CÚRSAÍ SPÓIRT
Tá níos mó ná an bua i gceist sa spórt
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Is mór an trua go bhfuil an “spórt” imithe as spórt, dar le Colm Mac Séalaigh. Caitheann sé a shúil siar ar a óige féin agus an bhéim a cuireadh ar rannpháirtíocht agus ar thaitneamh ar an bpáirc imeartha.

Íomhá
Suaitheantas de La Salle
Íomhá
Íomhá
Ní bhíodh sa chluiche formhór an ama ach línte amach agus clibirtí
Íomhá
Brian O'Driscoll ag ceiliúradh toradh maith. Ach an bhfuil an iomarca béime ar bhua sa lá inniu?

Agus mé i rang a sé sa scoil náisiúnta, chinn mo thuismitheoirí ar mé a chur go meánscoil áitiúil de chuid na mBráithre de La Salle. Bhí an cinneadh sin ag brath ar thorthaí scrúdaithe an Teastais Bunscoile. D’éirigh go maith liom agus bronnadh scoláireacht chomhairle contae orm le freastal ar an meánscoil. Bhíodh ort táillí a íoc san uair sin dá dteastódh uait freastal ar an meánscoil, agus ní bheadh sé d’acmhainn ag mo thuismitheoirí mé a chur chun na scoile sin murach an scoláireacht a bheith faighte agam. B’athrú mór millteach i mo shaolsa é dul ar mheánscoil ina raibh an rugbaí mar phríomhspórt na scoile. Is amhlaidh gurbh é an rugbaí an t-aon spórt a bhí ar fáíl. Go dtí sin, níor imir mé riamh ach peil Ghaelach agus iománaíocht.

Ba é an chéad rud a thug mé faoi deara sa scoil nua ná gur dhream galánta meánaicmeach iad na daltaí, in áit gasúr de chúlra lucht oibre mar a bhí sa scoil náisiúnta den chuid is mó. Bhí mo chomhscoláirí nua an-éagsúil ó m’iarpháirtithe ranga. Bhí Béarla breá acu, neart le rá acu faoi chuile shórt agus leibhéal ardnósachta ina measc a bhain geit asam. Thosaigh siad ag magadh fúm féin agus faoi bhuachaill eile a bhí tagtha freisin ón scoil náisiúnta. D’fhreastail na daoine eile ar bhunscoil ullmhúcháin phríobháideach agus ba léir gur shíl siad go rabhadar níb éirimiúla, ní ba chliste agus ní ba shofaisticiúla ná lucht na scoile náisiúnta. Cinnte, bhíodar ní ba ghalánta agus níb ardnósaí!

Céad bhlas den rugbaíAr cheann de na céad laethanta, d’fhógair an Bráthair Thomas go mbeadh seisiún traenála rugbaí tar éis scoile gach Luan agus go mbeadh cluiche gach Céadaoin agus gach Satharn - bhíodh ranganna maidine ar siúl ar an Satharn ag an am. Ní ba dhéanaí sa lá, chuaigh mé chomh fada leis an mBráthair Thomas le rá leis nach mbeinn ar fáil ar an Satharn, dá mbeinn ag teastáil, mar go mbeadh cluiche peile Gaelaí agam de ghnáth an tráthnóna sin. Bhí barúil agam

agus mé á rá nach réiteodh mo ráiteas le dearcadh an bhráthar ná le hethos na scoile. Ba é ethos na scoile ná gur scoil rugbaí í agus go mbeadh sé mar dhualgas agus mar phribhléid a bheith i láthair dá roghnófaí tú d’fhoireann na scoile. I ndiaidh mo chuid a rá, d’fhéach sé orm agus dúirt sé, “Tá go maith”. Thug sin faoiseamh mór dom mar bhí mo chroí i mo bhéal go dtí sin. An rud nár thuigeas ná gurbh as áit éigin i lár na tíre don bhráthair céanna agus gurbh as cúlra CLG dó féin. Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.

