CÚRSAÍ SPÓIRT
Faoi bhagairt an bhaghcait
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Deir daoine áirithe gur chóir go mbeadh cúrsaí spóirt agus cúrsaí polaitíochta go hiomlán neamhspleách ar a chéile. Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras faoin tuairim sin.

Íomhá
Íomhá
Sigphictiúr de Charles Boycott a foilsíodh in Vanity Fair sa bhliain 1880
Íomhá
Bhain an fórsa poilíneachta úsáid as an lámh láidir le gairid agus Tibéadaigh ag glacadh páirte in agóid shíochánta
Íomhá
Aimsir na cinedheighilte, lean foirne áirithe rugbaí orthu ag imirt i gcoinne fhoireann na hAfraice Theas
Íomhá
Jacques Rogge, Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha

Tugadh an focal *boycott *isteach sa Bhéarla le linn Chogadh na Talún in Éirinn ag deireadh an naoú haois déag. Gníomhaire talún de chuid an tiarna neamhchónaithigh talún Earl Erne ab ea Captain Charles Cunningham Boycott (1832 – 1897). Bhí sé lonnaithe i gContae Mhaigh Eo, áit a ndearnadh eascoiteannú sóisialta air i rith Chonradh na Talún sa bhliain 1880. Bhí tionóntaí sa cheantar ag éileamh go ndéanfaí a gcuid cíosanna a laghdú. Ní hamháin gur dhiúltaigh an Captaen Boycott don éileamh seo, ach dhíshealbhaigh sé aon duine nár éirigh leis a chuid cíosa a íoc.

Mhol Charles Stewart Parnell do dhaoine gurbh fhearr i bhfad neamhaird a thabhairt ar Boycott agus teagmháil d’aon sórt leis a sheachaint, in áit dul i muinín an fhoréigin. Le scéal fada a dhéanamh gearr, d’éirigh go han-mhaith leis an eascoiteannú agus sa deireadh, ní raibh duine ar bith sa cheantar – ó fhear an phoist go dtí daoine den lucht gnó – sásta cumarsáid a dhéanamh le Boycott. Cé nach raibh sé faoi bhagairt an fhoréigin riamh, chaith Rialtas na Breataine go leor airgid ar Boycott agus ar na Fir Bhuí a tháinig i gcabhair air. Faoi dheireadh na bliana 1880, d’éirigh Captain Boycott as a phost agus d’fhill ar Shasana. As sin amach, úsáidtear an focal boycott go forleathan mar ainmfhocal agus mar bhriathar sa Bhéarla agus úsáidtear baghcatáil agus baghcat sa Ghaeilge.

(Eagarthóir: Alt spóirt é seo, a Choilm, nach cuimhin leat?)

Sea, is cuimhin liom, ach is é is cúis le mo chuntas stairiúil ná gur mian liom fréamhacha an fhocail a thabhairt don léitheoir óir is ceann de na focail is scanrúla agus is cumhachtaí sa Bhéarla nó sa Ghaeilge é “baghcat” i gcomhthéacsanna áirithe. Gluaiseacht dhomhandaAgus is é an comhthéacs ar gá dúinn aghaidh a thabhairt air anois ná go bhfuil gluaiseacht dhomhanda ar bun (agus ag bailiú nirt) chun brú a chur ar an lucht spóirt – idir chumainn, dhaoine aonaracha agus cheannairí domhanda – na Cluichí Oilimpeacha a bhaghcatáil. Beidh na cluichí ar siúl i mBéising ó 8 Lúnasa go 24 Lúnasa agus is cinnte gurb é an rud deireanach ar mhaith le lucht a n-eagraithe agus Rialtas na Síne caint a chloisteáil faoi ná baghcat.

Is éard is cúis leis an gcaint seo mar gheall ar bhaghcat a dhéanamh ar na cluichí ná an chos ar bolg atá á dhéanamh ag an tSín ar mhuintir na Tibéide le fada an lá (gan trácht ar an gcorraíl in Darfur agus in Burma, áiteanna ar chuir an tSín a ladar isteach sa scéal chomh maith) agus go mór mór an chaoi ar caitheadh le manaigh agus le Tibéadaigh eile le déanaí nuair a rinne siad agóid i gcoinne Rialtas na Síne lena míshástacht a chur in iúl faoina réigiún-na a bheith faoi dhlínse na Síneach.

