CÚRSAÍ SPÓIRT
Easpa rannpháirtíochta sa spórt na ndaoine atá faoi mhíbhuntáiste
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Léirítear i dtuarascáil a foilsíodh le déanaí nach n-imríonn daoine atá ina gcónaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste oiread spóirt is a imríonn an dream a bhfuil oideachas maith faighte acu agus ioncam ard á shaothrú acu. Tá an tuarascáil léite ag Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
Íomhá
Tá ceangal idir an míbhuntáiste sóisialta agus easpa rannpháirtíochta sa spórt, dar leis an tuarascáil
Íomhá
Imríonn daoine spóirt aonair nuair a bhíonn siad níos sine
Íomhá

D’fhoilsigh an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) tuarascáil le déanaí faoi chúrsaí spóirt in Éirinn. An teideal atá ar an gcáipéisFair Play? Sport and Social Disadvantage in Ireland agus is duine darb ainm Peter Lunn an t-údar. Is tuarascáil an-tábhachtach í mar go ndéantar scrúdú inti ar an tionchar atá ag míbhuntáiste sóisialta (ioncam íseal agus easpa oideachais) ar rannpháirtíocht daoine i gcúrsaí spóirt in Éirinn.

Is é príomhfhoinse eolais an taighde ná “Survey of Sport and Physical Exercise” a rinneadh i measc 3,000 duine fásta in 2003. Seo iad príomhthorthaí an taighde:

Is beag seans go mbeadh daoine atá ar ioncam íseal agus a bhfuil easpa oideachais orthu páirteach in aon saghas spóirt. Baineann tromlach na ndaoine a imríonn spórt in Éirinn le grúpaí ardioncaim agus tá oideachas maith acu. Tá an caiteachas poiblí ar chúrsaí spóirt cúlaitheach, is é sin tá an dream is lú ioncaim ag soláthar an airgid chun áiseanna spóirt a chur ar fáil d’aicme níos saibhre. Tá sé ceart airgead poiblí a chaitheamh ar spórt in Éirinn ach is gá tosaíocht a thabhairt do pholasaithe spóirt atá fabhrach do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.

Tá trí cheist curtha sa tuarascáil:

Cé chomh tábhachtach is atá míbhuntáiste sóisialta maidir le rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt in Éirinn? Céard iad na toscaí atá taobh thiar den easpa rannpháirtíochta? Céard iad na himpleachtaí a bhaineann leis ó thaobh polasaithe spóirt?

Aithníonn an Stát ina chuid polasaithe gur cóir go mbeadh gach saoránach in ann bheith páirteach i ngníomhaíochtaí a nglactar leo mar ghníomhaíochtaí atá normálta i measc daoine i gcoitinne sa tsochaí. Tá imeachtaí spóirt i gceist i measc na ngníomhaíochtaí sin agus tagann siad i gceist faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta i gCoinne na Bochtaineachta agus an Eisiata Shóisialta.

Tagann spórt chun tábhachta freisin i gcás shláinte an phobail, an taithí scoile, obair dheonach agus “caipiteal” sóisialta (rannpháirtíocht, caidreamh, comhar na gcomharsan, etc.). Baintear leas as spórt chun daoine óga atá i dtrioblóid a tharrtháil ó dhrugaí agus mar sin de. Chaith an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta €113m in 2004 ar chúrsaí spóirt in Éirinn, i bhfoirm deontas den chuid is mó, le haghaidh foirgneamh agus áiseanna.ciste níos lú ná sin ag an gComhairle Náisiúnta Spóirt freisin le caitheamh ar chur chun cinn an spóirt agus ar scéimeanna áitiúla.

Deirtear sa tuarascáil go gcuirtear béim ar thábhacht spóirt ó thaobh sláinte de i mórán tíortha. Is taithí idirnáisiúnta é go mbíonn nasc idir míbhuntáiste sóisialta agus easpa rannpháirtíochta i gcúrsaí spóirt. Níl sin fíor i ngach tír, áfach, mar shampla, san Eilvéis. Deirtear gur éirigh le Ceanada agus an Fhionlainn an rannpháirtíocht a ardú trí pholasaithe ar leith a chur i bhfeidhm.

NeamhghníomhachFuarthas amach agus an tuarascáil á cur le chéile go bhfuil seans mór go mbeidh daoine ar ioncam íseal agus ar easpa oideachais neamhghníomhach i gcúrsaí spóirt agus suaitheadh coirp (ní théann siad ag siúl anois is arís, fiú). Is airde fá chúig an rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt i measc an 25% is saibhre agus ina measc siúd a bhfuil céim ollscoile acu.

