CÚRSAÍ SPÓIRT
Cuma thraidisiúnta ar na cluichí ceannais
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tugann Colm Mac Séalaigh a bhreithiúnas ar na foirne a d’imir i gcluichí leathcheannais na peile agus na hiomána i mbliana.

Íomhá
Duine de réaltaí Phort Láirge, Ken McGrath
Íomhá
Annraoi Siobhláin: i mbarr a réime
Íomhá

Bhí an-díomá orm féin agus ar mhórán eile, le fírinne, cé is moite de mhuintir Chorcaí, nuair a theip ar Phort Láirge an bua a fháil ar Chorcaigh i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann.

Ní mór a rá, dar ndóigh, go raibh a mbua tuillte ag Corcaigh mar is foireann fhíormhaith iad. Dúirt bainisteoir Chill Chainnigh, Brian Cody, cúpla bliain ó shin tar éis do Chill Chainnigh cailliúint i gcluiche ceannais na hÉireann gur sárfhoireann gach foireann a ghnóthaíonn Craobh na hÉireann. Má tá sin fíor, is foireann thar barr ar fad í foireann Chorcaí tar éis dóibh dhá chraobh as a chéile a bhuachan in 2004 agus 2005 agus cáiliú do cheithre chluiche ceannais as a chéile.

Is foireann an-eagraithe, an-sciliúil agus an-láidir go fisiciúil agus go hintleachtúil iad foireann Chorcaí. Tá imreoir iontach i ngach ionad ó Dhónal Óg Ó Cíosóig sa chúl go Seosamh ó Déin sa chúinne ar chlé. Tá fir ionaid acu atá in ann teacht ar an bpáirc i lár cluiche, nó ag aon am eile, agus tionchar a imirt ar an toradh – féach Cathal Ó Neachtain, mar shampla, a scóráil 1-1 taobh istigh de chúpla nóiméad tar éis do a theacht ar an bpáirc sa dara leath i gcoinne Phort Láirge. Tá bainistíocht ábalta agus chróga acu ar an taobhlíne – ní leasc leo imreoir ar bith a bhaint den pháirc sa chás nach bhfuil sé ag imirt go maith. Rud eile, tá Seán Óg Ó hAilpín ar fhoireann Chorcaí agus, dar liom, ba é siúd thar aon duine eile a chinntigh a mbua ar Phort Láirge. Conas sin? Simplí go leor, dáiríre. Bhí Seán Óg ag marcáil Dhónail Uí Sheanacháin agus is beag tionchar a bhí ag Dónal Mór ar an gcluiche de bharr obair dhian Sheáin Óig. Aisteach go leor, an t-aon scór a fuair Dónal ná cúilín, a bhuíochas do bhotún an-simplí a rinne Seán Óg agus poc sleasa á thógáil aige.

Maidir le Port Láirge, cheapas gur imir siad go han-mhaith i gcoinne Chorcaí agus go raibh comhscór ar a laghad tuillte acu. Ní den chéad uair le cúpla bliain anuas, bhí sé de mhí-ádh nach raibh a gcuid imreoirí go léir aclaí agus réidh don choimhlint. Cailliúint mhór dóibh Daithí Binéid go háirithe. D’imir formhór na foirne go fíormhaith agus ag leath ama bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh deis iontach acu an lámh in uachtar a fháil. Rud a rinne siad ar feadh scaithimh mhaith den dara leath. Ach tá teacht aniar i bhfoireann Chorcaí, rud a léirigh siad anuraidh in aghaidh an Chláir, agus ina gcuid cluichí eile i mbliana, agus toisc go raibh Seán Óg ina mháistir ar Dhónal Ó Seanacháin bhí sé deacair ar Phort Láirge na scóranna a aimsiú.

Bhí daoine ag rá sna laethanta i ndiaidh an chluiche go mbeadh deireadh sroichte ag foireann seo Phort Láirge. Bhíos féin den tuairim sin ach de réir mar a smaoiním air seans nach mar sin a bheas. Níl ach beirt den fhoireann sean (os cionn 30 bliain d’aois), is é sin Antoine de Brún agus Pól Ó Floinn. San athbhliain, suífidh siad síos le chéile agus breathnóidh siad ar an staid ina bhfuil siad féin agus na foirne eile. Beidh siad in ann a rá leo féin go bhfuil siad sa tríú háit, i ndiaidh Chorcaí agus Chill Chainnigh i measc fhoirne na tíre. Tuigfidh siad gur féidir leo buachan ar aon fhoireann faoi láthair, seachas an dá cheann sin, b’fhéidir. Ach tuigfidh siad freisin nach féidir le foireann ar bith, dá fheabhas iad, coinneáil orthu go deo. Caillfidh Corcaigh luath nó mall, agus beidh na Déisigh in ann teacht i dtír air sin.

