Chuir clár a chonaic sé ar TG4 le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar ré órga na hiomána sna nóchaidí.
In áit dul a chodladh ag am réasúnta luath oíche amháin le déanaí, agus ní den chéad uair a tharla sé ach an oiread, thosaigh mé ag breathnú ar “All Ireland Gold” ar TG4. I bhfad ródheireanach ag mo leithéidí-se a bhíonn sé ar siúl (11.30 nó mar sin, i rith na seachtaine) agus ródheireanach freisin le haghaidh gasúr agus daltaí scoile agus daoine a éiríonn go moch ar maidin a mbeadh suim acu cluichí móra na mblianta atá thart a fheiceáil arís. É sin ráite, is fearr ann go mór ná as an clár céanna agus is breá liom féin an deis a fháil na cluichí úd a fheiceáil. Molaim TG4 as an tseirbhís spóirt a chuireann an cainéal ar fáil do mhuintir na hÉireann.
An cluiche a bhí ar siúl le déanaí agus ar chuir mé an-suim ann ná cluiche ceannais iomána na hÉireann 1995 nuair a bhuaigh an Clár a gcéad chraobh le 70 bliain nó mar sin. Ar Uíbh Fhailí a bhuadar agus mar chluiche iománaíochta bhí sé ar fheabhas ar fad.
Is deacair a chreidiúint go bhfuil dhá bhliain déag imithe ó d’ardaigh Antaine Ó Dálaigh Corn Mhic Cárthaigh go caithréimeach os comhair slua mhóir, ríméadaigh de mhuintir an Chláir i bPáirc an Chrócaigh. Is deacair a chreidiúint leis gurb iad na foirne láidre iomána a bhí ann sa tréimhse sin idir 1993 agus 1998 ná an Clár, Uíbh Fhailí, Loch Garman agus Luimneach. Ní raibh rian de Chill Chainnigh, Corcaigh ná Tiobraid Árann le feiceáil agus d’fhéadfá a rá gur fágtha amuigh sa bhfásach a bhíodar sa tréimhse sin. Tá a fhios againn anois, áfach, gur ag pleanáil agus ag atógáil a bhíodar don todhchaí.
Cineál ré órga don iomáint ab ea na blianta úd a déarfadh a lán daoine. Scríobh mé faoi sin cheana, ach chuir “All Ireland Gold” mé ag smaoineamh arís ar na hathraithe ar staid na hiomána le blianta beaga anuas. Thosaigh an ré órga níos faide siar dáiríre – i 1980 le bheith cruinn faoi. Sa bhliain sin bhuaigh an Ghaillimh a gcéad chraobh ó 1923 agus bhuaigh Uíbh Fhailí a gcead chraobh riamh i 1981 in aghaidh na Gaillimhe. Bhuaigh Uíbh Fhailí arís i 1985 agus an Ghaillimh i 1987 agus 1988. Ina theannta sin, nuair a bhuaigh Tiobraid Árann Craobh na Mumhan i 1987 tar éis 14 nó 15 de bhlianta gan í, d’fhógair a gcaptaen go raibh an gorta thart! Laethanta órga cinnte!
Le filleadh ar na nóchaidí, ba iad Uíbh Fhailí agus an Clár na foirne is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána agus a spreag spéis san iomáint i measc daoine a bhí neodrach. Bhí forlámhas ag Uíbh Fhailí sa tréimhse sin ar Chill Chainnigh agus ar fhoirne eile Laighean (cé is moite de 1996 nuair a mhúscail Loch Garman as a suan agus a d’fhógair a mbainisteoir Liam Ó Gríofa gurb í an iomáint “Riverdance” an spóirt! San am céanna bhí an Clár beagnach do-chloíte sa Mhumhain (cé is moite de bheith buailte ag Luimneach i 1996.)
Ré órga ab ea é cinnte agus ní le drochmheas ar Chill Chainnigh, Corcaigh agus ar Thiobraid Árann a deirim é. Ní hamháin go raibh contaetha a bhí thíos tagtha chun cinn in athuair, ach bhí caighdeán an-ard ar fad sroichte acu ó thaobh imirt na hiomána. Chomh maith leis sin, bhí formhór na gcluichí a raibh páirt acu iontu ar fheabhas ar fad. Nuair a fheiceann duine cluiche ón tréimhse sin ar “All Ireland Gold” nó a leithéid, ar nós chraobh na bliana 1995, is iondúil gur cluiche den scoth, lán de scileanna agus luas lasrach, a bhíonn ann.