Cé gur fíor go mbíonn níos mó fear ná ban páirteach i gcúrsaí spóirt agus go laghdaíonn imirt le haois, is láidre ná an dá thosc sin (gnéas agus aois) tionchar ioncaim agus oideachais ar an rannpháirtíocht, a deirtear sa tuarascáil. Tá sé le tuiscint go bhfuil oideachas níos tábhachtaí ná ioncam mar thosc a bhfuil tionchar aige ar rannpháirtíocht an duine i gcúrsaí spóirt ar feadh a shaoil. Mar léiriú air sin, tá cáilíocht 3ú leibhéal ag 43% de na daoine fásta a imríonn spórt in Éirinn inniu.

Maidir le míniú a thabhairt ar phríomhthorthaí na tuarascála, deineadh amach nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil níos lú suime acu nó níos lú foinn ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste a bheith rannpháirteach i gcúrsaí spóirt seachas mar atá i gcás aon dream eile.

Níl aon fhianaise ann ach oiread go mbaineann spóirt áirithe seachas a chéile le daoine ar ioncam íseal. I gcás sacair agus peile Gaelaí, mar shampla, samhlaítear go minic go mbaineann na cluichí sin le haicmí áirithe daoine atá ar ioncam íseal ach de réir na tuarascála tá ioncam níos airde ag tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin agus tá cáilíocht 3ú leibhéal ag 40% dá líon. Is cosúil go bhfuil seans níos mó nár imir daoine ar ioncam íseal spórt ar bith. B’fhéidir go mbaineann sin leis an gcostas a bhaineann le spórt a imirt, a deirtear sa tuarascáil.

D’imir tromlach den phobal (79%), thar gach aicme, spórt uair éigin – spórt foirne is mó i gcás daoine óga. Maidir le daoine fásta os cionn 30 bliain, aistríonn siad chuig spórt aonair go minic i ndiaidh dóibh bheith críochnaithe le spórt foirne. I gcás daoine ar ioncam íseal, áfach, éiríonn siad as an spórt ar fad de ghnáth. Tá baint ag costas leis seo toisc gurb iad na spóirt indibhidiúlacha is mó atá i gceist mar an snámh, an galf, an rothaíocht, leadóg agus suaitheadh coirp sa ghiomnáisiam.

Daoine a fhanann sa chóras oideachais níos faide, is minic a fhanann siad gníomhach i gcúrsaí spóirt agus imríonn siad níos mó ná spórt amháin de gnáth. Ní hiad na cáilíochtaí oideachais atá tábhachtach sa chás seo, ach dá mhéad ama a chaitheann duine sa chóras oideachais is ea is mó seans go leanfaidh sé/sí ar aghaidh ag imirt spóirt ar feadh a shaoil.

Tá tionchar ag ioncam íseal agus easpa oideachais ar ghnéithe éagsúla atá bainteach le spórt, is é sin imirt an spóirt, obair dheonach, ballraíocht i gcumann spóirt nó freastal ar ócáidí spóirt. I gcás scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste bíonn na deiseanna agus an rogha maidir le spórt teoranta. Os a choinne sin, bíonn buntáiste ag daltaí i scoileanna a bhfuil táillí ag baint leo.

ImpleachtaíDeirtear sa tuarascáil go bhfuil deich gcinn d’impleachtaí maidir le polasaithe an Stáit bainteach leis an spórt:

  1. Is gá aithint go bhfuil daoine faoi mhíbhuntáiste imeallaithe i gcomhthéacs spóirt agus go bhfuil impleachtaí aige sin ó thaobh bochtaineachta, sláinte, oideachais, obair dheonach sa phobal agus spórt sa tír é féin.

  2. Formhór an airgid a chaitear ar spórt sa tír seo caitear é ar áiseanna, agus faigheann cumainn spóirt an t-airgead (deontais agus araile) chun foirgnimh a thógáil. Is féidir a rá go bhfuil airgead á aistriú ó dhaoine ar ioncam íseal go dtí daoine ar ioncam ard tríd an gcóras. Bealach amháin a dtarlaíonn sé seo ná tríd an gCrannchur Náisiúnta – daoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais is mó a cheannaíonn ticéid chrannchuir ach is ar áiseanna, fhoirgnimh agus araile na gcumann gailf, seoltóireachta, rugbaí, cluichí Gaelacha is mar sin de a chaitear an t-airgead.

