Chuaigh an clár a craoladh ar an teilifís an mhí seo caite mar gheall ar mhuintir Ailpín as Corcaigh i gcion go mór ar lucht féachana na hÉireann, Colm Mac Séalaigh ina measc.
Níl dabht ar bith ach go ndeachaigh an clár teilifíse faoi na deartháireacha Uí Ailpín i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana. Craoladh an clár ar an Déardaoin, 18 Eanáir agus déarfainn go raibh agus go bhfuil lucht déanta an chláir, Telegael, an-sásta leis an fhreagairt a tháinig ó dhaoine a chonaic é ar fud na tíre. Ní hamháin go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar fhir a chuireann suim i gcúrsaí spóirt ach is cosúil go raibh mná na hÉireann an-tógtha leis an gclár chomh maith. Bhí neart cainte, gan trácht ar "únna" agus "ánna", ó mhná, is cosúil, faoi Sheán Óg, Setanta agus Aisake agus tuige nach mbeadh. Mar nach iad atá dathúil, dorcha, ard, tarraingteach don tsúil, agus lúfar, láidir agus aclaí, gan trácht ar a bheith "súbláilte" mar a déarfadh SBB. Is réaltaí spóirt de chuid na tíre seo iad, agus de chuid na hAstráile amach anseo, agus de bharr an chláir tá siad thuas ansin sa strataisféar céanna le réaltaí spóirt ar nós Uí Dhrisceoil, Uí Arrachtáin agus Uí Chatháin. An difríocht ná go bhfuil siad Gaelach agus coimhthíoch ag an am céanna.
Thug an clár an-léargas dúinn ar shaol agus mianach mhuintir Ailpín. Is breá leo comhluadar a máthar agus is í an duine is tábhachtaí ina saol. Aisteach go leor, áfach, ní raibh ach tagairt an-bheag d’athair na lads – cheapfá go mbeadh ionchur tábhachtach aige sa scéal faoina chlann mhac. Ar aon nós, clár an-taitneamhach a bhí ann agus bhí sé go deas a fhoghlaim go bhfuil na deartháireacha seo daonna agus spraíúil agus go bhfuil taobh eile ag baint leo seachas an taobh a bhí feicthe againn roimhe seo, is é sin gur cineál róbait spóirt iad a bhíonn dáiríre i gcónaí agus de shíor i mbun traenála. Mar shampla, ceann de na scéalta cáiliúla faoi Sheán Óg ná go ndeachaigh sé ag traenáil ina aonar an lá i ndiaidh cluiche ceannais na hÉireann cúpla bliain ó shin in áit fanacht sa leaba tamaillín níos faide ar maidin. B’fhéidir gur ag ullmhú don chéad chraobh eile go luath a bhí sé ar eagla go mbeadh buntáiste ag an bhfreasúra.
Chonaic muid an áit inar tógadh muintir Ailpín i gCorcaigh agus an garraí ar chúl an tí ("Semple") ina mbídís ag spraoi. Is ansin a bhídís ag traenáil agus ag imirt ina n-óige, ag fáil máistreachta ar an gcamán agus ar an sliotar agus a máthair bhocht sa chúl toisc nach ligfeadh sí dóibh a ndeirfiúr óg a chur ann ar eagla go mbuailfidís í! Bhí mum an-lárnach sa scéal agus ba léir gur bean spraoi agus íobartha in éineacht í, agus cócaire maith freisin!
