Tá stailc á bagairt ag imreoirí CLG faoi láthair mar gheall ar chúpla cúis. Tá an ceart ag na himreoirí i gcás amháin, ach níl bunús ar bith lena dara hargóint, dar le Colm Mac Sealaigh.
Faoi láthair, tá dhá chonspóid mhóra ag cur as do bhaill Chumann Lúthchleas Gael, nó do chuid díobh ar aon nós. Baineann an dá chonspóid le himreoirí idirchontae agus dhá éileamh dá gcuid.
Dar liom, tá an ceart ag na himreoirí i gcás amháin, agus níl an ceart acu sa chás eile. Tá mo thuairim bunaithe go príomha ar na prionsabail atá i gceist. Maidir leis an dá chonspóid, tá stailc á bagairt ag imreoirí idirchontae. Rachfar i mbun na stailceanna, a deir siad, agus tús á chur le comórtais na bliana 2008 mura socrófar na conspóidí ar an mbealach ar mhaith leis na himreoirí iad a bheith réitithe idir an dá linn.
Is dianbheart ceart í an stailc. Agus muid ag caint ar shlí bheatha daoine, glactar leis go forleathan gur ceart bunúsach daonna í an stailc ar féidir le hoibrithe úsáid a bhaint aisti má tá tromaíocht nó éagóir á déanamh orthu. Ach i gcomhthéacs an spóirt, bheadh sé deacair don ghnáthdhuine a thuiscint cén fáth a mbeadh stailc ag teastáil i measc imreoirí. Dearcadh atá láidir agus coitianta i gCumann Lúthchleas Gael ná gur gradam agus onóir é d’iománaithe nó do pheileadóirí a bheith roghnaithe le himirt ar fhoirne a gcontae, agus gur leor é mar spreagadh dóibh fios a bheith acu go gcaithfidh siad geansaí a bhfoirne. Ach an bhfuil imreoirí an lae inniu ag rá linn go bhfuil bunphrionsabal níos tábhachtaí ná sin acu?
Níl CLG foirfe mar eagraíocht agus is minic a dhéantar rudaí amaideacha agus a thógtar cinntí atá go dona taobh istigh de. Is éard is cúis leis sin ná go mbíonn gnáthdhaoine – idir fhir agus mhná; idir óg agus aosta – ag reáchtáil imeachtaí na heagraíochta. Tá córas daonlathach i gceist san eagras, rud a chiallaíonn go ndéantar cinntí go mall in amanna áirithe agus go róthapa in amanna eile, gan machnamh ceart nó réamhobair a bheith déanta ag lucht na gcinntí. Easpa machnaimh
Easpa machnaimh ba chúis le cinneadh a thóg Coiste Chontae Chorcaí le déanaí inar socraíodh nach mbeadh cead feasta ag bainisteoirí fhoirne an chontae a rogha daoine a cheapadh mar roghnóirí. Socraíodh go mbeadh ceapacháin na roghnóirí faoi chúram an choiste é féin feasta. I bhfocail eile, chinn an coiste filleadh ar nós ar cuireadh deireadh leis cúig bliana roimhe sin tar éis do Choiste Chontae Chorcaí teacht ar chomhréiteach le himreoirí maidir leis an gceist áirithe sin, agus maidir le roinnt ceisteanna eile a ndeachaigh foireann iomána an chontae ar stailc mar gheall orthu ag an am.
Céard is “coiste contae” ann ar aon nós agus cén chaoi a n-oibríonn sé? Bíonn ionadaithe ó na clubanna uile mar aon le hoifigigh thofa – cathaoirleach agus rúnaí, cuir i gcás – ar na coistí tábhachtacha seo. Is iad na clubanna a dhéanann na baill a thoghadh go bliantúil agus bíonn sé mar dhualgas ar na baill sin cúram speisialta a dhéanamh de ghníomhaíochtaí agus de ghnó chumann an chontae. Bíonn cruinniú acu uair sa mhí ina bpléann siad imeachtaí éagsúla agus ina ndéanann siad socruithe maidir le cluichí agus mar sin de. Uair sa bhliain, ceapann an coiste bainisteoirí na bhfoirne éagsúla trí chóras vótála. Is i gcoistí contae atá cumhacht dhaonlathach bhaill CLG infheistithe. Is í an fhadhb leis an gcóras seo ná go bhfágtar go leor cinntí tábhachtacha faoi ionadaithe na gclubanna agus ní bhíonn deis ag na baill uile na cinntí a phlé. Tharla a leithéid i gCorcaigh nuair a chuir an buanchoiste, atá comhdhéanta d’oifigigh, an rún maidir le roghnóirí os comhair an choiste gan choinne. Glacadh leis an rún seo ag an gcruinniú, ach bheadh sé i bhfad níb fhearr dá gcuirfí in iúl do na clubanna roimh ré go mbeadh an cheist áirithe seo á plé i measc bhaill an choiste le go dtiocfadh leis na clubanna treoir a thabhairt dá n-ionadaithe maidir le cé acu an mbeadh siad i bhfabhar nó i gcoinne an rúin. Is é an eachtra seo is cúis le Coiste Chontae Chorcaí a bheith san fhaopach ina bhfuil sé faoi láthair.