  3. Is gá polasaithe difriúla a chur chun cinn ionas go ndéantar freastal cóir ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste. Daoine atá go maith as a fhaigheann formhór an airgid faoi láthair.

  4. Is gá an t-airgead a chaitheamh ar theagmháil a dhéanamh le daoine nach n-imríonn spórt agus iad a chur ag imirt, seachas é a chaitheamh ar áiseanna breise.

  5. Tá gá le measúnú agus monatóireacht rialta a dhéanamh ar pholasaithe agus ar thorthaí na bpolasaithe, bunaithe ar an eolas is déanaí faoi rannpháirtíocht sa spórt.

  6. Is gá níos mó airgid a thabhairt do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt atá dírithe ar dhaoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais agus na comhpháirtíochtaí seo a fhorbairt tuilleadh.

  7. Is cóir don pholasaí spóirt a bheith dírithe ar aoisghrúpaí éagsúla agus ní ar ghasúir amháin laistigh den phobal atá faoi mhíbhuntáiste.

  8. Is gá díriú ar bhunscoileanna i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste toisc nach mbíonn aon bhaint ag cuid mhór de na gasúir sna scoileanna sin le spórt tar éis dóibh an scoil a fhágáil.

  9. Is gá an ceangal idir cumainn spóirt agus na daoine i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste a láidriú agus a spreagadh. Ní mór costas an spóirt a laghdú freisin.

  10. Daoine fásta nár imir spórt le fada ach a bhfuil fonn orthu tabhairt faoi chineál éigin rannpháirtíochta i spórt arís, is gá cabhrú leo bealach a fháil chun é a dhéanamh.

Is léir do dhuine ar bith gur tuarascáil an-tábhachtach í seo ón ITES agus go bhfuil dúshlán ann don rialtas agus don tsochaí Éireannach i gcoitinne. Ar bhealach níor chóir go gcuirfeadh torthaí na tuarascála seo aon ionadh orainn mar an té a bhfuil súil ina cheann aige feiceann sé gur sochaí dheighilte, éagothrom atá againn in Éirinn ó thaobh cúrsaí ioncaim, oideachais, sláinte, caighdeáin mhaireachtála agus mar sin de. I ngach réimse den saol in Éirinn sa lá atá inniu ann “labhraíonn” airgead, mar a deir an Béarla, agus mura bhfuil sé agat níl tábhacht leat agus níl cumhacht agat. Níl a fhios agam an athróidh an tuarascáil seo an staid sin in aon slí ach is cóir go n-athródh. Tá súil agam go n-athróidh, ach ní bheinn dóchasach.

Gearán mar gheall ar TG4Mar fhocal scoir san alt seo ba mhaith liom mo phort a athrú. Is minic TG4 molta agam as an tseirbhís spóirt a chuireann sé ar fáil do mhuintir na hÉireann ach tá cúpla gearán beag le déanamh agam. Ar an gcéad dul síos ní thuigim cén fáth go dtaispeántar athfhéachaint d’imreoirí ag tógáil poc saor nó cic saor agus cluiche á chraoladh. Is minic go gcailltear cuid den imirt dá bharr, go mór mhór san iomáint. Nach dtuigeann an stiúrthóir go leanann an cluiche ar aghaidh go tapa de ghnáth tar éis cúilín, go háirithe san iomáint? Tharla sé go minic agus cluiche ceannais choláistí na hÉireann á chraoladh le déanaí.

Gearán eile atá agam ná an nós atá ag tráchtairí áirithe imirt gharbh a chosaintleithscéal a dhéanamh dó. Tharla sé níos mó ná uair amháin le déanaí gur cáineadh an réiteoir de bharr carta buí nó dearg a bhronnadh ar imreoir. Sampla ná an uair a cuireadh John Carroll as Tiobraid Árann den pháirc i gcluiche iománaíochta i gcoinne Phort Láirge le déanaí. Bhí na craoltóirí mícheart ar fad, dar liom, nuair a cháin siad cinneadh an réiteora mar bhí sé soiléir (domsa ar aon nós) go ndearna John Carroll ionsaí fisiciúil, déanach lena ghualainn ar imreoir eile a bhí tar éis a sliotar a imirt gar don taobhlíne ar bhealach a bhí an-chontúirteach. Is cuma nár gortaíodh an t-imreoir a ionsaíodh; bhí an gníomh ann féin contúirteach agus níor chóir do na tráchtairí imirt gharbh, chontúirteach a chosaint, dar liom, ach a mhalairt.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.