Ba thógáil meanman é do go leor daoine Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann a bhuachan le déanaí ach ní léiriú é an bua sin, dar le Colm Mac Séalaigh, ar staid na hiomána sa phríomhchathair.
Lá speisialta ar an bhféilire bliantúil is ea an chéad lá de mhí na Bealtaine. Déantar comóradh ar oibrithe ar fud an domhain ar an lá sin agus bíonn paráidí i gcathracha móra. Anseo in Éirinn is lá saoire bainc é Lá Bealtaine in ómós don lucht oibre. I mbliana, ba lá an-speisialta é ar chúis eile ar fad do mhuintir na hiomána i mBaile Átha Cliath agus lasmuigh de, mar is ar an lá sin a bhuaigh Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann den chéad uair le cianta.
Tá lucht leanta na hiomána i mBaile Átha Cliath ag tnúth agus ag súil leis an lá le fada go bhfeicfidh siad Craobh Iomána na hÉireann gnóite ag foireann na hardchathrach agus Corn Liam Mhic Cárthaigh á ardú go caithréimeach ag captaen na Dubs. Dá bhrí sin, i bPáirc Dr Cullen ar an 1 Bealtaine, is beag nach raibh deora i súile lucht saothair na hiomána as Baile Átha Cliath nuair a d’ardaigh captain fhoireann Choláistí Átha Cliath, Conor Ó Conghaile, Corn an Chrócaigh tar éis an bhua iontaigh ar fhoireann Choláiste Naomh Flannáin leis an scór 1-11 i gcoinne 0-11. Ar an bpáirc tar éis an chluiche bhí an t-áthas agus an gliondar croí le brath go soiléir, go háirithe i measc na múinteoirí agus na dteagascóirí a mhúin scileanna na hiomána do na buachaillí a rinne gaisce ar an bpáirc nóiméid roimhe sin.
Bua iontach a bhí ann gan dabht ar bith agus taispeántas fíormhaith de scileanna sainiúla na hiomána, tugtha ag imreoirí éagsúla, ón chúl báire, Simon Lambert a rinne trí shábháil dhochreidte, go dtí an lántosach ar chlé, Pól Ó Riain, a scóráil 0-6. D’aimsigh Cian Mac Giolla Bhríde as Coláiste Eoin an cúl agus bhí baint ag a chomhscoláirí as Coláiste Eoin, Seán Ó Seanáin agus Joe Ó Meachair, leis an gcomhimirt a chríochnaigh leis an sliotar i gcúl na heangaí. Scil, crógacht, cur chuige, carachtar, misneach – bhí na tréithe sin go léir á léiriú ag an dá fhoireann, agus ag teastáil, an lá stairiúil úd.
Dar ndóigh, tá daoine ann nach n-aontaíonn le comhfhoireann de chuid scoileanna Átha Cliath a bheith páirteach i gcomórtas na meánscoileanna. Dar leo, níl sé cóir go mbeadh foireann agus imreoirí as scoileanna éagsúla uirthi in iomaíocht le scoil aonair. Ach, i gcoinne na hargóna sin, is féidir a rá go bhfuil foirne ar nós Choláiste Naomh Ciarán (Cill Chainnigh), Coláiste Naomh Peadar (Loch Garman), Coláiste Naomh Flannáin (Inis), agus araile, déanta suas d’imreoirí as a lán clubanna. Chomhair mé trí cinn déag de chlubanna bainteach le foireann faoi 14 Choláiste Chiaráin a bhuaigh Craobh Laighean i gcoinne Choláistí Átha Cliath cúpla seachtain ó shin. Is minic leis go mbíonn daltaí as na contaetha máguaird ag freastal ar na coláistí móra iomána agus peile.
Socrú nua
=======
Glacadh le comhfhoireann Choláistí Átha Cliath sa chomórtas i 1994 ar an ábhar nach raibh aon scoil i mBaile Átha Cliath in ann dul in iomaíocht le coláistí móra na hiomána. Glacadh leis an smaoineamh freisin toisc, ag an am, nach raibh an deis ag iománaithe óga na hardchathrach imirt i gcoinne na n-iománaithe óga ab fhearr i gCúige Laighean seachas ag grád na mionúr agus ní raibh san am sin aon chúldoras faoi mar atá anois ag na foirne a shroicheann craobh an chúige. Glacadh leis gur rud maith a bheadh ann foireann as Baile Átha Cliath a bheith páirteach ag an leibhéal ab airde agus go mb’fhéidir go dtiocfadh feabhas agus forbairt ar scileanna na n-iománaithe óga dá bharr. D’fhéadfaí a rá, i bhfianaise an bhua i gcluiche ceannais na hÉireann, go bhfuil an sprioc sin bainte amach.