Teip an Chláir

Mar a shíl mé roimh ré, ní raibh go leor armlóin ag Contae an Chláir le Cill Chainnigh a chur ó mhaith. Ar feadh tamaill bhí an lámh in uachtar ag Contae an Chláir agus bhí líne lántaca Chill

Chainnigh faoi bhrú acu. Ach shocraigh na Cait síos agus bhí freagra an-chinnte acu ar gach ceist a chuir fir an Chláir orthu. Ní den chéad uair, choinnigh pocanna fada saora Sheáinín Mhic Mhathúna na Cláirínigh i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait, ach níor leor sin agus Annraoi Siobhláin i mbarr a réime agus a chumais agus é ina rí ar Pháirc an Chrócaigh. Dá bhrí sin, leanann an traidisiún ar aghaidh le Cill Chainnigh v Corcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann, díreach mar a shíleamar ag tús na bliana go mbeadh.

Bhí cuma thraidisiúnta le sonrú ar chúrsaí peile freisin agus Áth Cliath agus Ciarraí ag déanamh go maith i mí Lúnasa agus gach cosúlacht ar an scéal go gcasfaidís ar a chéile sa chluiche ceannais. Ach scrios Maigh Eo an bhrionglóid áirithe sin nuair a bhuail siad na Dubs sa chluiche peile is fearr a imríodh le fada.

Bhí dealramh ar an scéal nach raibh Ciarraí iomlán dáiríre faoi Chraobh na Mumhan a bhuachan. Ní dóigh go n-admhóidís é sin, dar ndóigh, ach táim cinnte go bhfuil siad an-sásta leis an gcaoi ar tháinig rudaí le chéile i ndiaidh dóibh Craobh na Mumhan a chailliúint. Ardaíonn sé an cheist arís: an bhfuil deireadh ré ag druidim le Craobhchomórtas Peile na Mumhan nó an bhfuil córas an chúldorais ag cothú na bhfoirne láidre tuilleadh seachas na contaetha laga a thabhairt chun cinn?

Bealach éasca a fuair foireann Átha Cliath tríd go dtí an leathchraobh, gan aon fhoireann taobh amuigh de Chúige Laighean le himirt acu. D’imir siad ar fheabhas i gcoinne Laoise agus go maith i gcoinne Uíbh Fhailí. In aghaidh na hIarmhí bhí an cluiche mar chomórtas thart roimh leath ama toisc go raibh Áth Cliath chomh húdarásach sin ar fud na páirce. Ach rinneadh iarrachtaí thosaithe Átha Cliath a cháineadh mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu agus fágadh comhartha ceiste faoi fhíorchumas na foirne. Mar sin féin, seans go raibh bainistíocht fhoireann Átha Cliath sásta go leor tar éis an chluiche i gcoinne na hIarmhí sa mhéid is dá gcuirfeadh an fhoireann scór mór in airde i gcoinne na hIarmhí (d’fhéadfaidís 3-15 a scóráil gan stró) go mbeadh sé deacair a chur ina luí ar na himreoirí agus ar an lucht tacaíochta go raibh a lán oibre fós le déanamh acu ar pháirc na traenála. Mar a tharla, nuair a tháinig foireann níos sciliúla ina gcoinne, is é sin Maigh Eo, ní raibh siad in ann eochair an bhua a aimsiú agus chruthaigh Maigh Eo go raibh laigí ar fhoireann Átha Cliath a thiocfadh idir iad agus a sprioc.

Anois, agus Maigh Eo ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann, i gcoinne Chiarraí, beidh aon chontae agus tríocha ag súil nach é an toradh céanna a bheas ann is a bhí sa bhliain 2004 agus, mura mbíonn an bua acu, go n-éireoidh leo ar a laghad imirt chomh maith agus a d’imir siad i gcoinne Átha Cliath agus Ciarraí a chur faoi bhrú go dtí na soicindí deireanacha.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.