Ar chaoi ar bith, thosaigh mo shaol rugbaí an chéad Luan eile. Toisc go raibh taithí agam ar pheil Ghaelach, cuireadh mé mar lántaca sa chéad chluiche cleachtaidh. Ba é an treoir a tugadh dom ná an liathróid a chiceáil chun “touch” – sin é, thar an taobhlíne - aon uair a mbeirinn greim uirthi. Toisc nach raibh mórán tuisceana agam ar rugbaí, cheapas go raibh an treoir seo craiceáilte, ach rinne mé an méid a dúradh liom a dhéanamh agus bhí na lads eile do mo mholadh. Bhí sin maith go leor, ach níor tháinig an liathróid chugam ach uair nó dhó i ngach cluiche, agus de réir mar a bhí na laethanta ag dul i bhfuaire, bhí mé féin a dul i bhfuaire freisin. Uaireanta, chuireadh an bráthair mé ag uimhir 10, nó mar leathchúlaí, agus tugadh an treoir chéanna dom. Bhí sé sin níb fhearr mar théadh an liathróid chugam ní ba mhinice agus bhíodh an-chraic agam á ciceáil as an bpáirc sula dtagadh an fhoireann eile anuas orm. Bhíodh cead ag an am sin,

murab ionann agus an lá inniu, an liathróid a chur thar an taobhlíne ó áit ar bith ar an bpáirc. Mar thoradh air seo, ní bhíodh sa chluiche formhór an ama ach línte amach agus clibirtí. Bhíodh na tacaithe reoite leis an bhfuacht de cheal aon rud le déanamh!

De réir a chéile, thosaigh mé ag baint taitnimh as an rugbaí agus bhínn ag imirt go rialta. Ní raibh CLG iontach eagraithe agus ní bhíodh cluiche peile agam gach Satharn, dá bhrí sin d’imir mé neart cluichí rugbaí agus d’imrímís go minic ar an Domhnach freisin. Ba mhinic ina dhiaidh a d’imrínn cluiche iomána nó peile maidin dé Domhnaigh, agus cluiche rugbaí um thráthnóna. B’ar an bhfoireann B, a raibh cluichí cairdiúla amháin aici, a bhínnse ag imirt. Mar sin, ní bhíodh brú orainn an bua a fháil agus bhíodh an bhéim ar thaitneamh agus spraoi a bhaint as an gcluiche. Thaitin sin liom.

Triail nár éirigh léiDe réir a chéile, agus mé ag fás agus ag foghlaim, bheartaigh mé go ndéanfainn níos mó ná an liathróid a chiceáil as an bpáirc. Shocraigh mé go dtriáilfinn rith agus pasáil mar athrú. Bheadh contúirt ag baint leis sin mar go mbeadh baol ann go mbéarfaí orm, go gcaillfinn an liathróid agus go ngabhfadh an fhoireann eile ar an ionsaí. Chuir eachtra amháin deireadh le mo chuid gaiscíochta, áfach. Bheartaigh mé go rithfinn i dtreo na foirne eile, agus go ndéanfainn iarracht dul tharstu ag ceapadh nach mbeidís ag súil le himirt cheanndána den saghas sin. Botún a bhí ann, áfach. Thosaigh cúig imreoir déag ag rith i mo threo agus rugadar orm. Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin. Ní raibh mé in ann análú, bogadh, éirí,

screadáil – ní rabhas in ann tada a dhéanamh ach guí. Tar éis tamall an-fhada dar liom, cé go bhféadfaí nach raibh ann ach tríocha soicind nó mar sin, d’éirigh siad díom agus tháinig mé chugam féin. Ach bhí mo cheacht foghlamtha agam. As sin amach, ní dhearna mé ach an méid a dúradh liom a dhéanamh an ar an gcéad lá; “ciceáil don touch”!

Insím an scéal seo mar go gceapaim go bhfuil cúrsaí spóirt éirithe thar a bheith dáiríre; is cuma más faoi rugbaí, sacar, iománaíocht nó cibé rud a bhfuil muid ag caint. D’fhéadfá a rá go bhfuil an “spórt” imithe as spórt. Bhaininn taitneamh as mo chuid rugbaí, cé nach mbíodh mórán suime agam ann, dáiríre. Bhíodh smacht an-mhaith i gceist, léirítí ómós don réiteoir agus ní bhíodh achranntroid ann riamh. Dhéanainn mo dhícheall agus ba chuma faoin toradh, ar bhealach.

Is dóigh go dtabharfaí an “eitic amaitéarach” air sin. Measaim, in amanna, gur trua é go bhfuil an t-idéalachas geall is a bheith imithe as an spórt, an rugbaí san áireamh. Agus gurb é an rud is tábhachtaí ná an bua.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.