Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar dhá mhórimeacht spóirt de chuid na míosa seo caite.
Dúirt fear liom le déanaí go léann sé m’alt ar Beo! go rialta. An locht is mó a bhí aige air ná go mbíonn ábhar an ailt as dáta go minic. Mhíníos dó go scríobhtar an t-alt seachtain nó dhó roimh fhoilsiú na hirise agus, i ngeall air sin, is deacair a bheith tráthúil. Thuig sé é seo, ach b’éigean dom a admháil go raibh an ceart aige sa mhéid a dúirt sé.
In ainneoin sin, agus mé i mbun pinn, nó méarchláir is cirte a rá, don alt seo, bhí m’aird uilig ar imeachtaí spóirt mhí Mheán Fómhair seo thart. Mí an-tábhachtach i gcónaí i gcúrsaí spóirt na hÉireann is ea mí an Mheán Fómhair, mar go mbíonn cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar siúl, ach bhí tábhacht bhreise léi i mbliana de bhrí go raibh Corn Ryder á reáchtáil sa K Club i gContae Chill Dara.
Ba dheacair gan aird éigin a thabhairt ar Chorn Ryder, fiú mura raibh suim ag duine sa ghalf nó i gcúrsaí spóirt de shaghas ar bith. Ba dheacair (bhí sé dodhéanta i ndáiríre) éalú uaidh toisc go raibh na meáin chumarsáide – idir nuachtáin, raidió agus theilifís – lán scéalta de gach sórt faoi na himreoirí agus a gcuid ban agus go leor rudaí eile nár bhain ach ar éigean le cúrsaí gailf. Bhí an t-uafás hype, nó áibhéile, cainte agus raiméise ag baint léi mar ócáid spóirt. Cineál sorcais a bhí ann ar bhealach, idir phubaill agus chábáin, ardáin agus sheastáin (corparáideach agus príobháideach), éadaí agus fhaisin agus “sheóghnó”, sular thosaigh an comórtas ar chor bith. Ócáid mhór a bhí ann do lucht an rachmais, iad siúd a bhfuil eitleán príobháideach dá gcuid féin acu nó ar a laghad héileacaptar, daoine – cuid de na himreoirí ina measc – a bhfuil níos mó airgid sa bhanc acu ná mar atá ag cuid de na tíortha is boichte san Afraic.
Bhí na mílte is na mílte de ghnáthphobal na hÉireann agus áiteanna eile i láthair freisin gan dabht agus níor fhágadar faoi rún é go rabhdar ann. Bhíodar níos cosúla le slua a bheadh i bPáirc an Chrócaigh ná le slua a bheadh i St. Andrews nó Augusta agus gach liú agus béic uathu gach uair a bhuail imreoir Eorpach buille maith. Bhíodar an-mhúinte i gcás na Meiriceánach leis, ní mór a lua.
Is léir go bhfuil an-suim ag daoine in Éirinn agus ar fud an domhain fhorbartha sa ghalf. Is cosúil go n-ardaíonn an leibhéal suime agus rannpháirtíochta sa chluiche i gcomhréir le forbairt gheilleagrach i gcoitinne. Ní gá gur drochrud é sin ach amháin go bhfuil galfchúrsaí á dtógáil nó á bhforbairt in áiteanna ina bhféadfadh dochar a bheith á dhéanamh don timpeallacht nádúrtha, idir fhiadhúlra, fhásra agus thírdhreach.
Ar aon nós, d’fhreastail daoine ar chomórtas Chorn Ryder ina sluaite móra gach lá ó Mháirt go Domhnach agus is dóigh gurb é an fáth ba mhó ná chun an deis a thapú le ceithre dhuine is fiche de na galfairí is cáiliúla ar domhan a fheiceáil i mbun imeartha. Ní móide go dtarlóidh a leithéid arís in Éirinn go ceann i bhfad eile.
Frithbhuaic
Mar ócáid spóirt, is deacair breithmheas a thabhairt uirthi. Níor chabhraigh an aimsir agus bhí baol ann ag pointe amháin go scriosfadh spéirling neamhchoitianta an rud ar fad. Ar ábharaí an tsaoil, tháinig agus d’imigh an spéirling oíche Déardaoin, agus cé is moite de cheathanna troma, bhí an aimsir cineálta go leor, go háirithe ar an Domhnach don chríoch. Ach tháinig an chríoch roimh an deireadh, mar a déarfá, rud aisteach a bhaineann leis an gcomórtas áirithe seo. Is éard atá i gceist agam ná go raibh an corn buaite ag an Eoraip sula raibh an comórtas críochnaithe toisc gur shroich an Eoraip oiread pointí nach bhféadfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá iad a shárú. Cineál frithbhuaice a bhí ann agus is laige é sin a bhaineann leis an gcomórtas, dar liom.
