CÚRSAÍ SPÓIRT
Is ait an mac saol an bhainisteora spóirt
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Is post uaigneach é post an bhainisteora spóirt. San alt seo, pléann Colm Mac Sealaigh mí-ádh na mbainisteoirí ar tháinig deireadh lena seal i gceannas le gairid.

Íomhá
B'éigean do Teddy Holland éirí as a phost mar bhainisteoir ar fhoireann peile Chorcaí an mhí seo caite i ndiaidh do na himreoirí dul ar stailc
Íomhá
Bhí a fhios ag Eddie O'Sullivan go raibh a phort seinnte nuair a chuaigh na meáin ina choinne
Íomhá
Giovanni Trapattoni: tá stádas ag baint leis agus tá taithí na mblianta bainte amach aige

Cén duine ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáidena saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamhfanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche. Cé gur post uaigneach é post an bhainisteora, is cosúil, táid ann atá sásta an chuing seo a ghlacadh. Mo ghraidhin iad!

Tarraingíonn bainisteoirí aird agus raic orthu féin go minic, agus ní gá go mbeadh aon cheo as bealach déanta acu, fiú. Níl ach mí imithe thart ó bhí raic ann maidir le bainisteoir bocht fhoireann peile Chorcaí, Teddy Holland. Cheap Coiste an Chontae é mar bhainisteoir, agus rinneadh de réir na rialacha agus é á cheapadh. Níor thaitin na rialacha leis na himreoirí agus chuadar ar stailc. Iarradh ar Teddy éirí as a phost, ach dhiúltaigh sé ar an ábhar gur ceapadh é de réir an phróisis a bhí leagtha síos agus ar an ábhar nach raibh dada as bealach déanta aige. Ní hamháin sin, ach ní bhfuair sé deis tada as bealach a dhéanamh, fiú, mar gheall ar nach raibh oiread agus seisiún amháin traenála ná cluiche amháin i ndiaidh a bheith ar siúl faoina chúram! “Dícheapadh” é ar deireadh le héalú as an bpraiseach a bhí déanta ag Coiste an Chontae agus ag na himreoirí. Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamhgo bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí!

Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae?


AmhrasBeidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn. Ábhar bróin agus díomá do chuile dhuine a bhfuil baint aige le cúrsaí CLG ab ea an stailc ar tugadh fúithi i gCorcaigh. D’aontaigh mé cheana le dearcadh na n-imreoirí maidir le cead a bheith ag bainisteoir fhoireann an chontae a chuid roghnóirí féin a roghnú, ach níor aontaigh mé lena gcinneadh dul ar stailc. Tharraing an stailc míchlú agus drochmheas ar fhoireann Chorcaí agus ar CLG. Ba chóir do na himreoirí bealaí eile a thriail chun a ndearcadh a chur chun cinn. Nár chuige sin atá cumann na n-imreoirí, an GPA? Maidir le Coiste an Chontae, bhí bainistíocht lag – mar bharr ar dhrochbhainistíocht – i gceist, dar liomsa. Beidh ar choistí contae ar fud na tíre machnamh a dhéanamh maidir lena modhanna oibre agus b’fhéidir go mbeidh orthu cuid acu a leasú toisc go bhfuil an saol – agus CLG – ag athrú go tapa ar go leor bealaí.

Bainisteoir eile atá imithe ná Eddie O’Sullivan ach ní hionann a imeacht siúd agus imeacht Holland, mar tugadh áiméar do O’Sullivan é féin a chruthú. Chaith sé sé bliana go leith i bhfeighil na foirne rugbaí agus d’éirigh go maith leis, go pointe áirithe. Cuireadh tús leis an gcáineadh le linn Chorn Rugbaí an Domhain, a bhí ar siúl sa Fhrainc an fómhar seo caite. Cáineadh é as ucht dhrochimirt na foirne agus cáineadh an cumann rugbaí, an IRFU, go forleathan chomh maith as ucht conradh nua ceithre bliana a shíniú le O’Sullivan roimh thús an chomórtais. Thosaigh an feachtas ina aghaidh ag bailiú nirt de bharr thorthaí na foirne i gComórtas na Sé Náisiún. Bhí sé thar am d’Eddie imeacht -- b’in tuairim na dtráchtairí agus na n-iriseoirí agus bhí port Eddie seinnte. Nuair a théann na meáin in éadan bainisteora, is iondúil nach mbíonn an dara suí sa bhuaile aige ach bailiú leis (cuimhnigh ar Steve, Mick, Brian, Warren agus eile).

TrapattoniCuireadh fáilte mhór agus fhairsing roimh Giovanni Trapattoni agus bhí sceitimíní ar dhaoine nuair a ceapadh é mar bhainisteoir nua ar fhoireann sacair na hÉireann. Ní hé nach raibh rian den chonspóid ag baint lena cheapachán, áfach. Níor bhain an chonspóid leis an bhfear féin, ach leis an mbronntanas airgid (roinnt milliún euro) a bhronn an rachmasaí Denis O’Brien ar an FAI chun cabhrú leo íoc as bainisteoir nua den scoth. Táthar den tuairim go mb’fhéidir gur thairg O’Brien an bronntanas agus Steve Staunton fós ina bhainisteoir, rud a chiallódh go raibh brú áirithe ar an FAI bata agus bóthar a thabhairt do Staunton. Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe go léiríonn an eachtra seo go bhfuil

easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách. Ar a laghad, tá bainisteoir maith faighte ag foireann na Poblachta, de réir cosúlachta. Tá an-cháil ar Trapattoni as ucht a chuid taithí bainistíochta san Iodáil agus san Eoraip. Ní fear óg é, ach tá taithí na mblianta aige agus de réir dealraimh ní bheidh urraim ar bith aige d’imreoirí i ngeall ar phá ard a bheith á íoc leo i Sasana. Mar gheall ar stádas agus ar thaithí Trapattoni, is féidir leis labhairt leis na himreoirí Éireannacha pé bealach is mian leis, rud nach raibh Brian Kerr nó Steve Staunton in ann a dhéanamh. Go raibh tréimhse neamh-chonspóideach anseo in Éirinn ag Trapattoni!

Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.