CÚRSAÍ SPÓIRT
An fhoireann pheile ab fhearr riamh?
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Measann go leor daoine go raibh foireann pheile Chiarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí ar an bhfoireann ab fhearr riamh ach ní aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim sin.

Íomhá
Íomhá

Tríocha bliain ó shin d’imir Ciarraí i gcoinne Átha Cliath i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann. Cluiche iontach peile a bhí ann agus ar feadh blianta ina dhiaidh tugadh “an cluiche peile ab fhearr riamh” air. An bhliain roimhe sin, 1976, bhuaigh Áth Cliath ar Chiarraí sa chluiche ceannais. Ba mhilis an bua é ach is beag a shíl muintir Átha Cliath go raibh níos fearr le theacht. Bhí an bua ag Ciarraí i 1975 ar Áth Cliath agus dá bhrí sin bhí bua 1976 an-tábhachtach d’Áth Cliath. Ach bhí an bua ag Ciarraí i gcluiche ceannais na sraithe náisiúnta i 1977 agus bhí imní ar lucht leanúna Átha Cliath go raibh an lámh in uachtar le bheith ag Ciarraí sa chraobhchomórtas cúpla mí ina dhiaidh sin.

Cé nach raibh mórán idir na foirne sa chluiche cáiliúil úd i 1977, bhí Ciarraí ag imirt thar cionn agus bhí an lámh in uachtar acu sa dara leath. Ach i bhfaiteadh na súl d’athraigh cúrsaí. Scóráil Áth Cliath cúl gan choinne agus lámh ag imreoir Ciarraíoch ann. Chuaigh Áth Cliath ar an ionsaí arís agus tar éis ruathair láidir trí chosaint Chiarraí bhí an liathróid san eangach arís. Lean cúilín cúilín eile agus ar deireadh bhí bua cuimsitheach ag peileadóirí Átha Cliath ar Chiarraí den dara bliain as a chéile. Chuir foireann úd Átha Cliath sméar mhullaigh ar an mbliain le bua mór ar Ard Mhacha sa chluiche ceannais.

Bhí coimhlint ghéar idir Áth Cliath agus Ciarraí sna blianta sin, coimhlint a raibh fréamhacha aici i gcluiche ceannais na hÉireann i 1955. Bhuaigh Ciarraí ar Áth Cliath sa chraobh sin agus bhí díomá mór ar mhuintir Átha Cliath go ceann i bhfad. Ach bhí fear óg amháin ag imirt an lá sin i 1955 agus bheadh an-bhaint aige le haiséirí na Dubs, ar dtús i 1958 mar imreoir agus i arís 1974 mar bhainisteoir. An fear atá i gceist agam ná Caoimhín Ó hIfearnáin.

I 1973 chuaigh Caoimhín Ó hIfearnáin i bhfeighil ar fhoireann pheile Átha Cliath agus plean aige. Go bunúsach, dhéanfadh sé cinnte go mbeadh foireann Átha Cliath níb aclaí ná aon fhoireann pheile eile sa tír agus tríd an aclaíocht sin go mbeadh an fhoireann chomh láidir agus chomh bríomhar sna nóiméid dheireanacha den chluiche is a bhíodar ag an tús. Chomh maith leis sin roghnaigh sé imreoirí a raibh meon láidir agus cur chuige acu, imreoirí nach ngéillfeadh do fhreasúra ar bith. D’oibrigh plean Uí Ifearnáin agus as Roinn 2 den tSraith Náisiúnta Pheile bhuaigh Áth Cliath Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann i 1974. Bhuadar ar na foirne a bhí thuas ag an am, Corcaigh, Gaillimh agus Uíbh Fhailí, ach níor casadh Ciarraí orthu go fóill.

Agus é seo ar fad ag tarlú, bhí fear eile thíos i gCiarraí ag déanamh a chuid pleananna féin. Ceapadh Micheál Ó Duibhir ina bhainisteoir ar Chiarraí agus chuir sé suim an-mhór in éachtaí fhoireann Átha Cliath. Thuig sé go raibh caighdeán nua leagtha síos d’fhoirne peile agus go gcaithfeadh a fhoireann Chiarraíoch an caighdeán sin a shárú. Chuige sin roghnaigh sé foireann d’fhir óga lúfara, neamhphósta (nílim cinnte ar d’aon turas a rinne sé é sin!) D’oibrigh a phlean agus bhí an bua ag Ciarraí ar Áth Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann i 1975.

Ar nós 1955, bhí muintir Átha Cliath gortaithe agus leonta anois. Bhí taibhsí na staire tagtha ar ais chun teacht idir iad agus codladh na hoíche. Bhí Ciarraí arís i réim agus Áth Cliath thíos. Bhí gá le plean nua.