Bhuaigh an Eoraip go héasca. Bhuaigh siad gach gné den chomórtas agus bhíodar chun tosaigh ón tús. De réir airgid agus comórtas buaite, ba chóir go mbeadh na galfairí Meiriceánacha níos fearr ná galfairí na hEorpa ach fós bhí bua éasca ag an Eoraip. Le fírinne, bhí foireann na Stát Aontaithe go dona. Fiú amháin imreoirí cáiliúla ar nós Tiger Woods agus Phil Mickelson, níor éirigh leo tionchar mór a imirt ar an gcomórtas. Seans go bhfeileann imirt agus spiorad foirne na hEorpaigh níos fearr ná na Meiriceánaigh. Is spórt aonarach, mé-féiniúil é an galf de ghnáth. Imríonn an galfaire gairmiúil i gcoinne an chúrsa chun duais mhór airgid a bhuachan dó féin. Seans nach bhfuil sé sa nádúr ag Tiger Woods, agus a leithéid, imirt ar son daoine eile atá ar a bhfoireann féin toisc, is dóigh, nach bhfuil taithí acu ar a leithéid. Bheadh taithí ag Pádraig Harraington agus Paul McGinley, cuir i gcás, agus gach seans ag na himreoirí ón mBreatain freisin, ar imirt foirne ó bheith ar fhoirne peile is a leithéid agus iad óg. Is léir gur breá leo Corn Ryder mar ní bhíonn mórán deiseanna sa ghalf imirt ar fhoireann agus an spiorad agus an sásamh a bhaineann le bheith páirteach ar fhoireann a bhlaiseadh. Sílim go mbeadh sé sin fíor fiú dá gcaillfidís an comórtas.
Rud eile, is annamh a bhuann cuid d’imreoirí na hEorpa aon chomórtas astu féin, agus mar sin, tugann sé sásamh ar leith dóibh nach mbíonn le fáil acu ach go hannamh bheith páirteach i mórbhua i gcomórtas cáiliúil, idirnáisiúnta. I gcás na Meiriceánach, seans go mb’fhearr le cuid acu ar aon nós a bheith sa mbaile ag ligean a scíthe ag deireadh séasúr fada, tuirsiúil ag carnadh na ndollar.
Maigh Eo go dona
Déarfainn go raibh áthas ar mhuintir Mhaigh Eo gur thosaigh Corn Ryder an tseachtain tar éis Chraobh na hÉireann. Is cinnte go raibh aird na meán cumarsáide ar Chontae Chill Dara seachas ar Chontae Mhaigh Eo go luath i ndiaidh na craoibhe peile. Má bhí Meiriceá go dona i gCorn Ryder, bhí Maigh Eo seacht n-uaire ní ba mheasa i gcluiche ceannais na hÉireann, ach ar chúiseanna difriúla. Ní fios cén fáth a raibh sé sin amhlaidh. Tá an spórt aisteach mistéireach, domhínithe ar uairibh. Ach oiread le galfairí Mheiriceá, is deacair a thuiscint cén fáth go bhféadfadh peileadóirí Mhaigh Eo a bheith chomh dona don dara babhta as a chéile (2004 an uair dheireanach) ar an lá is mó sa bhliain i gcúrsaí peile.
Tá míniú éigin ar chás na Meiriceánach (mar a dúradh thuas) ach an bhfuil léamh nó míniú ar thaispeántas Mhaigh Eo i gcoinne Chiarraí? Tá go leor tráchtairí, iarpheileadóirí agus ar uile, tar éis iarracht a dhéanamh ach dáiríre is mistéir é go bhféadfadh grúpa peileadóirí a d’imir chomh maith agus cróga ar feadh an tsamhraidh a bheith chomh hainnis ar an lá is tábhachtaí sa bhliain. Bhí Ciarraí an-mhaith, ach bhí Maigh Eo go dona. Bhí an cluiche thart mar chomórtas tar éis 10 nóiméad (críochnaithe roimh an deireadh ar nós an ghailf!) Bhí daoine ag croitheadh a gcinn ag an bpointe sin agus ag guí go slogfadh an talamh iad. Murach gur scóráil Maigh Eo trí chúl sa chéad leath, bheadh an Corn á bhronnadh ag leathama ag Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael ar chaptaen Chiarraí chun pobal na hÉireann a scaoileadh as a bpian!
Ó shin, tá daoine caillte le trua do Mhaigh Eo agus ag cuartú léas sóláis in áit éigin. Ní cuimhin liom a leithéid cheana, ach i gcás amháin, b’fhéidir, is é sin nuair a rinne an Mhí slad ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann in 2001 leis an scór 2-14 i gcoinne 0-5. Is cuimhin liom lucht leanúna na Mí ag gáire agus ag canadh olé! sa dara leath gach uair a bhuail imreoir de chuid na Mí an liathróid, olc, maith nó dona. Bhí sé náireach, ach tháinig Ciarraí chun cinn arís as umar na haimléise. An dtiocfaidh Maigh Eo, áfach? Beidh sé deacair agus an-deacair, ach tá an spórt in ann a bheith an-mhistéireach ar fad.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.