Ní mór a rá nach n-aontaíonn a lán daoine le gníomh ar nós an bhaghcait i gcúrsaí spóirt. Creideann go leor daoine gur cheart go mbeadh spórt neamhspleách ar chúrsaí polaitíochta amach is amach agus nár cheart go mbeadh aon bhaint acu lena chéile.

Dheirtí é seo go minic san Afraic Theas nuair a cuireadh dlús faoin mbrú agus faoin bhfeachtas idirnáisiúnta a bhí ar siúl i gcoinne pholasaí agus réimeas na cinedheighilte. Bhí baghcat ar siúl i gcoinne rialtas na tíre sin ag mórán ceannairí agus rialtas agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ach d’ainneoin sin, lean foirne rugbaí – foireann na hÉireann agus The Lions ina measc – ar aghaidh ag taisteal chun na hAfraice Theas chun cluichí a imirt i gcoinne na bhfear geal. Ba é an dearcadh a bhí acu ná nár chóir spórt agus polaitíocht a bheith bainteach lena chéile in aon chor. Ach cheap daoine eile – cuid mhór imreoirí rugbaí ina measc – nárbh ionann “cúrsaí polaitíochta” agus an méid a bhí ar siúl san Afraic Theas sa chaoi is nach raibh cearta daonna bainte amach ag cuid mhór den daonra.

Polaitíocht

Ach céard is “polaitíocht” ann ar aon nós ach bealaí chun tír a rialú? Má chiallaíonn sé sin nach bhfuil cearta bunúsacha daonna á dtabhairt do dhaoine agus go bhfuil leatrom á dhéanamh ar phobal áirithe, nach ceart cur i gcoinne a leithéide? Baineann polaiteoirí úsáid – agus mí-úsáid, uaireanta – as spórt iad féin lena n-íomhá a chur chun cinn (tagann ról Hitler i gcluichí Oilimpeacha Bheirlín sa bhliain 1936 chun cuimhne). Cuireann eagraíochtaí spóirt sa tír seo, agus i dtíortha eile ar fud an domhain, fáilte mhór roimh na ceannairí polaitiúla – idir ríthe, bhanríona, uachtaráin agus eile – a fhreastalaíonn ar na hócáidí móra poiblí a eagraíonn siad. Má theastaíonn ó chumainn spóirt a bheith beag beann ar an bpolaitíocht, cén fáth a mbíonn siad an-sásta fáilte a chur roimh pholaiteoirí? Tá aireacht spóirt againn in Éirinn; léiriú inti féin is ea í gur mian le polaiteoirí ionchur a bheith acu ó thaobh chúrsaí spóirt de.

Is é freagra Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha, Jacques Rogge, ar an gcaint seo faoi bhaghcat a dhéanamh ná gurb iad na lúthchleasaithe a bheidh thíos leis má thagann an crú ar an tairne. Seans maith go bhfuil sin fíor agus bheadh trua agam do na lúthchleasaithe dá dtarlódh a leithéid dóibh. Ach nach measa ná cruachás an lucht spóirt é cruachás mhuintir na Tibéide, Burma agus Darfur? B’fhéidir go dtiocfadh le baghcat meon Rialtas na Síne a athrú agus bheadh sin thar barr. Ach ní gá go dtiocfadh sé chomh fada le lúthchleasaithe a bheith páirteach sa bhaghcat iad féin. B’fhéidir gur leor brú idirnáisiúnta a chur ar Rialtas na Síne (d’fhéadfaí baghcat ar shearmanais fhoirmiúla na gcluichí a bhagairt, mar shampla) chun go gcuirfear ina luí ar na Síneagh go mbeidh orthu caitheamh go cóir agus go cothrom leis na pobail atá faoina n-urlámhas.

Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

Tá tuilleadh anailíse le fáil sa rannóg "Ar na Saolta Seo" ar na Cluichí Oilimpeacha agus ar an aighneas idir an Tibéid agus an tSín . Más spéis leat í a léamh, tabhair cuairt ar alt Bhreandáin Delap agus ar alt Mhaidhc Uí Chathail.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.