Lean an clár Setanta agus ansin Aisake go dtí an Astráil agus chonaic muid iad i mbun traenála le cumann peile na hAstráile i Melbourne. Caithfidh sé go raibh sé an-deacair dóibh an t-athrú a dhéanamh ón iománaíocht go dtí an cluiche Astrálach, agus go mór mór dul i dtaithí ar an liathróid ubhchruthach – ba bheag cabhair dóibh é a dtaithí ar pheil Ghaelach sa chás sin. Bhí sé an-soiléir sa chlár go rabhadar sásta agus toilteanach aon íobairt nó obair a dhéanamh chun áit a bhaint amach ag an leibhéal is airde i gcluiche na hAstráile.Traenáil chrua san AstráilBhí an difríocht idir an cluiche gairmiúil Astrálach agus na cluichí Gaelacha ó thaobh na traenála le tuiscint go soiléir freisin. Trí huaire sa lá, i mbun gnéithe éagsúla den aclaíocht agus dona scileanna, a bhíonn lucht pheil na hAstráile. Trí huaire sa tseachtain a bhíonn imreoirí Chumann Lúthchleas Gael le chéile i mbun traenála, agus é sin i ndiaidh lá oibre. Is cinnte go ndéanann imreoirí na gcluichí Gaelacha obair bhreise as a stuaim féin. Bíonn Seán Óg de shíor ag cleachtadh agus ag traenáil, cuir i gcás, ach ní hionann é agus saol an imreora ghairmiúil. An difríocht is suntasaí, dar liom, seachas cúrsaí airgid dar ndóigh, ná go bhfuil traenálaithe ag Setanta agus Aisake a bhíonn ar fáil gach lá le cabhrú leo i ngach gné den spórt agus den ullmhúchán ó thaobh nirt, aclaíochta, scileanna éagsúla, bia, síceolaíochta, agus araile. Cé go n-úsáideann foirne idirchontae saineolaithe éagsúla chun cabhrú leis an ullmhúchán, is ar bhonn páirtaimseartha a tharlaíonn sé sin.Ar chuma ar bith, is léir go bhfuil Setanta agus Aisake an-sásta leis an gcinneadh a rinne siad dul chun na hAstráile. Dúirt Setanta é minic go leor gurb é an spórt gairmiúil a rogha agus a mhian. Thuigfeá uaidh go mba chuma cén spórt a bheadh i gceist ach, mar a d’admhaigh siad féin, feileann sé féin agus a dheartháir don pheil Astrálach toisc go bhfuil siad ard agus tanaí (tanaí i gcomórtas le tarbh, abair!)
B’fhéidir gurbh í an mhír ba thaitneamhaí agus ba dhaonna den chlár ar fad, agus ar chuir go leor daoine suim ann, ná turas Sheáin Óig chuig a áit dhúchais agus áit dhúchais a mháthar, Oileán Rotuma, Fidsí. Chaith sé tús a óige ann agus ní raibh a chuid gaolta feicthe aige le 20 bliain. Cuireadh an-fháilte roimhe, mar a thuigfeá, agus ba léir gur bhraith sé sa mbaile ann. Ba léir go raibh an-mheas ag Seán Óg ar a mhuintir ann agus ar an gcultúr agus ar a dteanga, teanga atá aige féin agus ag na deartháireacha eile ó dhúchas. Le fírinne, ba léir go raibh an-mheas ag na deartháireacha go léir ar na cultúir as ar fáisceadh iad, idir chultúr Fhidsí (labhraíonn siad teanga na máthar lena chéile de ghnáth, ach Gaeilge ó am go ham freisin ar eagla go ndéanfaidís dearmad uirthi).
Cailliúint mhór is ea Setanta agus Aisake do na Piarsaigh, do Chorcaigh, do Chumann Lúthchleas Gael agus don iománaíocht. Samhlaigh an triúr acu ag imirt le Corcaigh i gCraobh na hÉireann! D’fhéadfadh sé sin tarlú mar ní heol dúinn ón gclár an bhfuil sé i ndán dóibh go cinnte gaisce a dhéanamh le peil na hAstráile, ach de réir mar a imíonn an t-am is beag an seans go bhfillfidh siad ar Chorcaigh agus ar an iomáint. Is féidir linn bheith buíoch, áfach, go bhfuil Seán Óg fós inár measc mar, mar a dúirt sé féin, dá bhfaigheadh sé an deis a fuair a bheirt deartháireacha eile, ní hamháin go dtógfadh sé an chéad eitilt eile chun na hAstráile láithreach, ach shnámhfadh sé ann dá mba ghá!
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.