Deir an cathaoirleach go bhfuil cinneadh déanta nach féidir leo dul siar air. Deir na himreoirí, idir imreoirí peile agus imreoirí iomána, nach mbeidh siad sásta imirt ar fhoirne an chontae mura ndéanann baill den choiste athmhachnamh maidir lena gcinneadh. Dar leis na himreoirí, ní luífeadh sé le réasún cead a bhaint de bhainisteoirí na foirne a gcuid roghnóirí féin a cheapadh. Aontaím leo ar bhonn an phrionsabail atá i gceist, ar prionsabal é a nglactar leis go forleathan i mbeagnach chuile áit – agus ar glacadh leis le fada. Beidh ar Choiste Chontae Chorcaí géilleadh air seo, ach caithfear teacht ar bhealach le hé a dhéanamh – d’fhéadfadh club éigin rún a chlárú ag Comhdháil Bhliantúil an Chontae, cuir i gcás. Caithfear a chinntiú go vótálfaidh na clubanna ar son dhearcadh na n-imreoirí, rud nach dtaitneoidh le daoine áirithe.
Cumann na nImreoirí Gaelacha
Maidir leis an gconspóid eile, d’fhéadfadh sé a bheith níos nimhní agus ina bagairt níos dáiríre do thodhchaí CLG. Tá Cumann na nImreoirí Gaelacha (CIG) – nó an Gaelic Players Association (GPA), mar a thugtar air sa Bhéarla – ag bagairt go rachfar i mbun stailce mura bhfaighidh siad deontas de €5 mhilliún a gheall John O’Donoghue dóibh agus é ina aire spóirt.Is í an fhadhb a bhaineann leis sin ná nach dteastaíonn ó CLG a bheith páirteach i socrú trína ndéanfaí airgead á thabhairt d’imreoirí. Agus dar le CLG, bheadh an chuma ar an scéal – dá nglacadh siad páirt sa socrú – go raibh airgid á dháileadh acu ar imreoirí mar chúiteamh as ucht iad a bheith ar fhoirne a gcontae. Dar le CLG, socrú idir CIG agus an Rialtas atá ann nach bhfuil baint ar bith aige leo. Arís, tá bunphrionsabal i gceist: an é gur eagraíocht amaitéarach é CLG ina gcuirtear cosc ar chúiteamh a thabhairt d’imreoirí nó an é gur eagraíocht de chineál eile é?
Dar le baill CIG, “deontas” a bheadh san airgead seo in ionad “íocaíochta”, ach tá sé deacair a shamhlú nach gcuirfidís fáilte roimh thuarastal nó roimh phá dá bhfaighidís é. Caithfidh CLG seasamh daingean a ghlacadh maidir leis seo – mura ndéanann, beidh iarmhairtí móra ann níos faide anonn. Fiú má théann na himreoirí ar stailc, ní cóir géilleadh ar phrionsabal an amaitéarachais. Tá CIG as ordú, dar liomsa, sa chás áirithe seo agus ní fhéadfainn tacú leo.
Tá neart bainte amach ag CIG ó thaobh stádas na n-imreoirí a fheabhsú de, dul cinn chun maidir le cúram sláinte agus costais a íoc leis na himreoirí san áireamh. Bhí gá leis an feabhsaithe sin – agus táthar ag caitheamh go maith le himreoirí anois – ach b’fhéidir go bhféadfaí níos mó a chur ar fáil dóibh, ar nós polasaí maith árachais sláinte agus deontais oideachasúla mar aon le saoire ag deireadh na bliana. Ach, ní dóigh liom go bhfuil baill CLG i bhfabhar íocaíocht a thabhairt d’imreoirí idirchontae – bíodh an íocaíocht sin i bhfoirm deontais nó eile – mar gur meastar gur imreoirí iad a bhfuil gradam, stádas agus pribhléid níos mó acu cheana féin ná mar atá ag formhór a gcomhghleacaithe i CLG.
Seans go mbeidh an dá cheist atá faoi chaibidil anseo réitithe faoin am a bheidh an t-alt seo le feiceáil ar líne. Ach fiú má thiocfar ar chomhréiteach, níor mhiste do CLG a gcuid machnaimh a dhéanamh agus ceachtanna a fhoghlaim ó na conspóidí. .
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.