalf agus a imríonn an cluiche. Ba chuma cén comórtas gailf ar domhan a raibh sé páirteach ann, bheadh daoine ag cur na ceiste ar a chéile ar mhachairí gailf na tíre: "Cén chaoi a bhfuil ag éirí le Harrington?"Bhí an cháil ar Phádraig ar feadh na mblianta mar imreoir a chríochnaíodh sa dara háit go minic i gcomórtais ar fud an domhain agus mar dhuine nach raibh sé ar a chumas aige an chéad áit a bhaint amach, ach amháin go fíorannamh. Ach de réir a chéile, bhí an scéal sin ag athrú. Bhuaigh Pádraig comórtas luachmhar anseo is ansiúd. Sa bhliain 2006, chríochnaigh sé ar bharr an tábla Eorpaigh ó thaobh airgid de. Is mórghalfaire domhanda é Harrington le roinnt blianta anuas, atá i measc an deichniúir is fearr atá ag imirt sa domhan faoi láthair. Ach in ainneoin a stádais, bhí a lucht leanúna ag ceapadh, agus é ag dul i dtreo 40 bliain d’aois, nach raibh sé i ndán dó ceann de na priomhchomórtais ghailf, nó majors mar a thugtar orthu, a bhuachaint.

In 2007, áfach, tháinig athrú mór ar an scéal. Ar dtús, bhuaigh Pádraig Comórtas Oscailte na hÉireann i mí na Bealtaine, agus ansin bhuaigh sé Craobh PGA na hÉireann ar an 15 Iúil. Ní raibh an iomaíocht róghéar sna comórtais sin. Ach mar sin féin, bhí Pádraig ar an gcéad Éireannach a bhuaigh Comórtas Oscailte na hÉireann le 25 bliain anuas. Ba bheag duine a raibh a fhios aige go mbeadh Comórtas Oscailte na Breataine buaite aige cúpla mí ina dhiaidh.

Ach an oiread le Comórtas Oscailte na hÉireann agus an PGA, níor bhuaigh Pádraig Comórtas Oscailte na Breataine gan dua. Sna trí chomórtas, theip air an bua a ghnóthú taobh istigh de na ceithre bhabhta imeartha. Bhí cluiche réitighbreisimirt i gceist, ach is í an bhreisimirt le haghaidh Chomórtas Oscailte na Breataine is mó a mhairfidh i gcuimhne an phobail.

Roimh an mbreisimirt úd, bhí an t-uafás teannais le sonrú in imirt na n-imreoirí agus iad ag teacht chun chríche. Bhí triúr san iomaíocht ag pointe amháin sa naoi bpoll ag an deireadh - Harrington, Garcia agus Romero. Éireannach, Spáinneach agus Airgintíneach faoi seach atá iontu. Bhí an triúr acu ag imirt go han-mhaith agus gach duine acu ag iarraidh a chéad bhua mór a bhaint amach. Bhí gach duine acu chun tosaigh ag am éigin le linn na bpoll deireanach sin. Romero an chéad duine a rinne botún agus chríochnaigh sé sé bhuille faoin bpar. Bhí Harrington chun tosaigh ansin le dhá bhuille agus an poll deireanach le himirt. Ach, tubaiste! Chuir sé an liathróid san uisce faoi dhó agus chríochnaigh Pádraig seacht mbuille faoin bpar. Bhí seans iontach ansin ag Sergio Garcia mar nach raibh uaidh ach par ag an bpoll deireanach. Ach níor éirigh leis an par a fháil agus chuir sé liathróid sa ghaineamh. Chríochnaigh sé seacht mbuille faoin bpar.

Bhí Pádraig agus Sergio cothrom lena chéile ag deireadh an chomórtais, mar sin bhí poill bhreise le himirt acu. Chuaigh Pádraig dhá bhuille chun tosaigh ar an gcéad cheann. Bhí cúrsaí amhlaidh i ndiaidh an dara agus tríú poll. Ba é poll 18 an ceathrú poll (an poll deireanach) sa bhreisimirt. Ar chuir Pádraig san uisce é an uair seo? Níor chuir, ach bhí Garcia ar an bplásóg le dhá bhuille, agus trí cinn tógtha ag Harrington. Dá gcuirfeadh Garcia sa pholl é, agus dá dteipfeadh ar Harrington, bheadh breisimirt i gceist go dtí go mbeadh toradh níb fhearr ag imreoir amháin ag poll amháin. Ach theip ar Garcia agus d’éirigh le Pádraig an liathróid a chur sa pholl. Ag Harrington a bhí an lá i ndeireadh báire agus é tuillte go maith aige. An-fhear, a Phádraig!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.