Gá le himreoirí láidreThosaigh an tSraith Náisiúnta agus bhí Áth Cliath arís ag buachan cluichí gan stró go dtí gur cloíodh Doire sa chluiche ceannais i 1976. Ach thuig an tIfearnánach tar éis teip 1975 go raibh gá le himreoirí ní ba láidre timpeall lár na páirce agus sa líne leath-thaca. D’aimsigh sé triúr nua agus chuir fáilte ar ais roimh imreoir a bhí in easnamh le cúpla bliain roimhe de dheasca tinnis. An plean a bhí aige ná go mbeadh na tacaithe ní ba láidre i mbun cosanta agus go seolfaidís an liathróid ar aghaidh go sciobtha go dtí na tosaithe. Chaithfeadh na tosaithe an chuid eile a dhéanamh. D’oibrigh an plean i 1976 agus arís i 1977 (cé nach raibh Ó hIfearnáin i gceannas um an dtaca sin ach Antaine Ó hEanchaí, an captaen). Bhí ré órga fhoireann pheile Átha Cliath faoi lán seoil.

Is minic ráite, agus glactar coitianta leis an tuairim, gurb iad foireann Chiarraí na tréimhse 1978 – 1986 an fhoireann ab fhearr a bhí riamh ann. Níl aon dabht faoi ná gurbh iad an contae ab fhearr agus ba láidre i stair na peile Gaelaí. Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir. Bhuaigh Chiarraí Craobh na hÉireann go minic agus sa tréimhse 1975 – 1986 léiríodh feabhas agus cumhacht a gcuid peile. Bhuadar an chraobh ceithre huaire (78 – 81) agus trí huaire (84-86) as a chéile agus murach cúl Shéamuis Uí Dhairbe d’Uíbh Fhailí i 1982 bheadh cúig cinn as chéile gnóthaithe.

Níl Áth Cliath inchurtha le Ciarraí mar chontae peile. Ach is fiú féachaint ar cheist na foirne ab fhearr ar bhealach beagáinín difriúil. Is dóigh liom go bhfuil meáchan sa tuairim go raibh foireann Átha Cliath idir 1974-79 inchurtha le haon fhoireann Chiarraíoch nó b’fhéidir beagáinín níos fearr mar fhoireann. Má fhéachaimid ar fhoireann mar ghrúpa d’fhiche imreoir nó mar sin agus má scrúdaímid torthaí na foirne thar tréimhse imeartha an ghrúpa sin, d’fheadfaí teacht ar mhalairt tuairime i dtaobh na foirne ab fhearr. I gcás Chiarraí, níl aon amhras, thar tréimhse deich mbliana nó mar sin, go raibh na foirne ab fhearr acu agus na himreoirí ab fhearr freisin. Sa tréimhse sin idir 1975 agus 1986 d’fhéadfaí a rá go raibh trí fhoireann éagsúla ag Ciarraí a rinne gaisce. Bhí dornán beag imreoirí áirithe comónta sna blianta sin ceart go leor, ach bhí athnuachan leanúnach d’imreoirí nua cumasacha ar fáil do Mhicheál Ó Duibhir gach cúpla bliain sa tréimhse sin.

Maidir le foireann Átha Cliath na seachtóidí, bhíodar taobh le 22 imreoir nó mar sin a d’imir idir 1974 agus 1979. Bhuaigh an grúpa beag sin d’imreoirí Craobh Laighean sé huaire i ndiaidh a chéile, shroicheadar cluichí ceannais na hÉireann sé huaire i ndiaidh a chéile, bhuadar trí huaire, agus shroicheadar cluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta ceithre huaire i ndiaidh a chéile, agus bhí an bua acu faoi dhó. Is beag cluiche a chaill an fhoireann sin, idir chluichí craobhchomórtais agus chluichí na Sraithe Náisiúnta. Seachas Ciarraí, níor bhuaigh aon chontae eile orthu ach contae na Mí (craobh na sraithe 1975) ar feadh sé bliana. Bhí sé de mhí-ádh orthu go raibh triúr de na himreoirí ab fhearr in easnamh ag amanna cinniúnacha, go mór mhór i 1979 de bharr timpiste bóthair, imreoir curtha den pháirc agus imreoir imithe ag imirt le Manchester United. Agus mar bharr ar an mí-ádh, rinne réiteoir praiseach de chluiche ceannais eile. Dá bhrí sin, as an méid a bhain siad amach thar tréimhse sé bliana, faigheann foireann Átha Cliath 1974-1979 mo vóta-sa mar an fhoireann pheile ab fhearr riamh. Agus ní dóigh liom go bhfuilim claonta!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.