An chraobh sin ó 1995, is sampla an-mhaith ar fad í den chineál cluiche atá i gceist agam. Bhí an caighdeán iontach ar fad. Bhí na scileanna ar fheabhas, bhí luas lasrach san imirt agus bhí tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise. Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006. B’fhearr i bhfad Craobh 1995 mar fheic.
An fhoireann is fearrDá mbeadh orm foireann na ré órga sin a ainmniú níl aon dabht orm ná gurb í foireann Uíbh Fhailí ab fhearr ar fad, b’fhéidir an fhoireann iomána is fearr a chonaic mé riamh. Nuair a bhí an fhoireann sin i mbarr a réime ní raibh aon fhoireann eile in ann acu. Foireann a bhí ann a bhí ag cur thar maoil le hiománaithe den scoth: Whelehan, Troy, Pilkington, Hanamy, Dooley, Duignan agus araile. Tá mé den tuairim láidir gurb iad an fhoireann ba sciliúla a chonaic mé riamh i ngach gné den imirt. D’imir siad iomáint a bhí saibhir, ealaíonta agus sciliúil, agus bhí luas agus fiontar agus “cuma sa diabhal” measctha le chéile ina n-imirt. Bhí sé de cháil ar chuid de na himreoirí a bheith ar nós cuma liom maidir le traenáil, ach ar laethanta áirithe ní raibh a sárú ann. Samhlaím go mb’fhéidir go raibh foireann Loch Garman na gcaogaidí cosúil leo ach nílim sách sean le labhairt faoi sin!
Ag féachaint siar anois air, is deacair a thuiscint gur le linn na ré órga úd a thosaigh an brú i dtreo an dara seans agus cluichí breise sa chraobhchomórtas. B’fhéidir nár tuigeadh ag an am go raibh ré órga ag tarlú nó b’fhéidir gur ceapadh go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr fós – go mbeadh níos mo cluichí iontacha agus contaetha nua ag teacht chun cinn. Ach ní mar sin a tharla ach a mhalairt. An fhianaise dó sin ná nár bhuaigh aon chontae an chraobh seachas na contaetha móra – Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann – ó 1998, nuair a bhuaigh Uíbh Fhailí í tríd an gcúldoras.
Ach tugadh isteach córas an chúldorais – is é sin, an dara seans don chontae a chaill craobh Laighean agus Craobh na Mumhan – i 1997 de bharr éilimh. Bhain Uíbh Fhailí buntáiste as i 1998 mar atá ráite agam agus bhain Cill Chainnigh agus Corcaigh leas as ó shin chun Craobh na hÉireann a bhuachan tar éis dóibh a bheith buailte sna babhtaí tosaigh. Faoin seanchóras, seans go mbeadh craobh nó dhó buaite ag contae eile (Port Láirge in 2003 nó Loch Garman in 2004) seachas Corcaigh nó Cill Chainnigh le cúig bliana anuas.
Má dhéanaimid scrúdú fuarchúiseach ar staid na hiomána i láthair na huaire is deacair a bheith dóchasach go mbuafaidh aon chontae eile seachas Cill Chainnigh nó Corcaigh arís i mbliana toisc, agus is é seo an fáth is mó, go mbeidh an dara seans acu araon. I bhfocail eile, is gá go gcloífí iad faoi dhó le linn an tsamhraidh. Ní chreidim go dtarlóidh sé sin.
Dáiríre, níor mhór an córas a athrú arís sa chaoi is go mbeadh craobhchomórtas ann féin i gceist le haghaidh Chorn Mhic Cárthaigh, comórtas a bheadh neamhspleách ar fad ar chomórtais na Mumhan agus Laighean.
Deirim an méid sin thuas in ainneoin go bhfuil comharthaí ann go mb’fhéidir go mbeadh 2007 suimiúil ó thaobh na hiomána de. Bhí an comórtas sraithe níos oscailte ná mar a bhí sé le fada mar tá cluiche nó dhó buaite agus caillte ag gach foireann. Tá Ger Ó Lachtnáin i mbun na Gaillimhe agus tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath. Ní hé gur mian liom Cill Chainnigh agus Corcaigh a fheiceáil thíos, ach b’fhearr liom Port Láirge, Luimneach, Loch Garman agus araile a fheiceáil thuas arís agus Aontroim, Laois agus Áth Cliath a bheith níos láidre ná mar atá. Faoi mar atá sé faoi láthair, tá Uíbh Fhailí, an Clár, Luimneach agus Loch Garman tite ar gcúl ó laethanta glórmhara na nóchaidí agus is ábhar buartha é sin do mhuintir na hiomána. É sin ar fad ráite, deirtear nach bhfuil thuas ná thíos, ach thuas seal agus thíos seal. Agus leanann Cill Chainnigh agus Corcaigh ar aghaidh i gcónaí!Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.