CÚRSAÍ SPÓIRT
An spórt níos tábhachtaí ná bás agus beatha?
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Feiceann Colm Mac Séalaigh cosúlachtaí suntasacha idir an spórt agus an chogaíocht.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Iarbhainisteoir Liverpool FC, Bill Shankly

Ar nós go leor fear eile is iad na leathanaigh spóirt na leathanaigh sa nuachtán is túisce a osclaím i ndiaidh dom sracfhéachaint a thabhairt ar leathanach a haon. Ceannlínte leathanaigh a haon ar dtús agus ansin caol díreach go dtí na cúl-leathanaigh – sin an patrún ag mo leithéide, bhí riamh agus beidh go deo is dóigh. Cén chúis atá leis an iompar sin? Níl fhios agam go cinnte ach seans go bhfuil rud éigin ginte san fhear a chuireann air níos mó spéise a chur i gcúrsaí spóirt ná i scéalta faoi pholaitíocht, dhúnmharú, chásanna cúirte agus araile a thuairiscítear ar na leathanaigh eile. B’fhéidir chomh maith go bhfuil ceangal éigin idir an spórt agus an gá atá sa duine fireann ó thús ama dul amach ag fiach nó ag seilg agus dul chun cogaidh ó am go ham. Gach seans go líonann an spórt an folús sin i saol an fhir atá ann ó tháinig deireadh leis an tseilg mar phríomhshlí bheatha an duine agus ina dhiaidh sin ó thosaigh an Réabhlóid Tionsclaíochta. Díol suntais é gur thart ar dheireadh an 19ú haois a bunaíodh formhór na n-eagraíochtaí móra spóirt mar bhí daoine róghafa le modhanna maireachtála roimhe sin.

Is furasta uaireanta an ceangal idir an spórt agus an tseilg a fheiceáil. An galf, mar shampla. Leanann a galfaire cúrsa fada achrannach agus é ag bualadh liathróide roimhe. Caithfidh sé súil ghéar a choinneáil ar thaisteal na liathróide (an chreach) agus í a leanúint cuma cá hait a dtéann sí. Tá an chosúlacht leis an sealgaire an-soiléir. Tá an chosúlacht idir spóirt áirithe agus an cogadh an-soiléir freisin – féach an chaoi ina n-ionsaíonn dhá fhoireann rugbaí nó peile nó iománaíochta a chéile. Cath agus rialacha ag baint leis, mar a déarfá.

Agus an cineál teanga a úsáidtear i gcomhthéacs na spórt seo, tá an-chosúlacht idir é agus teanga an chogaidh – ionsaí, cosaint, bualadh, tarraing, tiomáin, ná géill orlach *agus araile. Is *namhaid í an fhoireann eile, freasúra is ea iad agus is gá iad a chloí. Bíonn fuath ag foirne áirithe d’fhoirne áirithe eile, go háirithe má bhaineann siad leis an bparóiste nó baile is gaire. Bíonn an ghráin ag lucht leanúna amháin ar lucht leanúna eile agus uaireanta briseann clamparbruíon amach eatarthu. Chloisfeá daoine i seomraí feistis ag gríosadh imreoirí leis an gcineál teanga nach gcloisfeá aon áit eile taobh amuigh de na príosúin is cruálaí ar domhan nó i measc saighdiúirí ag dul chun catha.

Na mnáAch cad mar gheall ar na mná agus an spórt? Imríonn mná spóirt gan dabht agus bíonn an-suim ag a lán acu i spóirt éagsúla ó thaobh imeartha agus féachana de ach tá tuairim agam nach mbíonn siad chomh tiomanta is a bhíonn fir tríd is tríd. Is cosúil (féach alt na míosa seo caite) nach mbacann cailíní óga mórán le spórt ar bith – é sin nó ní bhacann a dtuismitheoirí len iad a spreagadh sa treo sin – ach is cosúil freisin go maireann suim na mban sa spórt ar feadh a saoil má thosaíonn siad ag glacadh páirte i spóirt ag aois ar bith. Dar ndóigh ghlac agus glacann mná páirt i gcogaíocht in éineacht leis na fir agus seans maith go dtéidís ag fiach in am an ghátair agus an ghanntanais, ach sílim go bhfuilim ar thalamh slán á rá go bhfuil an leibhéal suime i gcúrsaí spóirt i bhfad níos airde i measc na bhfear i gcoitinne. Bíonn fir níos glóraí, úsáideann siad níos mó droch-chainte agus maslaí gránna ná mar a dhéanann na mná agus téann siad i mbun foréigin níos minicí i ngeall ar spórt – tréithe na pluaise, mar a déarfá.

Cá bhfágann sé sin ar fad an duine, fear nó bean, nach suim leo spórt, olc, maith nó dona? Cén chaoi a gcaitheann siad an t-am? An bhfuil siad sona? Tá tuairim agam go bhfuil siad an-sona agus go mbaineann siad leas agus tairbhe as a gcuid ama ar bhealaí atá níos deise agus níos sibhialta. Má chothaíonn an spórt mothúcháin fhoircneacha ar nós na feirge, an díomá, an bhróin agus fonn díoltais, an mbeimis níos fearr as gan an spórt nó ar a laghad gan an iomaíocht agus an choimhlint ghéar a bhaineann leis? Tá aclaíocht choirp tábhachtach ó thaobh sláinte fisicí agus intinne, dar le saineolaithe, ach an bhfuil iomaíocht agus coimhlint go maith?

Cé go bhfuil na ceisteanna sin ann agus go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca béime ar spóirt áirithe seachas a chéile is deacair a rá an mbeadh an tsochaí nó an duine aonair níos fearr as gan an spórt a bheith lárnach sa saol. Is cinnte go dtugann an spórt mórán taitnimh do mhórán daoine ar fud an domhain, ach b’fhéidir go bhfuil tábhacht agus feidhm níos bunúsaí ná sin ag baint leis. Mar a dúirt Bill Shankly, bainisteoir sacair i Sasana roinnt blianta ó shin agus é ag tagairt don sacar: “Some people believe football is a matter of life and death, I am very disappointed with that attitude. I can assure you it is much, much more important than that." B’fhéidir go raibh an ceart aige agus nár thuig sé féin an t-iomlán de. B’fhéidir nach dtuigimid mar shochaí fíorthábhacht an spóirt go fóill.

Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.