Taca an ama seo anuraidh is beag duine a cheapfadh go mbeadh trí bhua shuntasacha bainte amach ag foirne as Baile Átha Cliath. Ar dtús, bhuaigh Cill Mochuda, Na Crócaigh Féile na nGael i gCorcaigh mí an Mheithimh seo caite. Is ionann sin agus Craobh na hÉireann faoi 14 bliana i measc clubanna. I mí Iúil seo caite, bhuaigh mionúir Átha Cliath Craobh Laighean agus, le cuid mhaith den fhoireann chéanna, bhuaigh Coláistí Átha Cliath Craobh na hÉireann.
Le deich mbliana anuas tá dul chun cinn mall, ach feiceálach, le tabhairt faoi deara ó thaobh na hiomána faoi aois i mBaile Átha Cliath. An chonstaic ba mhó go dtí seo ab ea Cill Chainnigh ach sáraíodh an chonstaic sin i 2001 (Coláiste Chiaráin cloíte) agus 2005 (mionúir Chill Chainnigh cloíte).
Ach, ar an 21 Bealtaine seo caite, cuireadh na buanna thuasluaite i gcomhthéacs difriúil nuair a chaill foireann sinsear Átha Cliath i gcoinne na hIarmhí. Ba bhuille crua an bualadh sin do lucht iomána Átha Cliath agus ní le drochmheas ar an Iarmhí a deirim sin. Tubaiste cheart a bhí ann agus is léir go bhfuil dúshlán an-mhór roimh choiste Átha Cliath caighdeán na sinsear a fhorbairt agus a láidriú. É sin ráite, tá comharthaí ann go bhfuil an linn d’imreoirí maithe ag méadú de réir a chéile. Den chéad uair le fada tá imreoirí óga ann idir 14 bliana agus 22, abair, a bhfuil taithí acu ar chraobh chúige agus craobh na hÉireann a bhuachan. An uair dheireanach a tharla sin ná i 1983 nuair a shroich mionúir Átha Cliath cluiche ceannais na hÉireann i gcoinne na Gaillimhe. Shroich cuid mhaith den fhoireann sin cluiche ceannais sinsear Laighean i 1990 agus 1991.
Constaic mhór
=======
An dúshlán mór anois ná na hiománaithe óga a choinneáil le chéile agus a dhíriú ar an iomáint shinsearach. Tá sin níos éasca é sin a rá ná a dhéanamh. Is é an chonstaic is mó ná tarraingt na peile, mar i mBaile Átha Cliath is tábhachtaí Sam ná Liam i measc lucht Chumann Lúthchleas Gael. Ach dá bhféadfaí na hiománaithe is fearr atá faoi 20, abair, a mhealladh le cloí leis an iomáint, cá bhfios nach bhféadfaí craobh na hÉireann a bhaint amach taobh istigh de sheacht nó ocht de bhlianta? Cabhair amháin dóibh ná go bhfuil taithí acu ar an mbua agus ar chorn a bhreith leo. Bac ar ndóigh is ea an traidisiún nó an cultúr ina bhfuil siad ag feidhmiú. Is deacair sin a athrú, ach is é sin atá le déanamh.
Um an dtaca seo tá traidisiúin agus cultúr Chumann Lúthchleas Gael (CLG) seanbhunaithe. Is cuid lárnach de chultúr ceantair ar bith in Éirinn an iomáint nó an pheil. Is í an iomáint an cultúr dúchais sna ceantair iomána ar nós na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ar nós na Gaeilge, is féidir iomáint a fhoghlaim, ach is beag duine a thugann leis/léi na scileanna (an teanga) go cruinn agus go beacht taobh amuigh den cheantar ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil. Más fíor an méid sin, cén seans atá ag foireann as Baile Átha Cliath briseadh tríd an doras agus páirt a ghlacadh sa chóisir mhór?
Tá a lán ag brath ar na struchtúir agus na hinstitiúidí i mBaile Átha Cliath agus i gCLG i gcoitinne. Is gá na himreoirí is fearr a spreagadh chun tús áite a thabhairt don iomáint. Níl an córas atá i réim sásúil agus níl ag éirí leis ó thaobh na peile ná na hiomána. Níor cheart, mar shampla, go mbeadh sé fágtha faoi bhainisteoirí peile agus iomána teacht ar shocrú faoi imreoirí. Tá gá le polasaí dearfach cinnte i leith na hiomána agus na peile araon. Má tá tosaíocht le bheith ag an iomáint i mBaile Átha Cliath (agus ní léir go bhfuil fós in ainneoin na mbuanna thuasluaite) is gá na hiománaithe is fearr a choinneáil ag iomáint go fiú más gá iad a mhealladh trí shaoire thar lear, bronntanais, scoláireachtaí tríú leibhéal, postanna agus araile.
Níl aon bhealach éasca ná simplí ann le feabhas a chur ar chúrsaí, ach is cinnte go mbeadh roinnt samhlaíochta móide a lán oibre ina gcabhair mhór.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.